Fear na hAbhann: ‘Grian ag titim amhail bláth’

Amhráin tochtmhara agus corraitheach Nick Drake le cloisteáil as Gaeilge

Foclóir: Tochtmhar - emotional, éagmais - absence, seachrán - abberation, ródháileog - overdose, haisís - hashish, dúlagar - depression, traschruthú - transcreated, folús cultúrtha - cultural vacuum.

Ní raibh ach trí albam eisithe ag Nick Drake faoin am gur sciob an bás leis é sa bhliain 1974 agus gan é ach 26 bliain d’aois. Five Leaves Left, Bryter Lyter agus Pink Moon. Cé nár dhíol sé ach faoi bhun 4,000 ceirnín le linn a shaoil, bhí sé ar thús cadhnaíochta maidir leis an gceol a d’eascair as Sasana ó shin i leith.

Saol gairid a bhí aige, ach is boichte an ceol dá éagmais; chum sé saothar tábhachtach a bhfuil a rian fágtha aige ar oidhreacht cheoil na 60dtí agus 70dtí.

Amhráin tochtmhara agus chorraitheacha a bhí i gceol tuarúil Drake agus cuirfear leagan Ghaeilge díobh i láthair i nDún Laoghaire mar chuid de IMRAM - féile litríochta na Gaeilge.

READ MORE

Chóirigh an file agus an scríbhneoir clúiteach Gabriel Rosenstock liricí Drake agus cuirfidh Liam Ó Maonlaí (guth, pianó), Neil Martin (dordveidhil) agus Peter O’Toole (giotár) na hamhráin i láthair mar chuid de “Fear na hAbhann -- Tionscadal Nick Drake”, san Pavillion Theatre an t-seachtain seo.

Spéis

Le blianta anuas ba mhinic a iarradh ar Rosenstock amhráin a chóiriú do IMRAM. I measc údar na n-amhrán seo bhí ceoltóirí aitheanta ar nós Bob Dylan, Bob Marley agus Joni Mitchell. Ach, ní raibh eolas ar bith aige ar Nick Drake go dtí gur iarradh air a chuid cheoil a thiontú go Gaeilge do fhéile na bliana seo.

“Chuireas spéis ann láithreach - bhíos gafa aige - agus chuireas spéis ina shaol chomh maith, saol gairid, faraor. Scríobhas dán ina thaobh fiú amháin! D’fhreastail sé ar Marlborough College, scoil chónaithe, a chaill 733 iarscoláire sa Chéad Chogadh Domhanda. Smaoinigh air sin mar oidhreacht,” ar sé.

“Ní raibh Nick Drake faoi iomrá mórán le linn dó a bheith beo ach chuaigh a cháil i méid tar éis a bháis (gan fhios domsa caithfidh mé a rá). Ródháileog de tháibléid Tryptiziol ba thrúig bháis dó, táibléid a bhí á dtógaint aige in aghaidh dúlagair agus nár mheasc rómhaith le haisís, déarfainn.”

Traschruthú

Cé go dtabharfadh roinnt daoine ‘aistriúchán’ ar an obair a rinne Rosenstock leis na hamhráin seo, tá níos mó i gceist leis ná ábhar a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Is saothar ealaíonta agus liteartha atá ann.

“Níor thugas mórán airde ar na liricí riamh, go dtí gur thugas faoina n-aistriú. Ní féidir cloí go docht i gcónaí leis an mbunbhrí, go háirithe má úsáidtear rím,” arsa Rosenstock.

“Mar sin, is deise liom an focal ‘traschruthú’ a úsáid, rud a chiallaíonn sa chás seo a bheith dílis do spiorad agus rithim na mbunamhrán ach gan iad a aistriú focal ar fhocal. Is minic níos ceolmhaire iad sa Ghaeilge mar is milis an teanga í an Ghaeilge, gan amhras!”

Dar le Rosenstock, tá cosúlachtaí idir saol Drake agus an staid ina bhfuil Sasana sa lá atá inniu ann. Ach, duine ab ea é a raibh dearcadh níos leithne aige ná mar atá ag cuid den dream atá taobh thiar den Bhreatimeacht.

“Ceaptar go bhfuil seachrán éigin ar an mBreatain faoi láthair agus cúis amháin leis an éidreoir sin ná easpa cinnteachta faoina ról agus an Impireacht caillte aici agus a bhfuil i ndán dóibh anois má tharlaíonn Breatimeacht.

“Is é an scéal céanna ag Nick Drake é, ar shlí, duine a rugadh i gcuid den Impireacht ag an am, Burma (Maenmar inniu). Bíonn criticeoirí ag tuairimíocht uaireanta an é Drake an cumadóir is Sasanaí de phopcheoltóirí na haoise seo agus luaitear an tionchar a bhí ag Delius agus Vaughan Williams air, chomh maith le tionchar William Blake agus na bhfilí Rómánsacha.

“Ach chuaigh na sean-Ghormacha i bhfeidhm air chomh maith, agus glúin Dylan - agus Siombalaithe na Fraince, mar sin ní ‘little-Englander’ ná faic mar sin a bhí ann.

“Bhí Drake níos leithne ná cultúr an Bhéarla. Maidin a bháis bhí The Myth of Sisyphus le Albert Camus, Francach, á léamh aige, aiste a bhain le háiféis an tsaoil, agus ceol le Gearmánach, Bach, a bhí á sheinm ar an gcaschlár aige.”

Díospóireacht

Cuirfear Fear na hAbhann i láthair san Pavillion Theatre i nDún Laoghaire an tseachtain seo ach an bhfuil aon seans ann go ndéanfar taifead de na hamhráin amach anseo?

“Ba bhreá lem’ chroí dá mbeadh taifeadadh déanta ar Nick Drake i nGaeilge - agus an chuid eile acu - The Pogues, Kate Bush, Van Morrison, Bruce Springsteen, Leonard Cohen - agus fáil orthu gan dua, ach chosnódh sé an iomarca measaim.

Tá meon ann, dar leis, nár cheart airgead gann na Gaeilge a chaitheamh ar an gcineál seo oibre. Ach tá ceisteanna ann maidir le cístiú agus soláthar na healaíona do phobal na Gaeilge gur fiú díriú orthu.

“Déarfadh an ‘little-Irelander’ nach ceart airgead na Gaeilge a chaitheamh ar ábhar den sórt sin. Bhuel, bíodh díospóireacht againn mar gheall air ar a laghad,” arsa Rosenstock.

“Ba bhreá liom dá mbeadh fáil ar na liricí sin go léir i bhfoirm leabhair, chun go mbeadh daoine in ann iad a chanadh i nGaeilge. Ba bhreá liom dá n-oilfí agus dá spreagfaí ceoltóirí óga chun tabhairt faoi amhráin a thaitníonn leo a aistriú - amhráin de gach saghas agus ó theangacha eile seachas an Béarla chomh maith.

Tá sé mar phríomhaidhm ag IMRAM go léireofaí gur litríocht nua-aimseartha agus cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge. Ach, dar le Rosenstock, tá roinnt mhaith oibre fós le déanamh leis an sprioc seo a bhaint amach.

“Chun na fírinne a rá, ní dóigh liom go bhfuil cultúr an aistriúcháin, más féidir é sin a thabhairt air, sách láidir sa tír seo.

“Ba dheas liomsa dá mbeadh scór aistritheoir fostaithe go proifisiúnta agus go lánaimseartha againn - agus ní Billí parlaiminte ná cacamas den sórt sin a bheadh á n-aistriú acu ach amhráin, aistí, scéalta, filíocht, drámaí agus scannáin.

“Cén fáth nach bhfuil séasúr de scannáin ó thíortha lasmuigh den Anglasféar againn ar TG4, agus fotheidil Ghaeilge leo?

“Sa tslí sin, chothófaí litearthacht sa Ghaeilge agus neartófaí nós na léitheoireachta sa Ghaeilge chomh maith,” ar sé.

“Tá Nick Drake aistrithe, nó traschruthaithe, agam i bhfolús, ar shlí, folús cultúrtha. Thuigfeadh sé féin é sin go maith mar bhí an folús á chrá go lá a bháis.

An leabhar is déanaí ó pheann Gabriel Rosenstock ná Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse (Gandhi 150 Ireland).

Beidh Fear na hAbhann: Tionscadal Nick Drake ar siúl ar Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair | 8.00pm san Pavilion Theatre i nDún Laoghaire Cead isteach: €25/23 Clárú (01) 231 2929 nó paviliontheatre.ie

DEIREADH LEIS AN LÁ/DAY IS DONE

Deireadh leis an lá

Grian ag titim amhail bláth

Chomh maith le gach aon ní a bhí láidir tráth -

Deireadh leis an lá.

Deireadh leis an lá

Deireadh leis an rás ní gá a rá

Léim tú isteach róluath, á,

Siar leat arís go tús an rás’.

Deireadh leis an lá, tá an oíche fuar,

Daoine ‘g éirí sean monuar

Níl ór ar bith faoi bhun an tuair

Tá an oíche fuar

D’eitil uait an t-éan

Níl aon neach agat faoin spéir

Gan baile agat faoin ngréin

D’eitil uait an t-éan

Tá an cluiche thart

An nuachtán séidte thar an gcúirt

Cailleadh é roimh am i bhfad róluath

Tá an cluiche thart

Cóisir is clabhsúr

Tá tú lán de bhrón is buairt

Ní raibh ann ach am á chur amú

Cóisir is clabhsúr

Deireadh leis an lá

Grian ag titim amhail bláth

Chomh maith le gach aon ní a bhí láidir tráth -

Deireadh leis an lá.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.