Plá thostach rúnda í an féinmharú

Níl pobal sa tír, beag nó mór, nach bhfuil buailte go dona de bharr féinmharaithe.

Níl pobal sa tír, beag nó mór, nach bhfuil buailte go dona de bharr féinmharaithe.

Is beag tuismitheoir a bhfuil ógánaigh dá gcuid féin acu nach mbíonn ag imní in am éigin faoi, mar is fir óga is mó a dhéanann an cinneadh dothuigthe seo.

Sna figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomhoifig Staidreamh anuraidh, chuir 439 fear agus 86 bean lámh ina mbás féin agus bhí a bhformhór idir 15 agus 44 bliain d’aois.

Sa bhliain chéanna a maraíodh 186 de bharr timpistí bóthair agus tá a lán daoine den tuairim go bhfuil feachtas agus údarás ar nós an Údarás Sábháilteachta Bóthar (RSA) de dhíth le dhul i ngleic leis an bplá seo.

READ MORE

Plá chiúin thostach rúnda is ea é agus dá bharr sin is minic go mbíonn sé deacair méar a leagan ar chúis. Le tamall de bhlianta tá méar an mhilleáin á shíneadh le cúrsaí eacnamaíochta ach is le linn na 1990í agus an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime a tháinig an méadú is mó, méadú 50 faoin gcéad.

I bhfianaise a bhfuil feicthe againn de chásanna ardphróifíle le roinnt míonna sílim go bhfuil an réiteach sin róshimplí ar fad.

Níl aicme nó gairm nach bhfuil i gceist: polaiteoir aitheanta, sagart, laochra spóirt, déagóirí meánscoile agus, cinnte, roinnt daoine a raibh deacrachtaí airgid acu.

Tharraing cásanna cibearbhulaíochta sa tír seo agus i gcéin an t-uafás poiblíochta gearrthéarma ach ansin, mar a tharlaíonn leis an rothlú nuachta, chuaigh na scéalta i léig.

B’fhéidir gurb amhlaidh is fearr dá dteaghlaigh chroí-bhriste. Nílim ag rá nár cheart iad a thuairisciú ach ní mór a bheith cúramach faoi conas a dhéantar sin ionas éifeacht na haithrise a sheachaint.

Níl aon amhras ach go ndéantar aithris agus go bhfuil dualgas dá bharr sin conas a dhéantar cur síos ar chuile chás.

Tá líne an-tanaí idir an-iomarca tuairiscithe agus gan dóthain cainte a dhéanamh faoin mbeart áirithe seo.

Tá an gnáthdhuine míchompordach leis mar ábhar, faitíos orthu go gcuirfidh siad leis an méid atá á fhulaingt ag teaghlaigh.

Ar an ábhar sin is beag polaiteoir a chloisfidh tú ag caint faoi i dTeach Laighean. Tá cion fir déanta ag an Teachta Dan Neville sa Dáil agus mar uachtarán ar Chumann Eolaíochta an Fhéinmharaithe in Éirinn ach is glór aonair é.

Tá an chuid eile acu míchompordach leis mar ábhar. Tharraing an t-iar-Theachta Jim McDaid raic sa mhullach air féin nuair a dúirt sé gur bheart leithleach é féinmharú.

Ar ndóigh, mar dhochtúir teaghlaigh bhí taithí na mblianta ag an Uasal McDaid ar an dá thaobh den scéal achrannach seo. Is ag caint faoin anró agus an croíbhriseadh a leanann a leithéid de ghníomh a bhí sé. Ach b’éigean dó leithscéal a ghabháil.

Fadó, ar ndóigh, bhí an Eaglais Chaitliceach míthrócaireach faoi.

Ní raibh cead Aifreann na Marbh a rá don té a thóg a bheatha féin nó fiú an duine a chur i reilig choisricthe. Is as sin a d’fhás an tost mór agus an stiogma faoin ábhar.

Níl sin i gceist anois. Glacann an Eaglais leis go mbíonn a lán cúiseanna i gceist agus go bhfuil slánú in ann don duine ciaptha.

Faraor, áfach, tá an tost agus an rúndacht fós ansin. Cuirtear Aifreann le hanam an duine ach is annamh a phléitear cúis a mbáis. Bíonn chuile dhuine, idir chléir agus phobal, drogallach aon rud a rá ar fhaitíos go gcuirfidh sé isteach ar an gclann dobhrónach.

Is ceart ar ndóigh saol agus saothar an té atá marbh a cheiliúradh agus a mholadh. Ach, le cead an teaghlaigh, b’fhéidir gur cheart go ndéarfaí freisin nach ndearna siad rogha mhaith.

Tá sin iontach tábhachtach anois mar go bhfuil daoine óga ag breathnú air mar rogha mhealltach. Síleann siad go bhfuil “glam” ag baint leis agus tá sin iontach soiléir ó na teachtaireachtaí a chuireann siad ar na meáin shóisialta.

Nuair a mharaigh cailín óg, laoch spóirt áitiúil, í fein bhí an tsiosarnach sin ar siúl ag na cairde sna meáin chéanna.

Labhair a traenalaí fúithi ag an Aifreann, mhol sé go hard na spéire a raibh bainte amach aici.

Mheabhraigh sé ansin go ndearna sí rogha a bhí mícheart, rogha nach raibh aon teacht uaidh. “Ní bheidh sí ag filleadh,” a dúirt sé agus é ag díriú a chuid cainte go háirithe ar a cuid cairde. Bhí fonn ar gach uile thuismitheoir a bhí i láthair bualadh bos a thabhairt dó.

Tá níos mó ná sin de dhíth, áfach. Caithfidh an Rialtas tabhairt faoin gceist. Ní haon mhaith airgead a chur ar leataobh le haghaidh seirbhísí meabhairghalar agus ansin é a úsáid chun farasbarr i réimsí sláinte eile a ghlanadh mar a tharla anuraidh.

Má ghníomhaíonn siad anois, ar ndóigh, déarfar gur toisc gur tháinig an t-anró seo fad leo féin le bás an Aire Stáit Shane McEntee. Is cuma céard a spreagann iad, tá buiséad imfhálaithe agus straitéis lena chur i gcrích de dhíth go pras.

Ní mór córas cabhrach a mbeidh teacht go héasca air a chur ar bun agus cé go bhfuil eagraíochtaí deonacha ar nós Pieta House ag iarraidh seirbhísí a sholáthar, níor cheart go bhfágfaí fúthu amháin é.

Luíonn an cúram agus an fhreagracht sin ar an Rialtas agus an córas sláinte poiblí.