Táin Bó na Fraince

Is fearr rith maith ná drochsheasamh – go háirithe roimh thairbh


Tá eolas maith éigin ag daoine ar na hamhráin sin a thosnaíonn “Maidin mhoch is mé ag gabháil amach le fáinne geal an lae…”, nó, “As I roved out on a May morning, on a May morning quite early…”

Mura bhfuil, ní foláir nó tá tú id chónaí go buan in Féasbucaís nó sa chípearspáslann sin nach dtagann daoine as. Sna hamhráin, casann siad le hainnir dheas is úire cneas ag ródaíocht ar slí in uaigneas, agus mar sin de.

Nós seanbhunaithe agam féin is ea a bheith ag siúl an drúchta i moiche na maidne, ach ní féidir liom a rá gur casadh oiread sin ainnireacha, ná béithe, ná spéirmhná, ná mná ar thalamh féin orm sa ghluaiseacht sin liom. Ní fíor é sin, ar fad ar fad.

Bhíos féin agus mo pháirtí, Caoimhín, ag síobshiúl linn tríd an bhFrainc. Ba mhó de shiúl ná de shíob a bhí ann, áfach, óir bhí amhras ar bheirt ógánach as Éirinn sna blianta sin nuair a bhí an lasair ag dul sa bharrach i mBéal Feirste agus a raibh de réabhlóid leipreachánach curtha faoi chois i bPáras.

READ MORE

Toisc go raibh an saol lándathannach agus bláthanna ar sileadh ó gach ribe gruaige thiar, níor smaoiníomar ar airgead a thabhairt linn, ní áirím clárú le ‘An Óige’, ná puball a thabhairt linn. Spéir Dé ár ndíon lasnairde, agus talamh an diabhail ár leaba laistíos.

Ráinig oíche gur theangmhaíomar le beirt leaids óga ón nGearmáin. Bhí siad ar an táirm chéanna linne.

Scioból ná stáisiún bus ná foirgneamh folamh ní raibh inár ngaobhar, dá réir sin, b’éigean dúinn dul faoi choimirce páirce móire ar imeall bhaile.

Abair leat gur páirc mhór a bhí ann. Páirc an Chrócaigh sínte go híor na spéire. Bhí tréad bó tamall uainn, tamall fada uainn, ach níor chuir siad aon mhairg orainn.

Dheineamair an gnáthbhladar le chéile, agus thóg na Gearmánaigh a gcuid eolais síos ina gcuid leabhar nótaí.

Tarbh!

Nuair a bhuail an clog ar uair an chiúnais, chuireamar deireadh leis an ngeabstaireacht agus chuaigh a chodladh faoi chrann a bhí i gceartlár na páirce móire fairsinge leithne. Má bhí ábhairín róluath dúinne, sin é mar atá an saol.

Mar a ránaíonn, áfach, dhúisigh Caoimhín mar b’éigean dó cnaipe a scaoileadh i gcoim na hoíche. D’fhill orm óna shiúlta, thug sunc dúiseachta dhom agus dúirt mar chogar im chluais: “Na ba sin, tá’s agat, na ba sin ar fuaid an bhaill, ní ba in aon chor sinn. Is tarbhaíonta iad!”

Is amhlaidh go rabhamair inár gcnap codladta i lár feirme tarbh.

Dheineamar comhairle mheánoíche. B’fhearr cúlú de shaghas ar bith ná seasamh ar éigean.

Mhúsclaíomar na Gearmánaigh, agus ba mhó an sceimhle a bhí orthu siúd ná mar a bhí orainne. Chomhairligh Caoimhín, óir b’as Lios Tuathail dó, ball a bhí níos gaire do pháirceanna agus do ghoirt ná mar a bhí cathair Chorcaí, chomhairligh sé cúlú go stuama is go mall is gan rith.

B’fhuar aige. Tar éis 20 slat den chúpla céad míle, rith siad lena n-anam. Tá bioráin na sreinge deilgní ar éalaíomar tharstu fós ionam.

An mhaidin dár gcionn fuair cailíní deas crúite na bó sinn i ngort eile ar fad agus iad i bhfeidhil a gcuid stoc. Ní gá a rá nach raibh siad chomh comaoineach cairdiúil sin le cailíní óga na n-amhrán.

Oíche nó dhó ina dhiaidh sin, bhíomar inár luí i ngort eile fós. Sinn idir dhá iomaire inár málaí codlata. Feithidí agus eile dár bpriocadh.

“An bhfuil a fhios agat,” arsa Caoimhín, “tá seo go hainnis, ach amach anseo, ceapfaimid go mbeidh sé go hiontach.”

Bhí an ceart aige. Bhí, agus tá.