Cloiseann Coiste Oireachtais go bhfuil an Ghaeilge sna Gaeltachtaí i mbaol mar theanga dhúchasach

‘Níl a thuilleadh cainte ag teastáil. Tá an taighde déanta,’ a duirt sí

Éamon O Cuiv: “S’é mo bharúil nach mairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga naisiunta.”

Éamon O Cuiv: “S’é mo bharúil nach mairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga naisiunta.”

 

Gníomhartha atá ag teastáil anois ní caint ná tuairiscí chun todhchaí na Gaeilge a shealbhú, a dúirt iriseoir agus ionadaí pobail le fochoiste Oireachtais ar an Máirt.

Tá Sorcha Ní Chéilleachair bainteach le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Grúpa é atá i mbun feachtais chun áiseanna agus tacaíochtaí cúi a chur in áit chun an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga dhúchasach.

“Níl a thuilleadh cainte ag teastáil. Tá an taighde déanta,” a duirt sí.

“Má tá ocras ar leanbh ní haon mhaith a bheith ag caint faoi: caithfear an leanbh a bheathú,” dar léi.

Bhí sí ag caint ar an Máirt ag Fo-Choiste Speisialta Oireachtais ar an Stráitéis Teanga 20 Bliana. An t-ábhar a bhí faoi chaibidil ná Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaioch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011.

Dar leis an údar Conchúr ÓGiollagáin tá an teanga sna Gaeltachtaí i ngéarchéim agus ní úsáidfear í mar theanga laethúil faoin mbliain 2025, muna bhfuil cur chuige láidir ón rialtas. Ceann de na moltaí a chur sé chun cinn ná Coimisiún Éigeandála a bhunú chun dul i ngleic leis an gcreimeadh.

Bhí eagrais Gaeilge ós cómhair an Choiste inniu chun an tuairisc a phlé. Ina measc bhí Údaras na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna Teoranta, agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Dúirt Ní Cheilleachari más duairc agus éadóchasach an scéal faoi láthair, is nIos duairce agus níos éadóchasaí a bheas sé má bhíonn easpa gníomhartha.

Tá an t-Údarás i bhfeighil pleanáil teanga. Dúirt an príomh-fheidhmeannach Steve Ó Cúláin leis an gCoiste go raibh dúshlán mór ann chun aidhmeanna an Stráitéis Teanga 20 bliana a chur chun críche.

Dar le Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge, léirigh an Tuairisc an phráinn a bhí i gceist. Chreid sé go raibh sé indéanta an Ghaeltacht a shábhaíl.

Ach dar leis, níl an toil pholaitiúil ann faoi láthair. “Níl Aire Gaeltachta buan againn agus níl guth againn ag an Rialtas,” a dúirt sé. Mheabhraigh sé chomh maith go raibh maoiniú an Údaráis gearrtha go géar le roinnt bhlianta anuas.

Mhaígh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin) gur náireach an scéal é ce chomh annamh is a bhí an Coiste ag teacht le chéile. Mheabhraigh sé an t-easpa “buy-in” agus cheistigh sé an mbeadh sé níos fearr déanamh réidh leis an Straitéis agus chur chuige nua a chur inn áit.

Dúirt an Teachta Éamon O Cuiv (Fianna Fáil) go raibh sé soiléir do aon dune ag cónaí sa Ghaeltach go raibh dúshlán mór ann.

“S’é mo bharúil nach mairfidh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga naisiunta,” a dúirt sé.

Ghlac Teachtaí Sean Kyne (Fine Gael) agus Robert Dowds (Lucht Oibre) páirt sa díospóireacht chomh maith leis an Seanadóir Fiach Mac Conghail. B’é Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil) a bhí mar chathaoirleach.

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltacht Áine Ni Ghallachair leis an gcoiste go mba fhearr a bheith cúramach gan an Ghaeilge “a chur i gcré na cille sula bhfuil sí básaithe”.

Dúirt sí go bhfuil a lán daoine óga ag caint Gaeilge lena bpáistí agus nach raibh sé ró-mhaih nuair a bhí daoine ag caint go síoraí faoi bhás na Gaeilge.