Seó mór na Gaeltachta, Aisling?, ar camchuairt


Tá Aisling? – seó mór stáitse le healaíontóirí na Gaeltachta – ar camchuairt faoi láthair.

Faoi stiúir ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar turas “machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona”.

Is léiriú é Aisling? ar shaothair nuachumtha de chuid ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta – idir ceoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí.

Tá, ina measc sin, Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir as Dún na nGall; Seán Ó Flaithearta, dearthóir as Inis Mór; Pól Ó Ceannabháin, amhránaí as Conamara agus Méabh Ní Bheaglaíoch, ceoltóir as Corca Dhuibhne.

READ MORE

Deir lucht a heagraithe go bhfuil níos mó i gceist le Aisling? ná oíche siamsa – is é a mian go spreagfadh an oíche spiorad pobail i ngach duine a fheiceann é trí nasc a chruthú leis an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916: “...tugann Aisling? cuireadh do phobal na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil i ndán dúinn mar phobal, le scoth an cheoil agus na healaíne”.

Beidh Aisling? le feiceáil amárach agus Dé Céadaoin sa Theatre Royal, Port Láirge; i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé hAoine agus Dé Sathairn agus i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, agus i Ráth Chairn ina dhiaidh sin arís. Eolas: aisling2018.com