Difríochtaí láidre idir na ceannairí ar TG4

 

DÍOSPÓIREACHT:LÉIRÍODH DIFRÍOCHTAÍ géara idir ceannairí na bpríomhpháirtithe polaitíochta aréir i ndíospóireacht teilifíse a craoladh ar an stáisiún Gaeilge, TG4.

Reachtáladh an díospoireacht ag ceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe. B’í seo an chéad uair gur tharla díospóireacht teilifíse idir na ceannairí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Go dtí seo ní raibh aon díospóireacht teilifíse dá leithéid tré Ghaeilge le linn fheachtas toghchánaíochta.

I measc na n-ábhar faoi phlé bhí an ghéarchéim sna bainc, an socrú leis an Aontas Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF), cailliúint postanna sa tseirbhís phoiblí, cúrsaí turasóireachta agus feirmeoireachta, agus ceist na Gaeilge.

Rinne Eamon Gilmore agus Enda Kenny cáineadh géar ar Mhicheál Martin as ucht an chaoi inar láimhseáil an Rialtas an ghéarchéim sna bainc.

Dúirt Gilmore: “Tá an tír scriosta, tá an eacnamaíocht scriosta agus tá siad scriosta ag Fianna Fáil agus an cinneadh is measa a rinne siad ná an cinneadh chun an bail-out a thabhairt don Bhanc Angal-Éireannach agus dá leithéid.”

Dúirt Enda Kenny gur de bharr “botún amaideach” Fhianna Fáil, cuireadh níos mó ná Eur100bn isteach sna bainc, Eur 35bn don Bhanc Angla-Éireannach san áireamh Dúirt sé freisin gur chóir an “droch-mhargadh” leis an gComhaontas Eorpach agus an gCiste Airgeadaíochta Idirnaisiunta (IMF) a athrú.

Dar le Micheál Martin, bhí gá leis an mbarántas bainc a thabhairt isteach ag an am chun an 1.8 milliún oibrí sa Stát a chosaint.

Dúirt sé: “Caithfidh tú bheith macánta le pobal na tíre seo, ní féidir leis an Lucht Oibre ná Fine Gael an margadh seo a athrú go bunúsach in bhúr n-aonar.” De réir cheannaire Fhianna Fáil, dá mba rud é gur cuireadh polasaí an Lucht Oibre i bhfeidhm, bheadh cúrsaí deich n-uaire níos measa sa tír. Bheadh i bhfad níos mó daoine dífhostaithe, ní bheadh faic san ATM agus bheadh na bainc dúnta, dar leis.

Dúirt sé freisin nach gcuirfeadh Eamon Gilmore ná Enda Kenny aon cheann de chiorruithe caiteachais an Rialtais ar ceal dá mba rud é gur tháinig siad i gcumhacht.

Dúirt Kenny gur féidir na huimhreacha sa tseirbhís phoiblí a laghdú 30,000 ar bhonn deonach. Shéan Eamon Gilmore go raibh sé sin indéanta.

Bhí easaontas láidir maidir le polasaí Fhine Gael nach mbeadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist a thuilleadh.

Dúirt Martin: “Bás de réir a chéile a bheadh i ndán don Ghaeilge, dá gcuirfí plean Enda i bhfeidhm.” Bhí Gilmore in aghaidh aon athrú chomh maith. Dúirt Kenny nach raibh i ráiteas cheannaire Fhianna Fáil ach “ráiméis” agus “seafóid” agus go ndeanfai iniúchadh ar sheasamh na Gaeilge sna meanscoileanna sula gcuirfí an polasaí i bhfeidhm.

Bhí easaontú idir Gilmore agus Kenny maidir leis an bhfógra ón Rialtas an mhí seo caite go ngearrfaí na fóirdheontais airgid (Public Service Obligations) ar sheirbhísí idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus na ceithre haerfort réigiúnda ó Mhí Iúil seo chugainn.

Gheall Gilmore go gcoinneodh Rialtas Lucht Oibre na fóirdheontais i bhfeidhm.

Ach dhiúltaigh Enda Kenny aon bharántas dá leithéid a thabhairt agus dúirt se nach raibh sé chun aon gheallúint a thabhairt san olltoghchán ach amháin go gcuirfeadh sé a Phlean Chúig Phointe i bhfeidhm.