Tadhg an aon taobh

Lean an cith piléar ar feadh deich éigin nóiméad agus níor staonadh go dtí go raibh na hurchair go léir caite

An Sri Harmandir Sahib (Teampall Órga), Amritsar. Grianghraf: Getty

An Sri Harmandir Sahib (Teampall Órga), Amritsar. Grianghraf: Getty

 

I measc na gcleas atá á tharraingt amach d’fhonn a bheith cothrom le cách agus carthanúil le gach duine, tá an insint gur cogadh cathartha ba ea cogadh na saoirse. É seo ar an mbonn gurbh Éireannaigh ba ea formhór na Constáblachta Ríoga. Ach ní heol dom oiread is aon chogadh amháin áit ar bith, uair ar bith, ball ar bith nach raibh saighdiúirí as an aon tír amháin ar dhá thaobh den aighneas.

Bhí Gaeil ag troid ar son na Sasanach ag cath Chionn tSáile, agus muran miste leat, bhí díorma Sasanach fiú san Waffen-SS. Dá réir sin, is dócha gur cogadh cathartha is ea gach cogadh riamh agus choíche. Nuair a bhíonn an urraim á dáileadh amach, áfach, ní hé an stábla ina rugadh tú a mheánn, ach cúis an chogaidh sa chéad áit.

D’fhonn an cneasú thar ghoimh a thabhairt slán is intuigthe go mbeifí ag iarraidh gach taobh de cheist achrannach a fheiscint. Ó, is ea, is ea, bhí cogadh na saoirse casta - meánfach - bhí fir mhaithe ar an dá thaobh - meánfach eile - tá an scéal aimpléiseach agus tosca speisialta -méanfach - agus caith an focal nuance isteach cúpla uair chomh maith. Ach mo léan, uaireanta is deacair le Tadhg an dá thaobh a fhreastal.

Tóg Sulchóid Bheag, mar shampla. Ní hé an luíochán atá i gceist agam sa chás seo, ach an té is mó cáil agus gradam a tháinig as an gceantar san riamh, seachas cúpla gaiscíoch iomána. B’é Mícheál Ó Duibhir an duine sin, agus ní hé fear na sléibhte i gCill Mhantáin a choinnigh púdar leis na Sasanaigh le linn agus i ndiaidh 1798 é. Is é Sir Michael Francis O’Dwyer GCIE KCSI atá sa trácht agam, a bhí ina Leifteanant-Ghinearál ar an bPunjab san India ó 1912-1919. Éireannach breá eile adéarfá, ceithre pháiste déag sa teaghlach, feirmeoir gan a bheith gustalach amach is amach ba ea a athair, Caitliceach deas a fuair oideachas meánscoile agus é thar a bheith ceanúil ar chait.

Chuaigh isteach i státseirbhís na hIndia, chaolaigh an dréimire in airde go seolta go dtí gur cuireadh i gceannas ar na milliúin de dhaoine sa Phunjab é. Eisean a bhí os cionn na háite nuair a tharla deargár Amritsar, nó sléacht Jallianwalla Bagh mar is cruinne. Cé nárbh é a scaoil na hurchair, tá amhras mór ann gurbh é a phleanáil agus a spreag an slad; nó go fiú murar dhein sheas sé go deireadh ag cosaint na fola agus ag tabhairt tacaíochta don saighdiúir a thug an t-ordú. B’é sin Reginald Dyer, fear a fuair a chuid oideachais sa scoil a bhunaigh bean luí Liam Oráiste, is é sin, Coláiste Mhainistir na Corann.

Ar eagla nach bhfuil tú eolach air, agus nach bhfaca tú an scannán Gandhi le tamall, is amhlaidh gur scaoil saighdiúirí Sasanacha (ó mo bhrón, Indiaigh agus Nepálaigh agus Pastúnaigh ba ea iad!) le slua de léirseoirí síochánta gur maraíodh breis agus 1,000 díobh. Lean an cith piléar ar feadh deich éigin nóiméad agus níor staonadh go dtí go raibh na hurchair go léir caite. Níor ceadaíodh aon chóir leighis a chur ar na daoine gonta ar an láthair.

Thug O’Dwyer ‘correct action’ ar ar tharla agus labhair go paiseanta ar son an té a thug an t-ordú. Muran leor an bharbaracht sin, shocraigh sé go gairid ina dhiaidh sin go marófaí tuilleadh saoránach le meaisínghunnadóireacht agus buamáil ó eitleáin.

Anois duit! Tá ag dul díom dhá thaobh an scéil sin a thuiscint, ach táim cinnte gur cheart dúinn é a chomóradh mar shaighdiúir Éireannach agus leacht a chur suas mar onóir dó.