Tréan iarrachtaí ar bun chun láthair scoile a fháil i nDún Dealgan

Éileamh ar scolaíocht lán-Ghaeilge ar an mbaile

Reáchtáladh agóid i mBaile Átha Cliath anuraidh chun aird  a tharraingt ar chás Choláiste Lú. Grianghraf: Laura Hutton/The Irish Times

Reáchtáladh agóid i mBaile Átha Cliath anuraidh chun aird a tharraingt ar chás Choláiste Lú. Grianghraf: Laura Hutton/The Irish Times

 

Foclóir: Aighneas - dispute, anuraidh - last year, daltaí - pupils, réiteach - solution, Dún Dealgan - Dundalk, socrú - arrangement, ag freastal - attending, deichniúr eile - ten others, am tráth - in due course.

D’fhonn oideachas lán Gaeilge a chur ar fáil dá bpáistí tá tuismitheoirí i nDún Dealgan i mbun iarrachtaí chun láthair scolaíochta a fháil.

Go dtí seo, ba é Coláiste Lú, aonad Ghaeilge atá faoi riar na máthair scoile, Coláiste Chú Chulainn, an t-aon rogha a bhí acu siúd ar mhian leo oideachas éigin trí Ghaeilge a fháil i nDún Dealgan.

Ach tharla aighneas anuraidh faoin laghdú agus imeallú a dúirt mic léinn agus a dtuismitheoirí a bhí tar éis teacht ar líon na n-ábhar a bhí curtha ar fáil dóibh trí Ghaeilge san aonad.

Tá deichniúr as Dún Dealgan ag freastal anois ar Choláiste Ghlór na Mara atá ar an ngaelcholáiste is gaire dóibh ach atá lonnaithe i mBaile Brigín, i gCo Bhaile Átha Cliath, breis agus 50 km ón mbaile.

Caitheann na daltaí seo suas le 10 n-uair an chloig ag taisteal gach uile sheachtain idir an dá áit.

Réiteach?

Ach, ní gan iarracht ar réiteach atá an scéal mar atá faoi láthair.

Chuaigh an Foras Pátrúnachta i gcomhar leis na tuismitheoirí tamall ó shin mar chuid d’iarracht chun teacht ar shocrú nua. Reáchtáladh cruinnithe leis na tuismitheoirí i mí Feabhra agus i mí Márta inar pléadh scoil nua ‘satailíte’ a bhunú.

Faoin socrú seo, nascfaí an scoil satailíte le máthair scoil eile a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Bheadh an scoil seo lonnaithe ar láthair nua i mbaile Dhún Dealgan agus faoi riar ag An Foras Pátrúnachta.

Thug líon mór tuismitheoirí le fios gur mhaith leo a gcuid páistí a chur chuig an scoil nua seo.

Bailíodh breis agus 125 ainm ar an toirt. Tuigeann Tuarascáil go bhfuil ainmneacha thart ar 50 páiste atá fós ag freastal ar Choláiste Lú ach a thug le fios gur mhaith leo aistriú agus an deichniúr eile atá ag freastal ar Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín ina measc seo.

Tá súil ag na tuismitheoirí go bhfreastalóidh páistí bunscoile atá ar scoil i nGaelscoil Dhún Dealgan ar an scoil satailíte nua. Anuas ar sin, táthar ag súil, in am tráth go mbeidh na leanaí atá san naíonra áitiúil faoi láthair, ag freastal ar an scoil satailíte.

Agus é ag caint le Tuarascáil, dúirt urlabhraí tuismitheoirí an cheantair atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge, Aidan Kinsella, go raibh sé ‘sách dóchasach’ go réiteofaí an fhadhb ach go raibh tuismitheoirí buartha faoina laghad ama atá fágtha.

“Tá tuismitheoirí tar éis a bheith ag scríobh ag an aire agus ag an rúnaí ag impí orthu an réiteach a chur ar fáil,” arsa Kinsella.

“Tá dóchas againn ach tá muid buartha nach bhfuiltear ag plé sách práinneach leis,” ar sé.

“Tá teorainn ama orainn. Bealtaine atá ann anois agus níl Meán Fómhair rófhada uainn. Caithfear teacht ar chinneadh go luath mar caithfear acmhainní agus buiséad a chur ar fáil in am.”

“Dá bhféadfaimis an foirgneamh a fháil, bealach amháin nó bealach eile, bheimís ag súil go mbeadh 20 paiste againn i mbliain a haon,” a dúirt sé.

Tá An Foras Pátrúnachta i mbun cainteanna faoin ábhar seo leis an Roinn Oideachais faoi láthair.

“Ba dheas an t-athrú é a bheith ag plé le patrún a bhfuil fonn orthu oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil,” arsa Kinsella.

“Bheadh cinnteacht ag baint leis ó thaobh leanúnachas de agus ó thaobh caighdeán na Gaeilge de, rud nach mbeadh ar fáil i gcomhthéacs aonaid atá laistigh de mháthair- scoil Bhéarla,” ar seisean.

De réir an Roinn Oideachais, braitheann an soláthar oideachais sna haonaid Ghaeilge ar roinnt chuinsí - bíonn gá le tacaíocht ó bhainistíocht na máthar -scoile; braitheann sé ar éileamh ar leith a bheith ann ar an oideachas lán-Ghaeilge; braitheann sé freisin ar láthair oiriúnach a bheith ar fáil chomh maith le soláthar múinteoirí cuí.

Cé go gcuirtear aonaid Ghaeilge san áireamh mar chéim i dtreo gaelcholáistí a bhunú, aithnítear go bhfuil fadhbanna struchtúir ag baint leis an múnla.

Ní gá, mar shampla, gurb iad na tosaíochtaí céanna a bheadh ag an máthair- scoil agus ag muintir an aonaid.

Ach, chun teacht ar réiteach, bheadh gá teacht ar fhoirgneamh oiriúnach.

Láthair nua?

Cuireadh sean fhoirgneamh folamh scoile eile - St Mary’s College - atá suite i lár bhaile Dhún Dealgan ar díol tamall ó shin. Thángthas ar cheannaitheoir le gairid ach níor cuireadh an margadh i gcrích go fóill.

Rinne tuismitheoirí teagmháil leis na ceannaitheoirí agus tugadh le fios go mbeadh siad siúd sásta cuid den fhoirgneamh a chur ar fáil chun go mbeadh Ghaelcholáiste ann.

Bhí máthair-scoil Choláiste Lú, an mheán scoil lán-Bhéarla, Coláiste Chú Chulainn, lonnaithe san fhoirgneamh céanna seo ar feadh píosa sular aistrigh siad go dtí an láthair nua thógtha ina bhfuilid suite anois.

Fiú muna ndíoltar an scoil in am don scoilbhliain nua, dúirt urlabhraí na dtuismitheoirí go mbeadh siad sásta “le prefabs i gcúinne éigin”.

Ach caithfear teacht ar shocrú éigin gan mhoill nó beidh fadhb ann i mí Meán Fómhair.

“Ba cheart dóibh an cinneadh a dhéanamh,” arsa Kinsella.

“Tá ceithre rud ag teastáil sa chás seo: caithfidh éileamh a bheith ann - agus measaimid go bhfuil sé sin againn, beidh gá le múinteoirí - ba cheart go mbeadh an Foras Pátrúnachta in ann iad sin a chinntiú, agus beidh gá le foirgneamh - táimid ag ceapadh go bhfuil sin aimsithe againn.”

“Ach ar deireadh, tá gá le cinneadh ón Roinn.”

“Sin é an píosa amháin atá in easnamh.

Agus é ag caint le Tuarascáil an tseachtain seo caite, dúirt príomhfheidhminneach An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra so raibh sé dóchasach go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh ach go raibh gá an beart a dhéanamh.

“Tá muid ag obair leis an Roinn le fiosrú a dhéanamh faoi na féidirtheachtaí a bhaineann leis an bhfoirgneamh sin agus roghanna eile atá sa cheantar a bheith ar fáil chomh luath agus is féidir.”

“Tá me dóchasach gur féidir é a réiteach - má fheidhmítear chomh tapaidh agus is féidir,” a dúirt sé.

Dúirt an Roinn Oideachais le Tuarascáil go bhfuil siad i mbun plé leis An Foras Pátrúnachta faoi láthair chun roghanna sa cheantar don bhliain nua scoile a mheas.

Dhearbhaigh an Roinn go raibh an moladh a bhí déanta faoi úsáid a bhaint as an sean scoil i measc na roghanna seo. Dúradh, leis, go raibh na páirtithe uilig ‘aireach’ faoin mbrú ama atá orthu roimh thús na scoil bhliana nua.