BILL BREATHNACH <QA0>
agus ÉANNA Ó CAOLLAÍ
<QA0>
Tá an Foras Pátrúnachta tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar an Roinn Oideachais faoin modheolaíocht a bhain leis an Suirbhé Bunscoile náisiúnta a chuir siad ar bun.
READ MORE
Foilsíodh torthaí an tsuirbhé an tseachtain seo caite agus tuigtear gur ghlac os cionn 41% de theaghlaigh a bhfuil páistí bunscoile nó réamhscoile acu páirt ann.
Cuireadh ceisteanna ar thuismitheoirí faoina dtuairimí faoi éitis chreidmheacha scoileanna agus arbh fhearr leo go bhfreastalódh a bpáistí ar scoil lán-Ghaeilge nó lán-Bhéarla, nó ar scoil aonghnéis nó mheasctha.
Tá an Foras Pátrúnachta tar éis imní a léiriú faoin bhfoclaíocht a bhí sa suirbhé a bhain leis an oideachas lán-Ghaeilge agus níl an eagraíocht den tuairim go dtugann sé le fios an fíor-éileamh atá dó. Sna figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúirt 13% de thuismitheoirí le páistí i mbunscoileanna lán-Bhéarla go roghnódh siad oideachas lán-Ghaeilge dá bpáiste.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais, Caoimhín Ó hEaghra, gur chuir an suirbhé srian ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú mar go raibh níos mó le tabhairt san áireamh acu cosúil le meon na scoile i dtreo na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí reatha, agus an tionchar a bheadh ar na daltaí dá n-athrófaí teanga na scoile.
Dúirt sé, “Bhí fadhb bhunúsach againne ón tús leis an gceist mar a bhí sé curtha ar an suirbhé ó thaobh na Gaeilge de.”
“Má chuirtear an cheist ort arbh fhearr leat go mbeadh an scoil sin ilchreidmheach. Tá an freagra éasca.”
“Ach do thuismitheoirí a sheol a pháiste go scoil Bhéarla áitiúil, fiú dá mbeadh bá agat don Ghaeilge, nuair a chuirtear ceist ort, an bhfuil tú ag iarraidh go mbeadh an scoil sin ina scoil lán-Ghaeilge, tá i bhfad níos mó fachtóirí le cur san áireamh agat.”
Dúirt Ó hEaghra freisin gur iarr an Foras Pátrúnachta, agus eagraíochtaí eile a phléann leis an earnáil oideachais lán-Ghaeilge, ar an Roinn an cur chuige a bhí acu don suirbhé a athrú sula chuir siad é ar bun.
Dúirt sé, “Lorg muidne, an Foras Pátrúnachta, agus eagrais eile arís agus arís eile nach gcuirfí an cheist mar sin agus dhiúltaigh an Roinn an cheist a leasú.”
“Sílim go mbeadh sé i bhfad níos éifeachtaí fiú an cheist a chur ar na tuismitheoirí ar mhaith leo go mbeadh rochtain acu ar oideachas lán-Ghaeilge go háitiúil.”
“Sin an fáth go rabh muid ag rá leis an Roinn, nach léireoidh an suirbhé seo an t-éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar ba chóir.”
Mar sin féin, dúirt an tArd-Rúnaí gur thaispeáin an figiúr de 13% go raibh éileamh ann nach raibh an Roinn Oideachais ag freastal air.
“Deir siad go bhfuil 13% de thuismitheoirí i scoileanna Béarla ag rá gur mhaith leo go mbeadh an scoil atá siad ag freastal air ina scoil lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil rochtain acu ar scoil lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.
Dúirt Ó hEaghra gurb é taithí an Foras Patrúnachta go léiríonn “ar an meán 25%” de thuismitheoirí” suim i soláthar oideachais trí mheán na Ghaeilge.
“Ba chóir go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge inrochtana agus ar fáil do pháistí, is cuma cá bhfuil siad ag an mbun agus an dara leibhéal agus níl sé seo fíor faoi láthair.”
I suirbhé eile a choimisiúnaigh Gaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta le gairid, tuairiscíodh go roghnódh 49% de dhaoine fásta oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil.
Feachtas
Tá feachtas náisiúnta á sheoladh ag tuismitheoirí níos déanaí an mhí seo chun aird a tharraingt ar na constaicí córasacha a deir siad atá roimh sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge.
Tá tuismitheoirí a chaith na blianta ag feachtasaíocht ar son soláthar oideachais lán-Ghaeilge “gan mórán ratha” ina gceantair féin tagtha le chéile faoin ainm IMEASC chun aird a dhíriú ar an gceist.
Dar leo go bhfuil teip ar an Stát dualgas reachtúil a leagadh ar an Roinn Oideachais oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar, agus go bhfuil “timpeallacht fhuar” cruthaithe sa tír dá bharr do thuismitheoirí atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.
Tá sé i gceist ag IMEASC brú a chur ar pholaiteoirí reachtaíocht a thabhairt chun cinn a leagfadh dualgas ar an Roinn soláthar cuí a chur ar fáil.
Tuigtear go mbeidh comhaltaí ón gCoiste Oideachas agus Óige, ó Choiste na Gaeilge, chomh maith le polaiteoirí eile, an t-iar-Aire rialtais Éamon Ó Cuív agus Cynthia Ní Mhurchú FPE, i láthair nuair a sheolfar an feachtas ar an 22ú Aibreán.











