Beidh áiseanna ag na gardaí agus na grúpaí eile a hargóintí faoi phá a chur chun cinn, arsa Kenny

Tá na cainteanna ar siúl agus na téarmaí á iniúchadh ag an ceardchumainn agus déanfaidh siadsan suas a n-aigne go luath…

Tá na cainteanna ar siúl agus na téarmaí á iniúchadh ag an ceardchumainn agus déanfaidh siadsan suas a n-aigne go luath

Dúirt an Taoiseach go mbeidh áiseanna ann a thabharfaidh seans do na gardaí agus grúpaí eile a shiúl amach as na cainteanna phá a chuid argóintí a chur chun cinn.

Bhí Enda Kenny ag freagairt ceisteanna ó cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil le linn “Ceisteanna na gCeannairí” a bhí as Gaeilge inné chun Seachtain na Gaeilge a mharcáil.

Dúirt an tUasal Martin go raibh baill i measc An Garda a bhí i gcruachás maidir lena morgáistí a íoc mar gur chuir siad na préimh íocaíochtaí san áireamh mar chuid dá gcroíphá do na bainc.

READ MORE

“Tá siad go hiomlán míshásta leis an margadh is déanaí atá le fáil ó chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.”

Ní raibh spiorad na ngardaí riamh chomh híseal agus atá sé anois,” a dúirt an tUasal Martin.

Dúirt sé freisin nach raibh sé cóir in aon chor gur dhéin an Rialtas “margadh speisialta” sna cainteanna do na hoifigigh príosúin agus na comhraiceoirí dóiteáin gan aon rud a dhéanamh le h’aghaidh na gardaí.

“Gheobhaidh na hoifigigh príosúin ráta dúbailte ar an Domhnach, ach ní gheobhaidh na gardaí an ráta céanna.”

Cé go ndúirt an Taoiseach nach ceardchumain a bhí sa GRA na Cumann na Sáirsintí, duirt sé gur chuir na ceardchumainn a d’fhan istigh sna comhráití béim ar íocaíochtaí deireadh seachtaine.

“Ag éirí as na díospóireachtaí sin, níor ghlacadh leis an moladh a chuir taobh na bainistíochta ar an mbord agus laghdaíodh an gearradh siar a bhí i gceist,” a dúirt an tUasal Kenny.

Téarmaí

“Tá na cainteanna ar siúl agus na téarmaí á iniúchadh ag an ceardchumainn agus déanfaidh siadsan suas a n-aigne go luath,” a dúirt an Taoiseach

“Má ghlactar leis an comhairle agus leis an páipéar ón gcoimisiún, beidh na téarmaí sin i gceist do gach éinne thar an seirbhís poiblí ar fad.”

Duirt an tUasal Kenny go raibh ceart ag an tAire Brendan Howlin gan bualadh le baill de na gardaí chun an chomhaontu nua a phlé.

“Céard a déarfadh na ceardchumainn a d’fhan istigh ag na díospóireachtaí dá mbuailfeadh an tAire leo siúd nár fhan istigh?”

Agus é ag freagairt ceisteanna ó TD neamhspleach Mattie McGrath, ar son an ghrupa theicniúl, dhiultaigh an tUasal Kenny an argóint nach raibh aon aghaidh tugtha ar na rátaí pá is airdre sa seirbhís poiblí sa chomhaontu nua.

“Séard atá i gceist ná go mbeidh iad siúd a bhfuil an méid is mó acu ag íoc an méid is mó. Sin an fáth go bhfuil an gearradh siar suas go 10 per cent dóibh siúd atá ag fáil níos mó ná €180,000 mar thuarastal,” a dúirt an tUasal Kenny.

“Tá a fhios ag an Teachta nach dtosaíonn an gearradh siar ar phá ach ar thuarastail atá níos mó ná €65,000. Tosaíonn an gearradh siar ar 5.5 per cent agus éiríonn sé chomh hard le 10 per cent.”

Ag freagairt cheisteanna ó cheannaire Shinn Féin Gerry Adams faoi cháis na bainteoirí móna, duirt an Taoiseach nach raibh aon iarracht déanta ag an iar-rialtas ar feadh 13 bhliain an scéal a réiteach.

Bhí sceim Rialtas ann le €3.5 miliún a chur ar fail i gcomhair na bainteoirí, a dúirt sé.

Arthur Beesley

Arthur Beesley

Arthur Beesley is Current Affairs Editor of The Irish Times