Sos Cogaidh

Bhí an sé mhí thosaigh 1921 sin i gcogadh na saoirse ar an tréimhse is tábhachtaí i stair na tíre.

‘Is é nach dtuigtear go minic ná go bhfuil toise idirnáisiúnta ag baint le gach aighneas, agus b’fhéidir go raibh riamh.’ Grianghraf: Sean Sexton/Getty Images

‘Is é nach dtuigtear go minic ná go bhfuil toise idirnáisiúnta ag baint le gach aighneas, agus b’fhéidir go raibh riamh.’ Grianghraf: Sean Sexton/Getty Images

 

Is beag caint atá á dhéanamh maidir leis an sos comhraic a tharla céad bliain ó shin idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine sa chogadh idir an dá thír ag an am. Is deacair an ciúnas a thuiscint cé go raibh an eachtra chéanna ar chor chomh tábhachtach le haon imeacht eile ag dul siar chomh fada le 1798. Baineann cuid mhaith leis an gcóivid, a bhfuil deireadh curtha aige le haon phlé eile timpeall ar pholasaithe den uile shaghas, ach gur leithscéal iontach atá ann gan dul i ngleic leo. Cloiseann tú an osna faoisimh ó na hallaí bána agus is féidir le tráchtairí áirithe staire codladh go headartha arís.

Bhí an sé mhí thosaigh 1921 sin i gcogadh na saoirse ar an tréimhse is tábhachtaí i stair na tíre. Is lena linn a buaileadh isteach in aigne chloigeanndhoicheallach rialtas na Breataine go gcaithfí réiteach le toil an phobail in Éirinn. Is ea, bhí nach mór ceithre mhilliún saighdiúirí faoi éide acu ag deireadh an chéad chogaidh mhóir bharbartha is a d’fhill abhaile chun na monarchana a d’fhág siad. Ba chuma leo na mná a sheas an fód sna monarchana céanna a chur ar ais chun na cistine, ach sin í an Bhreatain duit. Fós féin is beag amhras ná go bhféadfaí Éire a chloí arís le hollfhoréigean gan taise dá mb’áil leo.

D’fhéadfadh na Stáit Aontaithe ar ala na huaire seo an domhan ar fad a chloí le hairm núicléacha soicind ar bith ar mhian leo le tadhall beag cnaipe, agus ditto an Rúis agus an tSín, fara scata stát fíochmhara eile. Ach ar éigean a dhéanfaidh - cé go raibh tráth ann ar mhór é ár n-eagla - óir, cad a bheadh fágtha dóibh?

Bhí an port céanna ag Nevil Mac Riada GOC an airm ghallda in Éirinn 1921, aon speach amháin eile, aon chic fós, tuilleadh dúnmharaithe, breis dóiteáin, níos mó saighdiúirí agus dúchrónach agus RIC, aon tonn sceimhle amháin eile agus beidh an lá linn. Cár airíomar é seo ina dhiaidh?

An bhfuil aon ghaol aige le Mac Artúir sa Chóiré, le Kissinger in Vítneam, le borradh Cheney/Bush san Iaráic agus le hiliomad cogadh eile a rachadh thar theorainn an leathanaigh síos? Go deimhin bhí moltaí dá sórt ag an Sóivéad Aontaithe san Afganastáin san iarracht choncais acu siúd idir 1979 agus 1989. Tá an chuma air gur bhaoth iad na hiarrachtaí go léir úd.

Is de shuimiúlacht go dtuigeann an tUachtarán Biden an rud a thuig Gorbachev agus Shevardnadze fadó, agus na Sasanaigh in 1850, agus anois nuair a bheidh siad ag caolú leo abhaile mar eireaball de chuid na Stát Aontaithe, gur fearr an Afganastáin a fhágaint faoi na hAfganastánaigh, cé gur diancheacht uafáis é sin dá lán.

Is é nach dtuigtear go minic ná go bhfuil toise idirnáisiúnta ag baint le gach aighneas, agus b’fhéidir go raibh riamh. Níorbh iad Arm Phoblacht na hÉireann amháin a thug Mac Riada chun bord an phlé ach go raibh arm na Breataine gnóthach in aghaidh daoine dána eile ar fud an domhain bhréanaigh ag an am gcéanna agus go rabhthas ag tuiscint go mall go raibh níos mó ná saigheada agus sleánna agus boghanna acu feasta.

Le linn na gcomhráití sin céad bliain ó shin bhí impireacht an oileáin mhóir i mbun slaite agus smachta ar an India, ar an Éigipt, ar an Iaráic, gan trácht ar na mionchorraíola (dar leo) a bhí i ngach aon fhearann eile faoin súiste dall acu. Is é nár tuigeadh ná go raibh na súile sin thar lear dírithe ar imeachtaí Theach an Ardmhéara ar an lá cinniúnach sin tá céad bliain ó shin ann chomh maith.

Ach bhí.