Teanga gan Teorainn

Nótaí: Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer. Grianghraf: Conchubhar Mac Lochlainn

Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer. Grianghraf: Conchubhar Mac Lochlainn

 

* ‘Teanga gan Teorainn’ a bhí mar theideal ar théama Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh i Muineachán ag an deireadh seachtaine. Agus é ag breathnú siar ar thréimhse na bliana seo caite rinne Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, cur síos ar an dul chun cinn atá déanta le gairid ag an eagras.

Cuireadh fáilte roimh 14 craobh nua i mbliana. Tá trí cinn thar lear. Mhol uachtarán an Chonartha an “obair leanúnach” atá faoi threoir Dhonnchadh Uí Aodha i gCúige Mumhan agus an córas úr timireachta atá ar bun chun na craobhacha a láidriú ar fud an Chúige chéanna.

Ag tagairt do aighnis agus míthuiscintí i saol na Gaeilge “nach bhfuil gá leo,” dúirt an Comerach gur gá a thuiscint go mbíonn tosaíochtaí éagsúla go minic ag gnéithe agus réimsí éagsúla de shaol na Gaeilge agus nach bhfuil aon slat draíochta ann le gach deacracht a éiríonn eatarthu a réiteach.

Níl na heagrais Ghaeilge saor ó locht, a dúirt sé, ach níor chóir go mbeadh “iománaithe ar an chlaí i mbun cáinte ná comhairle” ar iarrachtaí an Chonartha agus na n-eagras eile “gan leasuithe a bhfuil substaint agus fírinne leo a mholadh.”

“Níl mise ag maíomh go bhfuil ná go raibh Conradh na Gaeilge ná mórghluaiseacht na Gaeilge saor ó locht ach níor chóir go mbeadh iománaithe ar an chlaí i mbun cáinte ná comhairle ar iarrachtaí an Chonartha ná na n-eagraíochtaí eile gan leasuithe a bhfuil substaint agus fírinne leo a mholadh,” a dúirt sé.

“Chuirfinn iomlán mo mhuiníne san iománaí is laige ar pháirc na himeartha in áit an té nár thóg an camán riamh nó a d’éirigh as an iomáint toisc nach bhfuair sé nó sí a rogha áit imeartha sa bháire.”

“Nuair a tugadh faoin chóilíneachas agus faoin choncas a dhéanamh ar an tír seo an chéad lá in Éirinn is trí chur chuige “scar agus treascair” a rinneadh é agus bímid i gcónaí i mbaol na botúin chéanna a dhéanamh arís agus arís. Ní chruthaíonn teanga teorainneacha, ná cruthaíodh daoine iad.”

“Leanaimis ar aghaidh, mar sin, mar Chonraitheoirí agus mar dhaoine a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar thosaíocht againn, ag fíorú fhís ár mbunaitheoirí go cróga, go hionraic agus go díograiseach.”

* Ba é an Déardaoin seo caite Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha. D’fhógair UNESCO an lá don chéad uair i mí na Samhna i 1999 chun éagsúlacht teangacha a chur chun cinn.

“Nasc riachtanach atá inti don am a chuaigh thart, an dáimh sin dár gcultúir agus bealach tábhachtach chun cumarsáid a dhéanamh agus chun eolas, cuimhní agus stair a roinnt”, a deir Fernand de Varennes, saineolaí de chuid na Náisiún Aontaithe ar chearta daonna.

Tá de Varennes in Ollamh ar Cuairt in Ionad na hÉireann do Chearta an Duine in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt sé gurb ionann teanga agus cumhacht agus i gcásanna nach mbíonn teangacha mionlacha nó teangacha dúchais ar fáil i gcúrsaí oideachais, nó nuair nach mbíonn siad in úsáid ag údaráis stáit is léir go gcuireann sé seo le heisiamh nó fiú díspeagadh.

“Is gá cúl a thabhairt don ídeolaíocht a mhaíonn gur chóir go mbeadh teanga amháin ag sochaithe agus ag stáit agus gach teanga eile fágtha ar an imeall, go háirithe nuair a thagann sé seo salach ar chearta teangacha mionlacha agus na mbundúchasach,” a deir sé.

Comhtharlúint a bhí ann dar ndóigh gurb ar an lá céanna a d’fhógair an Roinn Oideachais an phátrúnacht do 12 bhunscoil atá le bunú i mbliana. Ina measc seo beidh dhá bhunscoil lán-Ghaeilge.

Cháin Conradh na Gaeilge an cinneadh go géar mar go mbeidh an 10 scoil eile ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Deis a bhí ann an bearna leathan a chúngú idir méid na scoileanna lán-Ghaeilge agus líon na dtuismitheoirí ar mian leo scolaíocht as Gaeilge a chur ar fáil dá gclanna.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil éagothroime struchtúrach ar leith i gcóras an Roinn Oideachais a chinntíonn nach dtiocfaidh fás suntasach go deo ar sholáthar an oideachais trí Ghaeilge.

Éanna Ó Caollaí