Taibhsí de thírdhreach ar gach leathanach

Tráth é seo go dtagann cathú ort nach bhfuil an cló Gaelach fós i réim

Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Grianghraf: Dara Mac Dónaill

 

Fuair mé pas nua an lá faoi dheireadh. Ceann deich mbliana. Tá sé snasta, néata, comair agus bíonn súil agat go siúlfaidh sé leat i bhfad agus i gcéin. Bíonn caitheamh i ndiaidh an tseanphais agat, go háirithe, má tá stampaí móra air as tíortha nach dtadhlann an gnáthdhuine orthu, agus víosaí a chosain na múrtha denarii ort.

Tá ábhar ann i ngach aon cheann de theangacha an Aontais Eorpaigh agus de cheal an leabhair léitheoireachta sin a bhíonn im phóca de ghnáth, ba mhór an spraoi é iarracht a dhéanamh amach cad iad. Tá cuid acu inaitheanta go maith, agus cuid eile go bhfionnfá ar a gcló iad. Tráth é seo go dtagann cathú ort nach bhfuil an cló Gaelach fós i réim, go háirithe leis na sean ‘r’-eanna, agus ‘s’-anna úd a bhronn aduaine nach raibh tuillte againn orainn.

Tá nithe eile ann atá ‘Gaelach’ go maith mar chuid den íomhá turasóireachta. Tá taibhsí de thírdhreach ar gach leathanach - Failltreacha an Mhothair, foireann naomhóige ag dul ar na carraigreacha, bradán feasa ag léim as an abhainn, teach mór éigin nár dódh go talamh aimsir Chogadh na Saoirse, lucht spóirt os cionn coirn Mhic Chárthaigh agus Mhaguidhir, Grianán Ailigh nó mias thar a bheith dealraitheach leis, uirlisí ceoil dúchais ar díth bhodhráin, an staidiam a mbíodh Bóthar Lansdúin air fadó, tithe ceann tuí in imeall an chuain agus nod i dtreo Pheig Sayers, sliabh éigin nach é an Dá Chích é, foirgneamh leamh gloine ar son iar-nua-aimsireacht ag-dul-ar-aghaidh-chun-cinn-iúil a léiriú, lon dubh nó préachán nó fiach éilitheach éigin ag lorg bia sa sneachta, capaill ráis a thugann na billiúin isteach don chiste stáit, agus Caiseal na Rí ar deireadh ag comharthú go raibh tábhacht le Tiobraid Árann tráth murab ionann is anois.

Fairis sin, tá scata de dhealga na Teamhrach ann ag stánadh anuas orainn ón gcúinne soir ó thuaidh den leathanach, abair ón áit a bhfuil An Baile Meánach anois ar an léárscáil. Agus mar smúr mullaigh tá línte fánacha ceoil a ndeir saineolaithe liom gur frásaí iad as ‘Maidin i mBéarra’ (mo leithscéal, ‘Danny the Boy’), ‘Curachaí na Trá Báine’ (gan an báthadh), agus ‘The Boys of Kilmichael’ (gan an marú).

Is de shuimiúlacht, leis, agus cuid iontais go bhfuil smuit de thrí dhán ann. Ceann le Nuala Ní Dhomhnaill, agus nach iontach go bhfuil tús áite tugtha di? Is í an t-aon fhadhb atá ann ná gur dán é faoi leithinis Chorca Dhuibhne nach bhfuil ann ach leathoileán, agus os rud é nach bhfuil sa tír seo feasta ach ‘oileán’, b’fhéidir nach é is oiriúnaí ar fad. Is measa fós an cúpla líne as an ‘Lake Isle of Inisfree’ leis an Yeatsach, óir, oileán beag suarach fliuch bog cáidheach é Inis Fraoich i lár Locha Ghil a bhíonn Dorcha de ghnáth. Ina choinne sin, chum sé an jingil jeaingil nuair a chonaic sé grianghraf den áit i seomra fuinneoige i Londain, rud a chruthaíonn an greim atá aige ar shamhlaíocht daoine nár sheas riamh ar a chuid láibe.

Is cuid suntais níos sia amach fós an smut de dhán atá ann ag James Orr. Ó, is ea, agus ceartchreidmheachtaí thairis, is ann dó toisc gurb san Ultais é. Níorbh é an file ab fhearr riamh as Cúige Uladh é i ndéanaí aimsire -b’in Séamas Dall Mac Cuarta, gan cheist - ach ghabh sé leis na hÉireannaigh Aontaithe agus throid ar son Phoblacht na hÉireann, agus chaithfí aitheantas a thabhairt don fhreasúra sin atá ligthe i ndearmad.

Ach tar éis an tsaoil, cad a dhéanfaí abhus dá n-iompódh sliocht na bplandóirí agus Ultaiseoirí líofa ina bpoblachtánaigh lándáiríre ar ais?