‘Déanaim ainilís tar éis na scrúdaithe’

Student diary: ‘Ceapaim gur aontaigh formhór na tíre liom faoin Mata’

Go dtí tús na scrúdaithe chaith mé thart ar sé uair an chloig in aghaidh an lae ag staidéar. Théinn ag staidéar sa leabharlann mar nach mbíonn aon rud ag cur isteach orm ansin. Bíonn sé ciúin agus chomh maith leis sin, úsáidim iPad chun mo chuid oibre a dhéanamh agus tá Wifi acu ann.

Tá an timpeallacht fabhrach chun staidéar a dhéanamh. Bhíodh roinnt cairde ann freisin agus dá mbímis i bponc maidir le haon cheist bhímis in ann í a phlé lena a chéile.

Táim sásta go leor leis na scrúdaithe go dtí seo. Nuair a thosnaigh an scrúdú Béarla, cheap mé gur páipéar féaráilte a bhí ann ach ní raibh mé ró-thógtha le mo chuid freagraí - ní raibh mé trí na chéile leis - ach cheap mé go mbeinn in ann níos fearr a dhéanamh. Bhí na ceisteanna ar an dara páipéar sách oscailte agus rinne mé mo sheacht ndicheall na freagraí a thabhairt.

Ceapaim gur aontaigh formhór na tíre liom faoin Mata - bhí sé measctha mar scrúdú. Bhí an dara páipéar deacair. Bhí go leor tuisceana ag teastáil agus bhí brú ama orm freisin. Arís, meascán de cheisteanna a bhí ann - cuid a bhí ceart go leor ach cuid eile a bhí casta. Bhí sé ar an ard leibhéal ar aon nós!

READ MORE

Ó thaobh an scrúdú Gaeilge de, bhí an cluastuiscint deacair. De ghnáth bíonn sé ar cheann de na codanna den scrúdú is láidre agam ach cheap mé go raibh sé deacair inniu agus go raibh ceisteanna ann nach raibh ró shoiléir.

Bhí an chanúint Ultach ar baineadh úsáid as ana-láidir - tá sé ana-dhifriúil ón gcanúint atá againn anseo i gCúige Mumhan! Mar sin féin, bhí na haistí go maith. Bhí ana-rogha ann - bhí na teidil go maith agus bhí rud éigin ann do gach duine. Roghnaigh mé an ceann a bhaineann leis an taitneamh agus an brú a bhaineann le saol an scoláire dara leibhéil.

Labhair mé faoi na hábhair - go gcuireann siad go mór lenár n-intleacht agus lenár bhforbairt pearsanta. Labhair mé freisin faoi na cáirde agus an faoiseamh agus comhluadar a thugann siad dúinn ar scoil. Agus mé ag labhairt faoi na laigí, labhair mé faoi na scrúdaithe Stáit agus córas na bpointí agus an brú a chuireann sé orainn mar scoláirí. Rinne mé iarracht cúpla moladh a dhéanamh freisin chun na fadhbanna seo a shárú. Mhol mé go dtabharfaí córas measanú leanúnach isteach mar shampla.

Déanaim ainilís tar éis na scrúdaithe - rud atá deacair orm a sheachaint. Tar éis an chéad pháipéar Matamaitice cheap mé nár éirigh ró-iontach liom in aon chor ach nuair a chuaigh mé tríd arís cuireadh ar mo shuaimhneas mé.

Tá mo chuid tuismitheoirí go maith freisin toisc go n-éisteann siad liom agus mé ag tabhairt amach agus ag labhairt faoi na scrúdaithe. Tá siad go hiontach toisc go n-éisteann siad liom. Níl dabhat ar bith agam i’m aigne ach go bhfuil sé leadránach dóibh ach táim thar a bheith buíoch dóibh. Ceapaim go gcuireann siad ar mo shuaimhneas mé arís.

Tar éis na scrúdaithe rachaidh mé amach ag ceiliúradh leis na cairde i mBaile Luimnigh. Tá mé chun dul ar saoire chuig Stáit Aontaithe Mheirceá i ndiaidh sin le mo thuismitheoirí agus mo dheartharacha. Ní raibh mé ann cheana agus tá mé ag súil go mór leis.

* David Kennedy is a Leaving Cert student at Gaelcholaiste Luimnigh