Cad a d’imigh orthu?

Is maith ciúnas na n-amhrán nach gcloistear


Uaireanta i ndoircheacht na hoíche, nó go deimhin le gile gheal an lae, ritheann na smaointe chugam.

Cad d’imigh orthu?

Cad a tharla dóibh, na mná sin go léir a bhris gach croí is a raibh sa saol Fódlach, nó fir thall is abhus, nó b’fhéidir duine amháin féin ag mairgnigh fúthu?

Tar éis fáth a mbuartha agus easpa cead cuarta cé a bhí ar deireadh ag déanamh suas leis an muirnín bhán?

READ MORE

Plúr úd na maighdean b’úire gné, ar fhan an scéimh uirthi a fuair sí ón Ádhamhchlainn, nó ar múchadh a gáire le léan ar deireadh?

Cén saghas duine ba ea an fear rua a raibh an bhean úd aige go raibh dealramh deas ina grua?

Cén fáth ar bhaol di é, an amhlaidh gur bhrúid cheart a bhí ann as sópopera de chuid na linne?

Nó ar chaith sí a saol i gcró na muc agus ag siúl na hiothlainne le buicéad?

Scéal breá é scéal Chúnnla, ach tar éis dó na clathachaí a leagadh, an fhuinneog a chnagadh, na bonnachaí a thochas agus an tine a fhadú, ní instear pioc eile dúinn ina thaobh nó faoin mbean a raibh sé ag triall uirthi.

An amhlaidh gurbh eisean a raibh cailín bocht Dhónaill Óig ag feitheamh leis agus gur fhan sí go foighneach ag cró na gcaorach go dtí gur bhain sé thoir agus agus thiar di, ach ainm eile air?

Cá bhfuil sí anois an cailín céanna, mar is beag an seans go bhfuair sí riamh muileann ar gach sruth, go háirithe agus Uisce Éireann i mbun an chúraim?

Músclaíonn na fiafraithe seo ionam, mar pé ní is a d’fhulaing na mná, agus is deimhin dearfach gur fhulaing, ar éigean léamh, scríobh ná insint bhéil ar an gcrá agus ar an gcruatan ar ghabh go leor d’fheara Éireann tríd chomh maith.

Ba mhoch agus ba mhór a shil cuid acu deoir agus iad ag osna ó mhaidin go hoíche; ach ba mheasa fós mar go mbíodh siad amuigh gan foscadh ná dídean ar thaobh cnoic go huaigneach áit nach bhfeicfeadh siad duine a dhéanfadh an cás a réiteach.

Ba mhinic an samhlú ábhairín ar mearbhall, go háirithe an té ar theastaigh uaidh a bheith i measc an aitinn mar a bhíodh tráth le bean bhanúil na gcraobhfholt.

Ní mór ar fad é mo thaithí féin ar throscán na mbánta, ach tá’s agam san áit a mbíonn aiteann bíonn feochadáin, leis, agus san áit a mbíonn an féar ag fás bíonn míoltóga agus cnuimheanna beaga a bhfuil clúmh orthu a shnámhann isteach sna héadaí agat, agus fút, agus a chigilíonn i mbaill neamhinchigilte.

Sa chás is go n-éalódh Malaí Rua an tSléibhe nó Mal Dubh an Ghleanna nó Neilí an Bhrollaigh Ghil lena ngrá geal go dtí na háiteanna sin a raibh mil ina slaoda nó cnuasach craobh ann, ní móide go mbeadh siad chomh compordach sin ar fad, go háirithe iad siúd nár ghean leo feithidí deasa a mbainfeadh greim astu.

Smaoiním go háirithe, go deimhin, tagann idir mé agus codladh an lae, dán agus cinniúint Neansaí ar thug fear bocht éigin fansaí di, sin Neansaí Bhán éigin eile.

Deir an fear bocht go raibh sí caoimhiúil ceansa cóir agus nach méanar dá bhfaigheadh sé caoi cead síneadh síos lena cúl buí seang agus focal cainte a labhairt léi.

Ní scaoileann sé chugainn cad é an focal cainte sin, ach is féidir linn é a shamhlú.

Nó is féidir liomsa é a shamhlú ar aon nós.

Bean Pháidín

Is é nár thuig sé má bhí a brollach bán mar eala ag snámh gurb éan fíochmhar borb is ea an t-eala agus dá ndéanfadh aon iarracht teacht ina ghaobhar go mbainfí níos mó ná giob as.

Agus cad faoi Bhean Pháidín í féin?

Arbh eol don duine ar trua leis nárbh é bean Pháidin é go raibh naoi dhuine dhéag clainne aici, mar a bhí, Mollaí agus Julaí agus Tommaí agus Páidí agus Gerry agus Maittí agus Bidí agus Bridie agus Timmy agus Séimí agus Connie agus Cóilí agus Jimí agus Johnny agus Hiúdaí agus Fraincí agus Peigí agus Beití (agus Attracta, le fear eile)?

Arbh eol dó go bhfuair cúigear díobh bás roimh aois scoile, duine eile a sciobadh le heitinn, duine eile fós a thit le faill, duine eile fós fós a báthadh, gan trácht ar bhás le sciain, ar scliúchas lasmuigh den tábhairne, ar thamall i dteach na mBocht, ar bhlianta i dteach na nGealt, agus uirthi siúd a chaith cúpla mí ar Death Row in Alabama?

Nach raibh an t-ádh leis mar a d’éalaigh?

Is maith nach bhfuil a fhios ag na fir cad d’imigh ar na mná, agus ar na mná cad a tharla do na fir.

Is maith ciúnas na n-amhrán nach gcloistear.