“Chonaic mé Ravi Coltrane, mac John Coltrane, i Nua-Eabhrac in 2018. Cheap mé go raibh cur amach agam ar an snagcheol roimhe sin ach ba léir nach raibh! Lá spioradálta a bhí ann.”

Is ealaíontóir fuaime, dearthóir fuaime, scríbhneoir agus taibheoir iad HK Ní Shioradáin. Tá siad ina ndearthóir fuaime ar an dráma nua Gaeilge, Muicín, le LemonSoap Productions, a bheidh sa Project Arts Centre in mí Feabhra.

HK Ní Shioradáin: Tá forbairt na Gaeilge sna healaíona ag tarlú duine ar dhuine. Giranghraf: Owen Clarke Photography
HK Ní Shioradáin: Tá forbairt na Gaeilge sna healaíona ag tarlú duine ar dhuine. Giranghraf: Owen Clarke Photography

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Aideen Barry.

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Glacaim briseadh. Téim ar shiúlóid sa nádúr. Léim sleachta ón leabhar The Artist’s Way le Julia Cameron.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?

Bhí suim agam i gcónaí san fhaisean. I rith na paindéime, d’fhoghlaim mé conas fuáil agus thosaigh mé ag dearadh feistis ach bíonn sé deacair dóthain ama a fháil anois le mo chleachtas féin sna healaíona. Ach bím i gcónaí ag baint triail as stíleanna nua éadaí agus smideadh i mo ghnáthshaol.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Is sna mionrudaí a mhothaím an bród. Nuair atáim in ann dúshlán a shárú nach raibh mé in ann aige cúpla bliain ó shin, nó nuair a thugaim faoi deara an mhuinín atá múscailte ionam sa ghnáthshaol.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

The Truman Show, Bojack Horseman, Ulysses.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Sa choláiste, bhí orainn modúl a roghnú idir aiste mhór mhillteach a scríobh nó cnuasach filíochta a scríobh. Ní raibh suim dá laghad agam aiste fhada a scríobh agus bheartaigh mé cur isteach ar an modúl eile. Bhí daoine eile sa rang ag scríobh dánta mórfhoclacha ach bhain mé triail as filíocht ó bhéal, le foclaíocht shimplí lán le rím agus rithim. Cheap mé go mbeinn i dtrioblóid toisc nach raibh filíocht thraidisiúnta á déanamh agam. Ach tharla a mhalairt ar fad a bheith fíor. Bhí an file, Harry Clifton, mar léachtóir agus mhol sé go hard na spéire an méid a bhí ar siúl agam, ag roghnú dánta nua dom le léamh sa stíl chéanna.

Bíonn ionadh ar dhaoine go mbím ag cumadh ceoil lá amháin agus ag scríobh lá eile.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí go leor uirlisí sa teach agus mé ag fás aníos. Tá mo Dhaid ar fheabhas ar an bhfeadóg agus chloisfinn meascán de cheol traidisiúnta agus snagcheol uaidh. Bhí mo mháthair i gcónaí sáite sna leabhair agus bheadh cúpla turas in aghaidh na seachtaine againn chuig an leabharlann.

Muicín le LemonSoap Productions: Deiseal ón clé - Ultan Pringle, Owen Clarke, HK Ní Shioradáin agus Lisa Nally.
Muicín le LemonSoap Productions: Deiseal ón clé - Ultan Pringle, Owen Clarke, HK Ní Shioradáin agus Lisa Nally.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?

Chonaic mé Ravi Coltrane, mac John Coltrane, i Nua-Eabhrac in 2018. Cheap mé go raibh cur amach agam ar an snagcheol roimhe sin ach ba léir nach raibh! Lá spioradálta a bhí ann.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó a chonaic tú le déanaí?

Taitníonn Goldie Boutilier go mór liom i láthair na huaire. Agus an tsraith theilifíse Long Story Short.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Gur gá cleachtas amháin a bheith agat. Bíonn ionadh ar dhaoine go mbím ag cumadh ceoil lá amháin agus ag scríobh lá eile.

Muicín le LemonSoap Productions. Grianghraf: Jilly McGrath
Muicín le LemonSoap Productions. Grianghraf: Jilly McGrath

Cén cineál áite a spreagann thú?

Páirc Mharlaí. Aon áit ina bhféadfainn siúlóid a dhéanamh in aice leis an dúlra.

Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Tá forbairt na Gaeilge sna healaíona ag tarlú duine ar dhuine. Is buntáiste go pointe é sin mar ealaíontóir toisc go bhfuil sé an-oscailte nó saor i láthair na huaire – níl srian ar bith air toisc nach bhfuil sé déanta nó feicthe againn ar an mórstáitse go fóill. Is dóigh liom go gcuireann an fhéidearthacht atá ann go dtí seo le hinspioráid daoine eile. Rinne mé an dearadh fuaime don dráma Grindr, Saghdar, agus Cher cúpla bliain ó shin agus spreag sé go mór mé. Ní raibh dráma aiteach feicthe agam riamh i nGaeilge. Anois, táim ag iarraidh an mothúchán sin a mhúscailt sa chéad duine eile leis an dráma Muicín atá á chur chun cinn agam. Go háirithe le Muicín, ceann de na bunchlocha a bhí agam ná uasoiliúint a thabhairt don fhoireann léiriúcháin i leith na Gaeilge, go háirithe chun misneach a thabhairt dóibh sár-obair a dhéanamh ag úsáid na teanga le téarmaí teicniúla na hamharclainne.

Cad é do mhana?

Déan anois é!

Beidh Muicín ar siúl sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath an 24-27 Feabhra. projectartscentre.ie

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column