Tar éis an Chéasta

‘Ba thrua nach raibh scairpeanna ar imeall na fuipe agam’

Grianghraf: Getty

Grianghraf: Getty

 

Agus bhíodar ansin faoi bhun na croise ag magadh agus ag déanamh spóirt agus iad ag cuimhneamh siar ar imeachtaí an lae, agus ar imeachtaí an lae roimhe. Agus do bhí a chuid éadaigh roinnte eatarthu acu agus iad ag plé cad é go díreach a fuair duine acu seachas a chéile.

‘B’in lá maith oibre,’ arsa Longinus, agus é ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile chun a mhná agus a chuid páistí.

‘B’ea go deimhin,’ arsa Zephyrus, a raibh seirbhís déanta aige san arm ar fud an domhain. ‘Ach lá ar nós lae ar bith eile. Ceannarcaigh le cloí, reibiliúnaigh le cur chun báis, an dlí le cur i bhfeidhm.’

Agus d’fhéach siad in airde ar an gcrois agus bhí mumbo siombó éigin á bhladar ag an gcoirpeach i lár báire i dteanga éigin bharbartha. ‘Dálaí láma blac sabbataíní’ nó rud éigin mar sin. Agus shíl siad go raibh deoch ag teastáil uaidh agus shín siad spúinse chuige a raibh fíon géar ann agus dhein siad gáire nuair a theilg amach as a bhéal é, agus dhein siad gáire arís, mar ba mhór an spórt é.

‘Agus an raibh tusa ar dhuine den fhoirinn chéasta?’ d’fhiafraigh Longinus.

‘Ó, b’ea,’ d’fhreagair Zephyrus. ‘Ní fhéadfainn cur síos a dhéanamh ar an bpléisiúr a bhaineas as an lascadh. Ba thrua nach raibh scairpeanna ar imeall na fuipe agam. Ba thrua nach raibh uiscebhordáil againn ar an láthair. Caithfear reibiliúnaigh a chur síos le lámh láidir. Ba liomsa an smaoineamh mar gheall ar an gcoróin dheilgneach. Cheapas go raibh sé go maith. Is léir gur thaitn sé leis an slua. Is maith nach bhfuil aon tsaoirse á lorg acu sin.’

‘Is trua, mar sin féin,’ arsa Longinus, ‘gur ligeadh Barabbas saor. Níor mhiste liom go bhfaigheadh sé an oidhe chéanna.’

‘Nár airigh tú teacht thar fhianaise bhréige riamh?’ arsa Zephyrus.’Cad ab áil d’fhínnéithe? Conas eile a bheadh mo dhuine thuas ansin agus a theanga amuigh aige? Tá go leor airgid againn lena ghabháil arís, ach an ceannach a dhéanamh. Cuirtear an cheannairc faoi chois i dtosach, agus ansin is féidir linn déileáil leis na gnáthchoirpigh.’

‘Ach nach ndeirtear go ndúirt mo dhuine lasnairde maitheamh do dhaoine seacht n-uaire seachtód…’

‘Broimneach bhaoth! Más gá seachtó is a seacht duine a chur chun báis i mbéal maidne chun an impireacht a shábháil, déanfar é sin, gan trua, gan taise.’

Agus ansin chromadar ar a bheith ag grinneadh na mban a bhí faoi bhun na croise agus ag magadh fúthu agus ag samhlú ina dtaobh. Mná iad a bhíodh ag friothálamh ar an gceannairceach agus á leanúint nuair a bhíodh sé i nGaillimhe, agus a lán ban eile a tháinig in éineacht leis ó Iarúsailéim. Agus dúirt Longinus gur cheap sé gur aithin sé duine díobh, duine de na mná, mar go dtaobhaíodh sé na cúlsráideanna agus na foshráideanna agus na tithe aoíochta mar a dhéanadh saighdiúirí. Agus b’éigean dóibh cúbadh chucu féin nuair a tháinig athrú ar an aimsir. Óir luigh doircheacht ar an domhan, agus tháinig tintreach agus toirneach gan choinne, ionas gur dhóigh leo gur stracadh brat an teampaill ina dhá chuid ó bhun go barr.

‘Tá sé ina dhile,’ arsa Longinus.

‘Tá, agus is mithid dúinn imeacht. Ach tá rud éigin eile,’ ar Zephyrus, le géarmhagadh aithiseach. ‘An bhfuil a fhios agat, an stuif seo go léir mar gheall ar mo dhuine adúirt go raibh creideamh nua á bhunú aige? Tá íoróin mhór á leanúint. Cuirfear an milleán ar na Giúdaigh! Cé gur sinne a chéas is a chuir chun báis é! Níos fearr ná sin, tabharfar eaglais Rómhánach uirthi! Ní spórt go dtí é!’