Scéim chónaitheach Ghaeilge i nGaillimh

Mic léinn le Gaeilge in aon áras amháin


Sheol uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, an tríú scéim teanga de chuid na hollscoile an tseachtain seo caite. Tá scéim chónaitheach, ar bhonn trialach, do mhic léinn le Gaeilge i measc mholtaí na scéime. Cuirfidh an ollscoil lóistín ar fáil do sheisear cainteoirí Gaeilge ar an champas in aon áras amháin i mbliana. Is é mian na hollscoile cur leis an líon sin ach iarraidh bheith ar an scéim.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go raibh “an Ghaeilge, agus cur chun cinn na Gaeilge lárnach i saol agus saothar na hollscoile. Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil tús á chur in athuair le Scéim Chónaitheach Ghaeilge. Cuireadh an chéad scéim dá leithéid ar bun i mBaile na Coiribe breis agus 25 bliain ó shin, agus is ceart, sa chomhthéacs sin, fáilte a chur roimh ghlúin nua a bheidh ag teacht le chéile i gcomhluadar na Gaeilge i mBaile na Coiribe”.

Le cois na scéime, ceapfar Comhordaitheoir Straitéiseach do ghníomhaíochtaí feasachta na Gaeilge ar champas; tá struchtúr nua curtha i bhfeidhm chun suíomh gréasáin na hollscoile a chur ar fáil i nGaeilge agus cur le hábhar Gaeilge an tsuímh ag http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/ agus tá Plean Institiúideach Teanga le réiteach a dhéanfaidh comhaireamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge agus a leibhéal inniúlachta i measc fhoireann na hollscoile.