Tobar na Cuimhne

Is ea, níor chan an ceamara bréag.

John Hume i nDoire i 1972. Grianghraf: Jimmy McCormack/The Irish Times

John Hume i nDoire i 1972. Grianghraf: Jimmy McCormack/The Irish Times

 

I leataoibh ón gcomóradh ar bheatha John Hume tar éis a bháis agus na moltaí mórthuillte a lean, bhí de mhaitheasaí ar imeall na slí gur mhúscail sé cuimhní agus faisnéis mar gheall ar na blianta stairiúla sin ó na seascaidí i leith a bhí nach mór imithe i ndíchuimhne ag a lán, nó a bhí gan solas riamh ag dream níos óige.

Ní foláir nó gur mhór an éachtaint dá lán na pictiúir sin dubh agus bán ar mháirseálacha, ar mhórshiúlta, ar ruathair na bpéas, ar urchair ruibéir Arm na Breataine, go deimhin, ar éilimh chomh réasúnta sin go rachadh de dhuine ar bith a thuiscint cad ar a shon nach nglacfaí leo.

Thar aon ní eile, léirigh sé an stuaic dhaingean a bhí i measc an phobail Oráistigh agus na Rialtas Briotanacha de gach dath gan oiread is frigh d’orlach a ghéilleadh go dtí gur cuireadh d’fhiacha orthu sin a dhéanamh.

Is ea, níor chan an ceamara bréag. As measc na múrtha moltaí, áfach, níor tugadh an aird chéanna ar na feachtais ghránna in aghaidh an duine uasail, feachtais a thuismigh i bhfad siar leis an mbunaíocht i Londain a scaip an scéal gur fronta Cumannach ba ea Gluaiseacht na gCearta Sibhialta, agus gur sciob Hume é féin airgead a bhí ag dul dóibh.

Níos measa fós ba ea an síorcháineadh binbeach a fuair sé ó chuid de na meáin abhus, go háirithe nuachtán nótálta amháin a lean seachtain ar muin seachtaine á dhaoradh, á dhamnú, á ghearradh, á chreachadh go dtí mar bhuaic aisithe gur fhoilsigh siad cartún de agus an chuma air go raibh fuil ar sileadh óna lámha. Bheifeá ag súil go ngabhfadh siad leithscéal as an iompar maslach seo. Bheifeá ag súil…

Bhí sin go holc agus bhí sin go gránna, ach nimh sa bheo ba ea cuid de na ráitis ó lucht cogaidh agus ó mhangairí an bháis a bhí á mholadh mar fhear síochána. Chuaigh greamaithe mar chnámh im scornach agus mar smuga searbhsmaoiseach im sceadamán na focail mhóra mholta a tháinig ó Bhill Clinton agus ó Thony Blár Cogaidh ag cuimilt meala le cuimhne dhuine a chaith a shaol ar son na síochána suas is anuas leo féin a bhain taitneamh thar meon as buamaí a leagadh mar fhras go pras anuas ar dhaoine i bhfad ó bhaile i dtíortha aineoil nach n-aithneodh siad ar an léarscáil.

Ceart go leor, dhein Clinton a chion chun tabhairt ar na Sasanaigh an fhadhb ina banríocht neamhaontaithe féin a thabhairt faoi deara. Sa mhéid sin, lean sé bóthar na cainte ar shála Hume. Ní féidir a amhlachas céanna a rá mar gheall ar ar chaith sé leis an tSomáil (‘Cén fáth a labharfaí le Mohammed Farrah Hassan Aidid? Tiarna cogaidh ar nós Crazy Horse nó Aodh Rua Ó Domhnaill!’), agus fágaimis na diúracáin chrúsála siúd mar atá siad go fóill.

Sampla níos crithchraicní fós is ea an Blár Cogaidh agus a ghiolla (nó a leathbhádóir, nó a mháistir) Alasdair an Chambhéil. Cúig huaire a d’fhógair siad trúpaí na Banríochta chun cogaidh lena linn a mbeirt, an méid ba mhó feachtas fola riamh ag príomhaire ar bith i stair an stáit thoir uainn.

Deirtear go mbeadh an áirithe seo daoine beo murach John Hume, rud atá fíor. Bheadh an áirithe eile fós beo faoi cibé uimhir is mian leat is féidir a shamhlú murach Clinton agus Blair agus Campbell.

B’ait an feic é, lucht cogaidh ag moladh na síochána.