Tuar agus Tairngreacht

Cuileog sa bhainne ramhar, nó damhán alla san anraith is ea aon pháirtí ina bhfuil idéalaithe a chreideann in rud éigin.

’Idéalaithe is ea na Glasraí.’ Grianghraf: Dara Mac Dónaill

’Idéalaithe is ea na Glasraí.’ Grianghraf: Dara Mac Dónaill

 

Mé ag dul sa tseans go hiomlán leis seo. D’fhéachas isteach im liathróidí criostail ar maidin agus d’iniúchas na grúidil tae a fágadh i dtóin dorcha an chupáin agus dúirt siad liom go ndiúltódh na Glasraí don phlean rialtais. Cheapas go raibh dul amú orm uair amháin cheana, ach bhí breall orm. Sa chás seo, áfach, más cruinn an bhreith tugtar an chreidiúint dom, agus más botúnach cuirtear an milleán ar na liathróidí criostail.

Fág a bhfaca mé as an áireamh is féidir cúiseanna eile a shuíomh leis. Idéalaithe is ea na Glasraí. Is beag duine a ghabhann leo d’fhonn é féin a chur chun cinn go pearsanta agus d’fhonn carn airgid a chnuasach sa bhanc agus a thóin a phleancadh ar bhord stiúrthóirí comhluchtaí ollmhaoine rórabairneacha gan teorainn. Bíonn an rud beag fann sin a dtugtaí ‘idéal’ air tráth istigh ina gcliabh acu. Rud contúirteach is ea an t-idéal beag sin in aon imeacht polaitíochta.

Abraimis, cuirimis i gcás, sna 60í agus sna 70í luatha dá mbeadh sé d’uaillmhian ag aon duine dul sáite sa pholaitíocht agus céim ard a bhaint amach, is deimhnitheach go rachadh sé/sí le Fianna Fáil. Nuair a tháinig Garret chun cinn le scuab nua bhúirgéiseach Fhine Gael ina dhiaidh sin rachadh an duine céanna leo siúd. Go díreach ar nós mar ar tiontaíodh Faisistigh Mhussolini ina nDaonlaithe Críostaí de dhroim oíche san Iodáil, agus mar ar athraíodh Cumannaigh ina náisúnaithe ar fud críocha an tseanAontais Shóivéadaigh de mhaothadh súl.

Cuileog sa bhainne ramhar, nó damhán alla san anraith is ea aon pháirtí ina bhfuil idéalaithe a chreideann in rud éigin. Go deimhin, is contúirteach an boc sa pholaitíocht a bhfuil an tseanchloch chrua sin a bhfuil ‘prionsabal’ air ag snámh ina intinn. Is ró-eagal liom go bhfuil neachanna mar sin go tiubh i measc na nGlasraí.

Tugaimis amach an t-abacas. In aon reifreann nó moladh nó rún atá le rith dá fheabhas beidh ar a laghad breis éigin agus 10 faoin gcéad ina choinne, seachas gan amhras in áit ar nós na hÉigipte nuair a thoghann 97 faoin gcéad plus an tUachtarán. Cuirtear (mar táimid mar sin) beagán eile d’idéalaithe leis sin agus ní fada uait 15 faoin gcéad in aghaidh an tsocraithe beag beann ar aon stocaireacht ná áiteamh ná argóint. Fágann sin nach gá don lucht diúltaithe ach dul i bhfeidhm ar dhuine as cúigear den pháirtí a chaithfidh guth, nó a bhrúfaidh cnaipe.

Seans maith nach fál go haer an méid sin, ná snámh in aghaidh easa, ná geallúint bhua Cheatharlaigh in aghaidh na nDubs, ná seans chloí na Fraince sa pheil i gcoinne na Vatacáine ar fad, ach ní hí sin tairngreacht Cholm Cille ná tuar Nostradamus ná fáistine Choinnich Odhair ach an oiread. Níl aon spiairí agam laistigh de na Glasraí mar is maith liom feoil fós, agus ní féidir liom na fiailí a léamh de cheal cúrsa léamh fiailí a dhéanamh san Ollscoil Ghlas. Mar sin tuairimíocht í seo, ach b’fhiú sodar leat go dtí Paddy Power a bhfuil gach rud ar eolas aige.

Glacfaidh Fine Fáil agus Fianna Gael leis gan amhras, mar is í an chumacht an buachaill dóibh, agus ba dhóbair dom liathróid chriostail pléascadh le fearg nuair a chuimilíos an cheist di de sheile. Beidh na Glasraí ag iomrascáil agus ag cargáil agus ag clabaireacht lena gcoguas agus ag coraíocht lena gcoinsias ar feadh tamaill, agus tá seans éigin ann go mbuafaidh an coinsias i gcás pháirtí abhus den chéad uair ó 1922.

Níl aon chuma air go bhfuil plean B ná C ná D ag FFFG, agus nuair a dhiúltófar dó ar an Aoine bheag seo, is againn a bheidh an grammar! Ceannaítear do shuíochán don sorcas.