Taibhrithe

Ní raibh de gach leith díom ach gaineamhlach a raibh corrchactas ag sú na gréine i lár an fhásaigh.

Tharla dom a bheith ar cheann de na bóithre fada bána sin áit éigin i liombó láir na Stát Aontaithe. Iowa nó Nebraska. Is róchuma, mar síneann na bóithre sin gach ndíreach go bun na spéire. Ghluaiseas trí chúpla sráidbhaile a bhí na céadta míle ó chéile. Agus nuair a deirim ‘sráid’bhaile, sin é a bhí iontu. Bheifeá ag súil le capaill a fheiscint ceangailte den chuaille lasmuigh den aon salún amháin. Ach is minicí ná a chéile gur Oldsmobile a bhí iontu, mar a bhí agam féin ar cíos.

Ní raibh de gach leith díom ach gaineamhlach a raibh corrchactas ag sú na gréine i lár an fhásaigh. Raon sléibhte i bhfad uaim áit a mbíodh na bundúchasaigh ag feitheamh sna scannáin. Ar éigean gur ghabh aon rud chugam nó tharm le huair an chloig.

Dá bhrí sin chuireas suntas éigin sa ghluaisteán a tháinig aniar ar mo chúla. Saghas SUV mór gránna a raibh aghaidh ainmhí péinteáilte ar a shoc. B’é b’aite liom nár scoth sé mé, ach d’fhan dom leanúint. Is ansin a cuireadh ceann de na haláraim rabhaidh ghorma ar a dhíon agus thosaigh ag liúrach. Cuireadh na soilse tosaigh ag faiteadh go mear orm mar chomhartha go gcaithfinn stad. Rud a dhein.

Beirt phóilíní chugam, duine ramhar beathaithe, an duine eile ar smuilc ag iompar colainne ba ea é. Ordaíodh dom seasamh amach. Is mé a bhí umhal. Ordaíodh dom luí ar an talamh. Dheineas amhlaidh.

READ MORE

Is ansin a d’airigh mé an chlic. Bhí gunna ina lámh ag an bpóilín ramhar. Scaoileadh liom, isteach sa chloigeann, gan aon mhíniú. De réir mar a bhíos ag dul as shíleas go raibh seo amaideach ar fad. Cén fáth go ndéanfaí mé a lámhach ar bhóthar leathan uaigneach i lár Nebraska? Nó Idaho?

Tá an t-ádh liom go dtuigim i lár taibhrimh gur taibhreamh atá ann. Mar sin, in ainneoin gur mise atá i gceist, is féidir liom a bheith beagán ar imeall na slí. Is cuma nó scannán a bhíonn á fheiscint, rud a fhágann nach féidir liom tromluí a bheith agam.

Níor ghá, áfach, go gcoscfadh sin ar chneámhaire éigin de shícanailísí iarracht a dhéanamh ar mo chuidse brionglóidí ‘a chiallú’ leis na huirlisí maola sin a bhíonn ina mála acu.

Ach an oiread le go leor den draíocht seo b’é Sicmund Fraud féin a chrom ar thaibhrithe na mban saibhre sin in Vién a roiseadh ó chéile agus siombail a bhronnadh ar throscán tí nó ar ghréithre na cistine. B’é an Id folaigh sin a bhí ag péacadh aníos, mar adéarfá, agus ag nochtadh rúin nach raibh ar eolas agat féin. Cogito ego sum. Ba mhinic m’Id féin ag rá liom gur taibhreamh ba ea taibhreamh agus nach raibh aon rud eile ann.

Is í an fhadhb a bhaineann le siombalachas a shamhlú le gach rud ná nach bhfuil aon teorainn leis mar chluiche. Tá teoiric agamsa gur siombail í an fhéasóg go dteastaíonn ó dhuine filleadh ar an bhforaois inar chónaigh an cine daonna fadó agus gur siondróm éabhlóidshantach atá ann. Mura bhfuil an téarma sna leabhair síceolaíochta fós, cuirtear isteach anois é.

An té a bhfuil fáinní cluaise air is samhailchomhartha é go bhfuil eagla a chrochta air. Duine a bhfuil stíl gruaige Kim Yung Wan aige comhartha é ar a dhúil sa chumhacht dheachtóiriúil. Tá lipéid agam ar na siondróim sin chomh maith, ach tá siad rófhada.

Níor leor assarlaíocht agus mumbósiombó Fraud le mian mhistéireach a bhualadh ar ábhar simplí, óir tháinig Carl Gustav Junk agus Alfred Addler lena gcuid gintlíochta ina dhiaidh.

Cheapamar gur chuir an leictreachas deireadh le piseoga, ach b’fhéidir gur dual dúinn iad. Ach amháin go gcaithfear íoc astu inniu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar