Turas na ndrioglann in Inse Ghall

Seal in Albain


Bhí mo bhean is mé féin in Albain seacht mbabhta dhéag. Is í an tír choimhthíoch is ansa linn í. Chuir muid fúinn in an-chuid áiteacha inti, gar don teorainn le Sasana, i nDún Éideann, i nGlaschú agus sna Garbhchríocha, ach gurb iad na hArcaibh, an tSealtainn, agus Inse Ghall ár roghain. I mbliana is ar Oileán Diúra a thugamar ár n-aghaidh.

Gabhann roinnt dua le triall ar Dhiúra sa chaoi is gur mó d’fhiontar ná de shaoire é. Go mba é a rinne muide, gur eitlíomar ó Bhaile Átha Cliath go Glaschú, gur chaitheamar oíche ansin agus an mhaidin arna mhárach gur eitlíomar uaithi go dtí aerfort Ghleann Eigeadail ar Oileán Íle, mar a ndearnamar carr a híreáil; gur thiomáineamar ó thuaidh chuig Port Asgaig le dul ar bord báid go Diúra.

Cé nach ndearnamar sin ar an bpointe boise mar gur oileán mór, le mórán tírdhearc sonrach, í Íle; iomrá uirthi faoina dúlra, a scata ghéabha fiáine féin inti a ghorann a gcuid éiníní ansin; iolraigh ag tóraíocht chreiche.

Ach, caithfead a rá, an saol atá anois ann, gurb í a cáil i dtaca le stiléireacht bhiotáille an cháil is urrúnta atá ar Íle; ocht gcinn de dhrioglanna móra inti (An Aird Bheag, Lag an Mhuilinn, Laphraoig, Bogh Mór, Bruthach an Chladaich, Cill Chomáin, Bun na hAbhainne, Caol Íle) agus osclófar an naoú ceann an bhliain seo chugainn in Aird na hUamha.

READ MORE

Nuair a ghabhas tú go dtí an Tibéad caitheann tú formhór do chuid ama ag triall ar mhainistreacha, in Íle dhuit triallann tú ar dhrioglanna!

I dtaca le Diúra? “Is í Diúra an t-oileán is aistreánaí de ghar-Inse Ghall,” de réir treoirleabhair amháin.

Níl ach aon bhóthar amháin anseo, é os cionn 30 míle faid ó chalafort na Feolainne theas go Cill Uachdrach thuaidh, ach fainic mar gur bóthar aonraoin é, cíor fhéir ina lár, a gcaithfidh tú feidhm a bhaint as deiseanna scoite cairr air; ach daonra Dhiúra tá sé níos lú ná 200 duine.

I dTaigh na Creige atá cónaí ar mhórfhormhór na ndaoine, an baile sin seacht míle ón gcalafort, suite ar chósta thoir an oileáin ag breathnú amach ar chuan suáilceach.

Aon óstán amháin atá i nDiúra, aon scoil, aon siopa, aon drioglann. Aon chomhluadar. Ach go leor ciní! Daoine isteach as mórthír na hAlban, as an nGréig, as Poblacht na Seice; as chuile cheard, a cheapfá, ach amháin as Diúra féin. Is deacair castáil ar Dhiúrach!

Sníomhann an bóthar leis thar Taigh na Creige, ar feadh na mílte eile bealaigh, ach gur fánach an teach a dtiocfaidh air. Síor-shár-radharcra, idir bhóchain is shléibhte, sin a bheas mar chomhluadar agat; na Trí Chíoch mar choróin.

Roinntear an t-oileán, ionann is, ag an Tairbeart, ach coinnigh ort. Tá teach aonair, teach feilme, in Aird Lusa a bhfuil an fógra suntasach, ‘Go mall, páistí free-range agus ainmhithe’, in airde ar chuaille lasmuigh de.

Beagán mílte ar aghaidh, i gCnoc an tSabhail, tá an teach inar chónaigh an scríbhneoir, George Orwell. Níl ach an t-aon teach cónaithe amháin ina dhiaidh sin, teach feilme i gCill Uachdrach.

Gairmítear ‘Oileán na bhFianna’ ar Dhiúra. Corradh le sé mhíle fia inti, a deirtear. Is é an fia rua a sainmharc.

Ach, ainneoin na huimhre, a fheabhas is a cheileann siad iad féin sa bhfraoch, sa luachair, sna raithneacha, ní éasca ceann a fheiceáil. Mura ngabhann tú amach go luath ar maidin. An t-am sin féin, tá sé deacair, gan daoine as an áit thú a chur ar an eolas.

Tháinig muide ar shé cinn de chairrfhianna i ndeas don Tairbeart. Ina dhiaidh sin ar thréad i ngráig aontí Chracaig.

Ní labhraítear aon Gháidhilg i nDiúra. Tá sruth Gáildhilge i mbunscoil an Bhogha Mhóir in Íle agus tairgítear an Gháidhilg mar ábhar san ardscoil ansin.

Ach tá galfchúrsa á chóiriú i nDiúra! Le haghaidh daoine an-saibhre, amháin, a deirtear. Ní hé ár gcara i Meiriceá, ach billiúnaí Astrálach, atá mar úinéara.

Beidh Alan Titley ar ais ar an tseachtain seo chugainn