Lincoln agus saoradh na sclábhaithe

Agus 12 ainmniúchán Oscar ag scannán ar a shaol agus Daniel Day-Lewis á léiriú, is cinnte go mbeidh Abraham Lincoln agus a ról…

Agus 12 ainmniúchán Oscar ag scannán ar a shaol agus Daniel Day-Lewis á léiriú, is cinnte go mbeidh Abraham Lincoln agus a ról i gcealú na sclábhaíochta i mbéal an phobail go cionn tamaill.

Ach ní beathaisnéis atá déanta ag Steven Spielberg i Lincoln ach athchruthú an fheachtais ar an 13ú Leasú ar Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, an leasú a chuir cosc ar an sclábhaíocht, a seoladh fríd Theach na nIonadaithe i vóta cinniúnach ar 31ú Eanáir, 1865.

Tá easpa mhór sa scannán ar ndóigh, easpa aghaidheanna dubha. Ní raibh fear dubh ar bith i dTeach na nIonadaithe nuair a vótáil siad 119 go 56 ar son an leasaithe ach chuaigh ceannairí dubha Mheiriceá go mór i bhfeidhm ar smaointeoireacht Lincoln, Frederick Douglass ach go háirithe. “Níl barúil duine ar bith sa tír ar thábhachtaí liom í ná do cheannsa,” arsa Lincoln leis tráth.

Iarsclábhaí a bhí in Douglass a d’éalaigh go hoirthuaisceart Mheiriceá.

READ MORE

Ainneoin gur éirigh leis teitheadh ón sclábhaíocht, níor mhothaigh Douglass sábháilte i Meiriceá agus, cionn is go raibh aiste le Richard Brinsley Sheridan léite aige agus é 12 bliain d’aois, cionn is gur chuidigh oibrithe Éireannacha leis agus é ar a sheachnadh agus cionn is gur chuala sé gur dhaoine iad na hÉireannaigh – dála a chine féin – a bhí ag iarraidh saoirse a bhaint amach dóibh féin, chinn sé ar theacht go hÉirinn.

B’ansin a bhuail sé le Daniel O’Connell, fear a bhí dáiríre in éadan na sclábhaíochta (rud nár thaitin leis na Young Irelanders, ach sin scéal eile). Ba mhór an tógáil croí a fuair Douglass nuair a tháinig sé i dtír i mBaile Átha Cliath. Don chéad uair ina shaol, pléadh leis mar fhear agus ní mar earra, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm air. Bhain sé deora as chomh cineálta is a bhí na hÉireannaigh, bíodh siad i mBéal Feirste nó i Luimneach agus b’ábhar iontais dó go raibh daoine chomh flaithiúil agus saol chomh dearóil sin acu féin ag tús an Ghorta Mhóir.

Thóg Frederick £237 i Sasana agus £116 i mBaile Átha Cliath lena shaoirse dhleathach a cheannach agus chuaigh ar ais go Meiriceá, a thaithí ar Éirinn agus na ceachtanna a d’fhoghlaim sé ag O’Connell á spreagadh go dtí go raibh sé ar na daoine dubha ba thábhachtaí i Meiriceá.

Agus d’imir Douglass tionchar mór ar Lincoln. Cháin sé go minic agus go géar é.

Mar shampla, bhí plean á bheartú ag an uachtarán daoine dubha a sheoladh go Haiti i ndiaidh an chogaidh, rud a chuir alltacht ar Douglass.

Is éigean a rá nach raibh an taithí chéanna ag gach duine in Éirinn is a bhí ag Douglass.

Mar a dúirt Robert Purvis, a bhunaigh an American Anti-Slavery Society agus a bhuail le O’Connell i dTeach na dTeachtaí, Westminster: “The foulest and bitterest enemies of freedom and the black man are countrymen of the great Liberator.”

Leoga, bhí an ciníochas forleathan i measc na nÉireannach, taobh istigh agus taobh amuigh d’impireacht na Breataine. Ar na heachtraí ba mheasa, bhí Círéibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac nó the New York Draft Riots a thit amach 150 bliain i mbliana, i mí Iúil, 1863.

Spréigh an Páirtí Daonlathach eagla i measc na n-imirceach go raibh a bpostanna i mbaol dá bhfaigheadh na milliúin duine dubh a saoirse agus iad a theacht aneas trasna na líne Mason-Dixon go leithéidí Nua-Eabhrac agus Bostún agus iad sásta pá níos lú a ghlacadh.

Bhíothar ag baint úsáide as daoine dubha mar bhristeoirí stailce cheana agus nuair a bhí an coinscríobh le teacht isteach chun cuidiú le fórsaí an Tuaiscirt troid in éadan arm na cónaidhme, chreid na hÉireannaigh bhochta go mbeadh orthu dul chun catha le go bhfaigheadh daoine dubha a jabanna.

Ba é an lasair sa bharrach é. Ar 13ú Iúil 1863, thosaigh an chíréib ab fhuiltí riamh i Nua-Eabhrac, Éireannaigh sa chuid is mó ag ionsaí daoine dubha, ag loisceadh dílleachtlainne lena linn.

Meastar go raibh 70,000 léirseoir ar shráideanna na cathrach agus rinneadh rudaí uafásacha do dhuine ar bith a sheas ina mbealach. Crochadh daoine dubha ar chrainn nó ar lóchrainn shráide. Ciapadh póilíní.

B’éigean do Lincoln trúpaí a chur ó Gettysburg leis an trioblóid a stopadh ach ghlac siad 24 uair an chloig sula raibh siad ábalta an drong a chloí.

Sa deireadh, meastar go bhfuair tuairim is 2,000 duine bás sna círéibeacha. Céad go leith bliain níos moille agus tá iarracht á dhéanamh amharc siar ar na caidrimh idir daoine dubha agus Éireannaigh agus dhá imeacht ar a laghad le tarlú i mbliana.

Beidh siompóisiam ar siúl i New Bedford, Mass, an tseachtain seo chugainn a dhéanfaidh iniúchadh ar an dóigh a ndeachaigh smaointe Frederick Douglass agus Daniel O’Connell i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí cearta daonna ar fud an domhain.

Tá an ócáid á reáchtáil ag an Frederick Douglass/Daniel O’Connell Project a bhfuil sé d’aidhm aige tuigse níos fearr a chruthú idir diaspora na hÉireann agus diaspora na hAfraice.

Táthar ag beartú fosta ócáid chuimhneacháin agus athmhuintearais a reáchtáil i mí Iúil 2013 le ceachtanna Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac 150 bliain ó shin a phlé.

* Is eagarthóir Gaeilge an Irish News é Robert McMillen