Sraith nua leabhar scríofa ag Declan Collinge

Scéalta dátheangacha

 

Aithneoidh léitheoirí de chuid an cholúin seo ainm Declan Collinge.

Is minic é ag scríobh sa pharóiste seo agus is fada i mbun pinn é. Múinteoir agus léachtóir ollscoile le M.A. agus PhD atá ann agus tá filíocht i nGaeilge agus i mBéarla foilsithe aige.

Tá sraith leabhar nua ar fhinscéalta na hÉireann scríofa aige: Clann Lir; Cú Chulainn; Oisín i dTír na nÓg; Scéal Fhinn; Diarmuid agus Gráinne agus Labhraidh Loingseach.

Le cois scríbhneoireacht Collinge, tá léaráidí daite le Nicola Sedgwick ann agus Mentor Books (www.mentorbooks.ie) a d’fhoilsigh.

Tá an scéal i nGaeilge agus an scéal i mBéarla taobh le taobh, rud a éascóidh an léitheoireacht do dhaoine nach bhfuil ar a gcompord ag léamh i nGaeilge amháin.

Nó, má tá Gaeilge (nó Béarla!) go líofa agat, tig leat léamh leat: “Fadó in Éirinn mhair muintir na Sí ar a dtugtar na Tuatha Dé Danann. Bhí draíocht ag go leor de na daoine sin.

“Tháinig am roghnaithe rí nua ar na Tuatha Dé Danann. Bhailigh siad le chéile agus roghnaigh siad Badhbh Dearg. Bhí cónaí ar Lear i gContae Ard Mhacha. Ó ba mhaith leis a bheith ina rí bhí an-díomá air nuair a roghnaigh na daoine Badhbh Dearg ina ionad.”

Dírithe ar léitheoirí óga atá na leabhair ach thiocfadh le foghlaimeoir fásta iad a léamh fosta. Tá 50 leathanach i ngach aon leabhar, €7.99 a bpraghas agus tá siad le fáil i siopaí nó ar líne anois.

The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
GO BACK
Error Image
The account details entered are not currently associated with an Irish Times subscription. Please subscribe to sign in to comment.
Comment Sign In

Forgot password?
The Irish Times Logo
Thank you
You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.
The Irish Times Logo
Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.
Screen Name Selection

Hello

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
Forgot Password
Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In

Your Comments
We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.