Taisí agus taibhsí

Lorgaireacht an iontais atá i dtriall seo na dtaisí


Tá taise de chuid Treasa Kholkata ag déanamh camchuaird na tíre faoi láthair.

Nach bhfuil sin uafásach agus gránna agus primitíveach thar meon? Nach gcuireann sé dinglis uasphostúil siar trí lár do chnámhdhroma nua-aoisigh neamhphiseogaigh?

Nár chuireamar na geasróga sin ar fad dínn fadó fadó fadó cúpla bliain ó shin?

Gan amhras díoltar irisí gan teorainn ar scáth grianghrafanna snaschóirithe na gceiliúrán is mó atá thuas inniu, gan bacadh leis an duine a bheidh thuas amárach; agus íoctar na billiúin ar phictiúr de chuid Caravassodali bíodh go bhfuil a mhacasamhail chomh dílis leis an mbunrud le féachaint air; agus gheibhtear na múrtha gan áireamh de eurochaíochaíonna ar ribe gruaige de chuid Madonna, an té atá beo inniu, seachas í siúd arbh ann di cheana.

READ MORE

Ach táimidne tuisceanach agus réasúnta agus beag beann ar amaidí murab ionann agus na gamail sin a chuaigh romhainn, nach bhfuil?

Ní ghéillfimisne a choíche ná go deo do na faisin intleachtúla a raibh gach duine gráinithe orthu 20 bliain ó shin ach nach féidir cur ina gcoinne anois, an ngéillfeadh?

Ceart go leor, tá cuma ait ar thaisí a bheith á slaodadh ó thaobh taobh na tíre, agus daoine fásta amuigh á ngrinneadh mar a bheadh siad ag roc concert.

Ach b’in mar a bhí riamh anall. Daoine ag iarraidh iad féin a cheangal go daonbháúil lenar imigh rompu. Daoine ag iarraidh greim a bhreith ar rud éigin is mó ná iad féin.

Bhí an dá eaglais Chaitliceach riamh ann – ar a laghad – ach caithfimid a bheith simplí anseo.

Abraimis ar son argóna ar an gcéad dul síos, an ceann mór oifigiúil Vatacánach lena n-ardteampaill agus lena mbróga rua agus lena hataí arda agus lena trealamh mór intleachtúil níos airde ná meitifisic uile na Gearmáine arna dtógáil suas le chéile agus a cuid fealsúnachta nach raibh oiread is poillín beag amháin ann dá nglacfá lena téis bhunaidh. Sloinneadh seo ar fad sa teanga is leimhe dar cruthaíodh riamh, óir cé a léifeadh imlitir de chuid an Phápa sa stíl thromspágach sin i Laidin chomh crua le blocanna an Cholasaeim?

Ar an dul síos eile, bhí na daoine, na caoirigh bhochta ag gliúcaíocht aníos. Is acu a bhí na toibreacha beannaithe, agus na hoilithreachtaí ar shliabh, agus na deasghnátha laethúla, agus na físeanna a nochtadh a raibh amhras fúthu, agus gan amhras, na taisí a bhítí á dtarraingt ó bhaile go baile.

An é gur le magadh iad seo ar fad go léir anois?

Scéal iontach fada Barócach scéal na dtaisí, agus má tá greann iontu duitse bíodh agat led intinn bheag dhúnta thirim ar stáitse chúng an lae inniu. Lorgaireacht an iontais atá i dtriall seo na dtaisí, sireadh rud éigin nach bhfuil fáil air i seanmóin ná i searmanas.

Bhítí á dtarraingt ar fud na hEorpa, míreanna den fhíorchrois ar ar crochadh Críost, an pláta inar róstadh an t-uan ag an suipéar déanach, casúr Sheosaimh, fáinne pósta na Maighdine Muire, cloigeann Eoin Bhaiste, méar Thomáis an Amhrais, spúnóg an linbh Íosa, cleite as sciathán an Aingil Ghabriel, tairní na Páise, deilgneacha as an gcoróin spíneach, an tsleá a chaith Longinus, inchinn Pheadair naofa, corda imleacáin Íosa agus scriosanna a chuid ingne féin.

Nach iontach iad!

Saibhreas gan chrích na mblianta.

Pléascadh samhlaíochta is ea iad seo, an tsamhlaíocht bháúil chéanna as ar gineadh an Chríostaíocht i dtosach.

Cúlú samhlaíochta is ea cúlú go leor den reiligiún a bhí i lámha na ndaoine.

Is bocht mar mhalairt air teanga leamh na diagachta.

Taibhsí de shamhlaíocht i bhfad níos leithne is ea na taisí, agus sin an fáth a leantar iad.