Gá le hathruithe sa chóras parlaiminte

 

DAONLATHAS IN ÉIRINN:Bhí an Ceann Comhairle ag labhairt ag ócáid speisialta a reáchtáladh in onóir do na Teachtaí a bhí i láthair ag an chéad chruinniú de Dháil Éireann san áit chéanna, 90 bliain is an lá inniu.

Comhshuí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann a bhí ann agus dúirt an Ceann Comhairle go raibh an ócáid “ina beart ómóis do na parlaiminteoirí sin a ghlac na chéad chéimeanna chun ár gcóras daonlathach nua-aimseartha a bhunú”.

Thug sé a thacaíocht phearsanta do na hiarrachtaí a bhí ar bun chun na rialacha parlaiminte a leasú ionus go gcuirfeadh an gnáthphobal níos mó spéise sa mhéid a bhíonn ar siúl i dTeach Laighean. Ba é a thuairim féin go mbeadh na baill den Chéad Dáil i bhfabhar na n-iarrachtaí céanna.

Eachtra an-tábhachtach i stair na tíre dob ea an chéad chruinniú den Dáil, dar leis an Taoiseach, Brian Cowen: “Smaoinímid anois ar bhaill an 30ú Dáil agus an 23ú Seanad Éireann, ar na daoine cróga, misniúla, éirimiúla sin a chuir tús leis an daonlathas nua-aimseartha in Éirinn.”

Chuir sé fáilte speisialta roimh “na hionadaithe tofa ó thrasna na Teorann”, ina measc an Leas-Chéad Aire Martin McGuinness (Sinn Féin) agus Mark Durkan, Ceannaire an SDLP.

“Tá na páirtithe polaitíochta ar fad sa lá atá inniu ann go mór faoi chomaoin acu sin a bhunaigh an Chéad Dáil agus a thug anuas chugainn an pharlaimint dhaonlathach a bhfuil sé d’onóir againn bheith páirteach inti faoi láthair,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, go raibh sé ráite faoi bhaill na Chéad Dála gur “pholaiteoirí tré thimpiste” iad ach, ar shlat tomhais ar bith, gur ghlúin ar leith iad a bhunaigh agus a chothaigh ár n-institiúidí daonlathacha. Thug sé moladh do cheannairí ar gach taobh – “Cosgrave and de Valera, Lemass and Mulcahy, McGilligan, MacEntee and Tom Johnson”. Ba chóir cuimhne a dhéanamh go bródúil ar gach duine acu, a dúirt sé: “Glacaimis misneach as a gcuid luachanna agus an tír á deighilt anois le laethanta chomh deacair agus chomh míshocair agus a bhí againn riamh.”

Chuir Ceannaire an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, i gcuimhne dá chomhtheachtaí a stairiúla is a bhí an seomra ina raibh siad ina suí: “Ar an láthair stairiúil seo, deineadh an réabhlóid a dhaonlathú. Den chéad uair, i stair na hÉireann, leagadh síos clár oibre polaitiúil chun an réabhlóid a thabhairt chun foirfeachta.

“Bhí an Clár Daonlathach i measc ornáidí na Chéad Dála. Clár a scríobh Tom Johnson, Ceannaire an Lucht Oibre ag an am. Agus labhraíonn na prionsabail a shoilsíonn an clár sin fós dúinn sa lá atá inniu ann – Saoirse, Ionannas agus an Ceart don uile dhuine – rosc daonlathach dúinn, oidhrí na Chéad Dála.”

Dúirt an tAire Comhshaoil John Gormley, Ceannaire na nGlasach: “Is minic agus mé ag léamh stair na tíre seo gur rith sé liom go raibh misneach agus fís ag na fir agus an t-aon bhean amháin (Countess Markievicz) a sheas sa seomra seo 90 bliain ó shin.

“Ritheann sé liom freisin, cé go raibh siad ag cogaíocht le himpireacht Shasana ag an am, go raibh siad sásta mar sin féin an córas riaracháin agus parlaiminte a bhí acu san a ghlacadh acu féin. Bhí siad idéalach agus praiticiúil ag an am céanna.”

Dúirt ceannaire parlaiminte Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghín Ó Caoláin, gur chuí gur tháinig “muid le chéile inniu chun an lá sin a chomóradh. Ach ní comóradh amháin atá ann. Tá dualgas orainn obair an lae sin a leanúint lenár linn féin. Ní féidir na cáipéisí ar glacadh leo ar 21ú lá d’Eanáir 1919 a léamh gan a rá go soiléir: “Tá daonlathas náisiúnta fós le bhaint amach in Éirinn. Tá tír agus pobal le hathaontú. Agus fiú 90 bliain ar aghaidh níl an Clár Oibre Daonlathach curtha i bhfeidhm”.”

Lean sé leis: “Níl sé mar obair againn na ceisteanna sin a phlé go mion inniu ach ní féidir an Chéad Dáil Éireann a chomóradh gan an fhírinne a rá faoi shochaí na hÉireann lenár linn. Is fíor freisin nár cuireadh i bhfeidhm cuspóirí na Poblachta ó thaobh na Gaeilge de. Ba i nGaeilge a rinne an Chéad Dáil a cuid oibre ar an chéad lá sin.

“Caithfear a admháil nach bhfuil an Dáil agus an Seanad ag tabhairt na ceannaireachta ba chóir. Is le pobal na Gaeilge an cheannaireacht san obair chun an teanga a chothú agus molaim iad as an obair sin. Ba chóir go mbeadh sé mar rún againn inniu teanga na Chéad Dála a chur ar ais ina háit cheart mar teanga náisiúnta na hÉireann.”