Thugamar féin an samhradh linn


Buíochas mór le Dia tá an dúluachair thart anois agus laethanta brothallacha an tsamhraidh beagnach buailte linn arís.

Is maith is cuimhin liom teacht an tsamhraidh fadó agus mé i mo pháiste. I rith mhí na Bealtaine bhí altóir don Mhaighdean Bheannaithe le tógáil.

D’fháiltímis roimh an am seo le fonn mar ba mhó aire an Bhráthar Chríostaí ar an altóir ná ar chúrsaí scoile agus smachta.

Bhailímis bláthanna ónár ngairdíní agus shocraíodh an Bráthair Críostaí faoi dhealbh Mhuire ag barr an ranga iad.

READ MORE

Ní raibh teorainn le súgradh ar an tsráid sna samhraí sin agus bhímis uile amuigh go luí na gréine, bricíní ar ár n-aghaidheanna buíthe ó ghrian an tsamhraidh.

I mBaile Uailcín, Baile Átha Cliath, mar a raibh cónaí orm féin d’eagraíodh na fir áitiúla turasanna go dtí Abhainn na Dothra chun breith ar phincíní.

Bhíodh slait bhambú againn a raibh líonta beaga ceangailte astu, go minic déanta de stoca níolóin. Ag Droichead an tSeanbhábhúin shiúlaimis in aghaidh an tsrutha chun teacht ar na pincíní san uisce dorcha.

B’iad na buachaillí móra agus na fir is mó a rug ar na héisc de bharr nach raibh na páistí óga ró-oilte sa ghnó ach bhí cothrom na Féinne ann mar roinneadh na fir na pincíní orainn go léir i bprócaí gloine suibhe agus fiú i mbuidéil bhainne.

Ar dtús bhíodh an t-uisce doiléir sna prócaí ach, chomh luath is a thit an lathach go bun an phróca, d’éiríodh an t-uisce geal agus bhíodh na héisc le feiceáil go soiléir, iad formhéadaithe trín ngloine.

Níorbh fhada a mhaireadh na pincíní, áfach.

Thabharfá faoi deara ar dtús go raibh na héisc ag éirí drogallach agus ansin d’fheictí iad ag snámh ar leathcheann agus faoi dheireadh, bun os cionn go dtí go raibh a bport seinnte.

Uaireanta eile théimis amach faoin tuath go Caisleán Thigh Mhotháin a bhí ina fhothrach san am sin. Ghearraimis slait chun boghanna agus saighde a dhéanamh ach bhí an baol ann go n-ionsódh buíonta bligeárd muid.

Amuigh sna páirceanna sin taobh thall de shráidbhaile Tamhlachta ní raibh éalú ar bith ó na buachaillí fiáine sin.

Ba mhinic a bhíodh orainn ár bpócaí a ghlanadh amach agus pé sóinseáil bheag a bhí againn a thabhairt dóibh.

Cé go rabhamar go léir ar an gcaolchuid bhí an t-ádh dearg orm féin agus ar mo mhuintir go dtéimis ar ár laethanta saoire gach uile bhliain.

Saoire

Ní Ibiza ná Miama a bhí i gceist san am sin ach láithreacha ar nós Bré, an tInbhear Mór agus na Clocha Liatha.

Bhí gluaisrothar dhá bhuille ag m’athair agus ba mhór an onóir dom taisteal mar chúlóg aige nuair a bhí mo mháthair, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha imithe romhainn cheana féin ar an traein.

Agus muid ar ár mbealach go dtí an tInbhear Mór, stop m’athair ag teach tábhairne i mBaile an Chinnéide áit a d’ól sé féin pionta agus mé féin gloine bhreá liomóide.

Bhí mé chomh postúil le cat siopa i mo shuí in aice leis ag an mbear, i ‘m’fhear fásta’ i mbun comhráite leis.

Níos déanaí, nuair a bhí mé sna déaga, bhí go leor postanna samhraidh agam. Creid é nó ná creid, ba é an chéad phost samhraidh a bhí agam riamh ná ar fheirm taobh thall de Thamhlacht ag tanú tornapaí ar scilling an druil!

Bhíodh airc ocrais orm féin agus ar mo chairde faoi am lóin agus d’alpaimis ár gceapairí inár suí ar chornaí féir san iothlainn.

Agus mé 16 bliain d’aois, bhí post samhraidh agam i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag brú pramanna nua ó shiopa pramanna i Sráid Chapel go dtí siopaí mórthimpeall na cathrach.

Ba mhinic cailíní lárchathrach ag spochadh asam agus ag béicíl: “Who is she young fellah? Ah look, de poor fellah’s scarle’!”

Sílim gurb é an post samhraidh ab fhearr dá raibh riamh agam ná ag obair i monarcha shuibhe Lambe Brothers ar Bhóthar Nás na Rí.

Bhíodh orainn na gais a bhaint de na súnna talún agus iad a chur isteach i gcannaí.

Bhí na céadta déagóirí ag obair ann agus gach uile sheans go gcasfaí cailíní áille orainn.

Nuair a d’fhaighinn mo phaicéad pá tráthnóna Dé hAoine, thógainn an bus 84 go dtí na Clocha Liatha áit a mbíodh mo mhuintir ar saoire agus chaithinn an chuid eile den tráthnóna ag iascaireacht ar ché na gCloch Liath fad a luigh an ghrian ar an mBeannach Mhór.

Ní thuigeann an an duine óg cé chomh luachmhar is atá an óige féin ach tuigim go rímhaith anois agus na blianta ag scinneadh tharam – agus cé chomh cuí is atá línte an amhráin ghleoite:

Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,

Thugamar féin an samhradh linn.

Samhradh buí na nóinín glégeal

Thugamar féin an samhradh linn.