‘Tráth éigeandála’ don Ghaeltacht

Imní ar ollamh ollscoile go bhfuil cás na teanga sa Ghaeltacht ag dul in olcas


Tá ceist na Gaeltachta faoi chaibidil arís – agus is maith go bhfuil.

Deich mbliana ó shin a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug an taighde sin le fios nach raibh ach saolré idir 15 agus 20 bliain ag an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Scríobh duine d’údair na tuarascála sin, An tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, alt ar an tsuíomh nuachta, tuairisc.ie, an tseachtain seo caite mar chomóradh ar an taighde.

Is dólásach an léargas a thugann sé ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht ó scríobhadh an chéad phíosa taighde.

READ MORE

Tugann Ó Giollagáin le fios nach raibh “mórán tionchair” ag Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais ar an Ghaeltacht: “Ba mhó i bhfad an éifeacht a bhí ag an gcúlú eacnamaíochta – trí eisimirce, dífhostaíocht agus easpa airgid Stáit – ar dhálaí na Gaeltachta ná aon bheartas poiblí a cuireadh i dtoll a chéile de bharr na straitéise.”

Lena chois sin, ní fheictear dó go bhfuil feabhas i ndiaidh teacht ar chúrsaí teanga; ba é “tátal” an staidéir “nach raibh fanta i saolré na Gaeltachta faoi réir na gcúinsí ag an am ach 15–20 bliain. Níor tháinig aon athrú suntasach ar chúinsí polaitiúla ná sóisialta na Gaeltachta ón am ar breacadh an tuar sin”.

Cáineann sé cur chuige an Stáit i leith na Gaeltachta, á rá: “Maidir le cur chuige oifigiúil an Stáit, is cosúil gurb é an mana ‘cloíonn neart ceart’ atá ag stiúradh cúrsaí anois i dtaobh na Gaeltachta.

“I bhfianaise na faillí maidir le bonn ceart anailíse a chur faoina gcur chuige i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá cosúlachtaí an uathlathais ag teacht ar na forais Ghaeltachta – déantar a ndeirtear agus ná bactar le ciall!”

Scríobhann sé go léiríonn an fhaisnéis is nuaí ón daonáireamh go bhfuil pobal na Gaeltachta níos laige ná mar a bhí deich mbliana ó shin; go bhfuil níos lú airgid agus tacaíochta ar fáil; go bhfuil na forais Ghaeltachta “níos mífheidhmiúla”; gur imigh cuid mhór den mhuintir óga as an Ghaeltacht de bharr eisimirce agus gur fealsúnacht na bhfoghlaimeoirí atá i gceannas sa Ghaeltacht agus drochthioncar dá réir sin ar mheon chainteoirí dúchais.

Tráth “éigeandála” atá ann, a deir sé: “Tabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian (cé is moite d’eisceachtaí so-aitheanta) ar an easpa ceannaireachta tráth seo na héigeandála, an easpa ceannaireachta i measc lucht polasaí sna forais tacaíochta Stáit, sa saol polaitiúil agus i ranna taighde na n-ollscoileanna.

"Níl ar chumas na rannpháirtithe sa chóras poiblí seo polasaí níos bisiúla ná polasaí laissez-faire a bheartú in aghaidh ghátar seo na Gaeltachta."

“Géarchéim” atá ann agus ní thiocfadh leigheas air ach amháin “trí iarrachtaí an phobail moltaí na dtuarascálacha éagsúla taighde a chur i bhfeidhm nó trí iarraidh ar an Stát iad a fheidhmiú ar a son. Tá a fhios againn cheana féin cén toradh a bhíonn ar an laissez-faire”.

Tá an t-alt ar fad le fáil ar líne ag www.tuairisc.ie

Faoistin file

Ní in Éirinn amháin a bhíonn cás teanga á scrúdú. Scríobhann an file Breatnach, Gwyneth Lewis, i mBreatnais agus i mBéarla faoi chúrsaí teanga agus nithe eile, ar ndóigh. Rinneadh File Náisiúnta na Breataine Bige di sa bhliain 2005.

Scríobh sí sraith dánta samhlaíocha faoin ainm, The Language Murderer, lá den tsaol, sraith a chuireann síos ar shéanadh teanga. A Poet's Confession atá ar dhán acu sin, dán a thugann léargas – greannmhar – ar bhás teanga agus an pháirt a bhí ag an fhile féin inti:

‘I did it. I killed my mother tongue.

I shouldn’t have left her

there on her own.

All I wanted was a bit of fun

with another body

but now she’s gone –

it’s a terrible silence.

She was highly strung,

quite possibly jealous.

After all, I’m young

and she, the beauty,

had become a crone

despite all the surgery.

Could I have saved her?

made her feel at home?

Without all her reproaches

I feel so numb,

not free, as I’d thought...

Tell my lawyer to come.

Until he’s with me,

I’m keeping mum.’

Tá ábhar machnaimh ansin dúinn uilig!