Scoil Gheimhridh Merriman le cian a thógáil den Ghael


Is in Inis, Co an Chláir, a bheidh Scoil Gheimhridh Merriman ar siúl an deireadh seachtaine seo.

‘Éigse Éireann go hAonteach’ an téama agus is iad Máire Ní Neachtain agus Liam Ó Dochartaigh stiúrthóirí na scoile.

Seo an 50ú scoil, éacht ann féin. Bhí an file Nuala Ní Dhomhnaill i láthair le dán a léamh nuair a bunaíodh an scoil an chéad lá riamh agus beidh sí páirteach arís i mbliana. Beidh sí faoi agallamh ag an Ollamh Patricia Coughlan, Luimníoch ó dhúchas, agus í ag caint, i measc nithe eile, ar a ‘céadsearc’, amhráin mhóra na Mumhan. Casfaidh Muireann Nic Amhlaoibh, ceoltóir agus amhránaí, roinnt de na hamhráin seo.

Scríbhneoirí móra eile a bheidh páirteach sa scoil ná na hollúna Máirín Nic Eoin agus Alan Titley. Beidh siad i mbun comhrá le Cathal Póirtéir, file, faoi mar a thugann scríobh agus scoláireacht na Gaeilge “súil eile ar Éirinn”, nó fiú “súil eile as Éirinn”.

READ MORE

Ní súil siar amháin a bheidh ar siúl mar go mbeidh seimineár ar an scríbhneoireacht reatha ‘Trí Mheán na Gaeilge’. Cluinfidh an lucht éisteachta tuairimí le saineolaithe ina gcuid earnálacha féin: Shiobhán Ní Ghadhra ó Ros na Rún; Séamus Barra Ó Súilleabháin, file, agus Darach Ó Scolaí, scríbhneoir agus foilsitheoir.

Beidh seoltaí leabhar ann, léamh filíochta le Doireann Ní Ghríofa agus imeachtaí ceoil fosta. Eolas: www.merriman.ie nó eolas@merriman.ie