Ár gcara Robert

CROBHINGNE: Tá ceacht le foghlaim ag lucht leanúna na hEorpa ó Robert Mugabe

CROBHINGNE:Tá ceacht le foghlaim ag lucht leanúna na hEorpa ó Robert Mugabe. Má tá toghchán nó reifreann le buachan agat, bí deimhnitheach de go mbuafaidh tú é.

Is dócha gur gairid uainn anois lucht stroirmthrúpaí na hEorpa ag cnagadh ar an doras lena gcuid barraí iarrainn ag áiteamh orainn an vóta ceart a chaitheamh an chéad uair eile. Tá slite acu le háiteamh orainn, tá a fhios agat.

Ní haon liobrálach dea-chroíach toil-an-phobail é Mugabe ar nós Berlusconi agus Sarkozy, gan amhras. B'fhada uaidh smaoineamh gur gá smacht iomlán a bheith aige ar an gcóras teilifíse is cumarsáide nuair atá an smacht sin cheana aige ar an tsráid. Agus tá an t-ádh leis go bhfuil a chuid naimhde le haithint go soiléir.

I gcás Mugabe tá a chuid naimhde braite go lánfhollasach aige san áit arb as dóibh, sa teanga a labhrann siad, sa chuma atá orthu, sa chúlra atá acu. Is fuar agus is fánach agus is faon a bheith ag caint mar gheall ar dhaonlathas in Zimbabwe, mar ní hann dó, agus ní féidir gurb ann dó mar a thuigimidne é tar éis na gcéadta bliain san Eoraip de shuathadh is de shóinseáil teorainneacha. Níl in Zimbabwe ach línte a tharraing an fear geal ar fhearann fáis na hAfraice, ach an oiread le formhór mór de thíortha na hilchríche sin.

READ MORE

Níl d'oidhre air ach dá dtiocfadh an tSín (abraimis) (is ag féachaint romham atáim) (ná bíodh pioc eagla ort) agus dá ngearrfaidis an Eoraip bheannaithe seo againn suas ina slisní císte ar nós mar a dheineamarna (Eorpaigh dheasa na CongóBheilge)san Afraic.

Cuir i gcás Nóihéime. Abraimis tír nua na Nóihéime. Smut den Ghearmáin, píosa den Pholainn, formhór Phoblacht na Seice, sciar den Ostair, stiall den tSlóváic, cá bhfios, méar den tSlóivéin, agus ionga den Ungáir. Dhéanfadh sin tír bhreá, gan amhras, fíormhaith do thurasóirí agus lucht bialanna a thriail, ach ní móide go bhféadfaí saoránaigh a mhealladh chun vóta a chaitheamh ar bhonn daonlathach agus polasaí.

B'shin é go díreach a dheineamarna (Eorpaigh dheasa na sclábhaíochta) ar fud na hAfraice. Scriosamar an dá mhíle is tuilleadh de thuatha, de ríochtaí, d'aonaid pholaitiúla a d'fhás as cúinsí na hAfraice nuair a leagamar (Eorpaigh shibhialta an chinedhíothaithe) cos ar chósta na mór-roinne sin. Tharraingíomar línte mar a dhéanfadh páiste ar chóipleabhar scoile nó meisceoir ar chanbhás iar-nua-aoiseach. Agus ansin dúramar (Eorpaigh dheasa na gcampaí géibheann ina bhfuair na mílte gan áireamh bás), bíodh daonlathas agaibh! Nó, bíodh daonlathas agaibh nó is sibh is measa!

Ach ní féidir daonlathas a bheith in Zimbabwe, daonlathas mar a thuigimidne é. Dhá pháirtí pholaitiúla atá ann a bhfuil ainmneacha breátha intuigthe acu. Zanu-PF agus MDC, nó Movement for Democratic Change. Is cuma iad nó an SDLP, ar páirtí náisiúnach Éireannach atá iontu, ach nach mian leo é sin a admháil.

Lipéid bhreátha a bhfuil dath an daonlathais orthu, ach a bhfuil bunús na treibhe nó an chine leo. Baineann páirtí Mugabe go bunúsach leis an Shona agus a gcuid comhghuallaithe; agus baineann páirtí Tsvangirai leis an Matabele/Ndebele agus a gcuid comhghuallaithe siúd.

An féidir linn an méidín beag simplí sinn a thuiscint? Is treise ná Fianna Fáil féin an vóta a chaithfidh daoine ar son a gcuid fola is sinsearachta. Is ag vótáil ar son a náisiún féin atá muintir na hAfraice, is é sin, ar son an náisiún a bhí ann roimh theacht na nEorpach.

Dá réir sin, cad a tharlóidh má thoghtar Tsvangirai i gcumhacht? Ní bheidh ann ach an t-áilleagán intrigh céanna timpeall agus ar ais. Cuirfear na Matabele sa solas isteach; agus fágfar na Shona san doircheántacht lasmuigh.

Fáiscfidh siad ar an bhfreasúra mar a fáisceadh orthu. Buailfear buillí iarrainn na Matabele ar an doras mar a bhuailtí buillí iarrainn an Shona. Fillfidh an fáinne fí fill go heireaball timpeall. Níl aon chiall le daonlathas na hAfraice.

Tá na guthanna amuigh ag iarraidh orainn (An Eoraip dhaonlathach a dhein gabháltas ar dhaonshocruithe na hAfraice) ár gcuid ladhar agus ár gcuid gunnaí agus ár gcuid tuiscintí a chur i bhfeidhm ar an uafás arb é riail Mhugabe é. Ní féidir é sin a dhéanamh. Is é an beartas is fearr is féidir leis an Eoraip a dhéanamh maidir leis an Afraic ná imeacht go dtí an Mol Thuaidh agus fanacht ann; nó neachtar acu, ligean do mhuintir na hAfraice léarscáil a gcuid tuisceana agus tíreolais féin a bhreacadh gan beann ar an gcuid eile againn.