Tomhas an Domhain

Tá slite eile fós ann maidir le feabhas nó le sibhialtacht tíre a thomhas.

An cuimhin leat fadó nuair a bhí tú id bhuachaill nó id chailín óg agus nuair a tugadh smut beag níos mó seacláide dod dheirfiúr nó dod dheartháir seachas duitse? Nó an gamba breise aráin nó ime má bhí tú chomh bocht sin? An cuimhin leat an fhearg, nó níos tábhachtaí, an tuiscint don éagóir a d’éirigh aníos ionat?

Tharla seo sular chuaigh tú ar naíonra nó ar scoil ar bith, agus b’é tosach an tomhais é. Óir tá an dúil mhallaithe sa duine gach rud a thomhas amhail is gurbh í an t-aon fhírinne amháin í. Uaireanta osclaím alt nó aiste ar an meaisín draíochtúil ríomhaireachta seo, agus insítear dom go dtógfaidh sé seacht nóiméad orm é a léamh!

Chuige sin na hinnéacsaí iomadúla a dhéantar ag iarraidh comparáide a dhéanamh idir tíortha agus stáit éagsúla ar fud an domhain. Is dócha gurb é an tInnéacs Forbartha Daonna an ceann is táscúla agus is iomláine díobh ina dtagaimid amach ar an dara tír is fearr ar domhan, agus gan os ár gcionn ach an Iorua. Ach cén duine ar mhaith leis dul chun cónaithe i stát ina mbíonn sé ag báisteach 400 lá sa bhliain agus ina dtagann na focail amach as do bhéal ina gcnapáin reoite?

Is féidir a bheith amhrastúil faoin Innéacs Domhanda Sonais mar tá bunaithe ar fhéinmheas daoine agus an giúmar atá orthu. Seans go mbeadh an tír seo againne i bhfad níos airde ar an dréimire sin dá gceisteofaí daoine oíche Shathairn seachas i moiche na maidne Dé Luain. Agus bheifí idir seacht gcomhairle an tsléibhe maidir leis an Innéacs Domhanda Éiginnteachta chomh maith céanna.

READ MORE

Tá brath gheallghlacadóirí an stocmhargaidh ar na hinneacsaí rúndiamhracha atá acu siúd, is róchuma an é an Dour Jones nó an Nazidaq nó an Sunsex a bhfuil tú ag imirt air.

Ach tá slite eile fós ann maidir le feabhas nó le sibhialtacht tíre a thomhas. An ceann is ansa liom féin ná cé chomh fada isteach sa linn seo a bhfuil stát gafa ó na meánaoiseanna. Tagann go leor i gceist leis an meastóireacht agam féin, gan amhras - oideachas, sláinte, fad saoil, easpa míleatachta, ach is tábhachtaí ar fad bunreacht nua-aoiseach a bheith acu. Is é sin, an dtoghtar an ceann stáit le guth an phobail, nó an leagan amach primitíbheach cúlánta atá acu agus duine a bhfuil fuil ríoga ghorm ag sní trína chuisleanna san ardchathaoir os cionn na gramaisce?

Chuirfeadh iontas ort a bhfuil de thíortha ar domhan a bhfuil ceann stáit orthu de dheasca go raibh duine éigin dá sinsir i bhfad siar oilte in ealaín an bháis, tíortha iad a samhlaítear nua-aimsearthacht agus sofaisticiúlacht leo anois.

Ceart go leor ní thiocfaidh riail Mswati III idir tusa agus codladh na hoíche, cibé mar gheall ar an gcúigear ban déag atá aige in eSwatini, agus rúndiamhair ann féin is ea cad tá ar siúl san Araib Shádaisteach seachas go bhfuil giollaí na ríochta inniúil ar na sceana.

Ach is mó is ionadh linn go bhfuil an riail fheodach seo fós i réim i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa forásacha dul-chun-cinniúla seo a mbímid ag maíomh aisti. Orthu siúd tá an Ísiltír, ar deacair sléachtadh chomh híseal sin ann; an Bheilg ar bolg-gháire a leithéid de theaghlach a bheith ann tar éis Leopold; an Spáinn a bhuíochas le Franco ar ais agus an Iorua a dtagann na focail as a mbéal ina gcnapáin…

B’fhurasta an bhanríocht is foisce dúinn a ligean i ndearmad. Cúis ghrinn dúinn na pléaráca a ngabhann siad tríothu ó am go chéile, agus mar chairde, is é ár nguí go dtiocfaidh siad isteach sa 17ú haois, ar a laghad chomh fada le 1649.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar