Sláine críche

Cloisimid anois é sa stracadh agus sa choscairt atá ar siúl san Úcráin.

Uaireanta ba dhóigh leat gur nathaíocht ar fad is ea an caidreamh idirnáisiúnta polaitiúil. Páirtithe a bhfuil ‘daonlathas’ ina dteidil ar deachtóireacht iad, dreamanna eile atá in ainm is a bheith ‘Críostúil’ ach nár léigh an tseanmóir ar an gcnoc riamh, cosc agus cinsireacht á ndéanamh acu siúd a mhaíonn gur mór acu ‘saoirse cainte’ (fad is go n-aontaitear leo).

Cuid den nathaíocht ghránna gan bhrí sin is ea ‘sláine críche’ nó ‘integretad territorial’ nó ‘intégrité territoriale’ i dteangacha iarEorpacha eile. Cloisimid anois é sa stracadh agus sa choscairt atá ar siúl san Úcráin. An Rúis ag iarraidh fearann na tíre a theascadh, nó smuit a ghoid, nó sciartha a thabhairt isteach faoina n-ascaill féin. An Úcráin ar a dícheall a sláine críche féin a choimeád gan bhearna.

Ar an leith eile, is binn le gach rialtas amuigh ansin, dar leo, ‘toil an phobail’, nó ‘guth na ndaoine.’ Níl aon tír atá admhálach i bhfóda beannaithe bána a críche féin a thabhairt uaithi. Mura bhfuil tú dall ar fad, áfach, agus go fiú is munar dhein tú an loighic fhealsúnta go leibhéal na naíonán beaga, tá míréir agus coinbhleacht idir an dá sheasamh.

Mura bhfuil, cuir i gcás, go simplí is go saonta, pobail éagsúla laistigh de stát mór uileghabhálach toilteanach cloí leis an stát mór uileghabhálach ollsmachtúil sin, cé aige a bhfuil an ceart? Teorainneacha beannaithe an stáit, nó toil lag dhaonlathach an phobail?

READ MORE

Sa chás, mar shampla fánach, go dteastódh ón gCatalóin imeacht ó ríocht na Spáinne le guth a muintire go deonach, réabfadh sin ar shláine críche España mar atá faoi láthair. Ceist eile ar fad is ea an ligfí leo, ach b’fhéidir go n-inseoidh an aimsir ar ball.

Ach is baoth ar fad a bheith ag maíomh beannaitheacht agus dosháraitheacht na sláine críche féin.

Is í a mhalairt ghlan atá fíor. Má tá aon rud amháin cinnte agus doshéanta mar gheall ar theorainneacha tíortha is é go n-athraíonn siad bun barr, siar aniar, suas síos, timpeall agus ar ais. Níl le déanamh ach féachaint ar léarscáil ar bith atá 100 bliain d’aois. Nó gabh siar go dtí tréimhse ar bith is ansa leat.

Bhí tráth ann ó 1795 go dtí tar éis an chéad chogaidh bharbartha nárbh ann don Pholainn in aon chor. Ar chor ar bith. Scuabtha glan de thalamh an tsaoil. Slogtha agus roinnte agus múchta. Agus cé is cuimhin leis Stáit an Phápa anois, nach bhfuil sa Vatacáin ach cnaipe imleacáin díobh? Cad d’imigh ar Ríocht an Dá Shicil? An Phrúis mhór ba ghlórmhar tráth?

Gan trácht ar na hathruithe móra a tharla lenár linn nuair a leáigh an cumannachas in oirthear na hEorpa agus nach bhfuil a iarmhairt réitithe go fóill?

Tá stáit nua ag teacht is ag imeacht an t-am ar fad. Scar Eritrea ón Aetóip sa bhliain 1993, ceapadh an Súdán Theas as conablach an tSúdáin mhóir in 2011, agus tharlódh deighilt eile ansin fós. Cad tá san Afraic ó Iles des Chiens na Túinéise go Cape Agulhas ó dheas ach línte a tharraing an Eoraip chaoin ar mhapa bán gan beann ar na seanriochtaí Sokoto, Urambo, Xhosa, agus na dosaein eile?

Agus ar na himill féin tá athruithe agus malartuithe ag dul i gcónaí. Fuair Panama ceantar na canálach ar ais ón US, ghéill an Phoirtingéil Macau don tSín, thug an Nigéir blogh don Chamarúin, agus dheonaigh an Rúis féin oileáin san oirthear don tSín chomh déanach le 2004.

Níl aon rud is buaine ná an t-athrú, an t-athrú teorainneacha go háirithe.

Pé rud a tharlóidh de thoradh an chogaidh san Úcráin, beidh léarscáil pholaitiúil eile againn ina dhiaidh, bíodh sin éigeart nó ceart. Mar a bheidh againne le hÉirinn aontaithe.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar