Scéal Maureen O’Hara - ‘Banríon Hollywood’

Alt nuachtáin faoin aisteoir a spreag de Valera chun cainte oíche amháin in Eanáir 1946

Bhí Maureen O’Hara naoi mbliana déag d’aois nuair a ghlac sí páirt in The Hunchback of Notre Dame (1939).

Bhí Maureen O’Hara naoi mbliana déag d’aois nuair a ghlac sí páirt in The Hunchback of Notre Dame (1939).

 

FOCLÓIR: Bunreacht - constitution, Coróin na Breataine - British Crown, maorlathas - bureaucracy, a shéanadh - to renounce/deny, géillsinigh - subjects, ceannasach - sovereign, riarthóirí - administrators.

Sa bhliain 1946 agus é ag caint ag ócáid i bPort Láirge, theastaigh ón Taoiseach Éamon de Valera a chur in iúl gur tír cheannasach, neamhspleách í Éire.

“Tá ár mBunreacht féin agus ár ndlíthe saoránachta féin againn, agus níl dílseacht ag saoránach ar bith dínn don Bhreatain ná do Choróin na Breataine,” ar seisean agus é ag labhairt as Béarla.

“Ní géillsinigh Bhriotanacha muid...Is masla é a leithéid sin a ghlaoch orainn.”

Dar ndóigh, ba mhinic ráitis mar sin déanta aige roimhe sin agus ba chinnte go gcloisfí a leithéid uaidh arís.

De ghnáth, ba le daoine a ghríosú a dhéantaí ráitis mar seo ach an babhta áirithe seo, is ag iarraidh stádas neamhspleách na tíre a dhaingniú i súile mhaorlathas Mheiriceá a bhí sé.

Alt nuachtáin a spreag de Valera chun cainte an oíche úd in Eanáir 1946. Tuairiscíodh san alt úd gur éilíodh ar an aisteoir iomráiteach Éireannach, Maureen O’Hara, dílseacht don Bhreatain a shéanadh agus í ag déanamh iarratais ar shaoránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is cosúil nach raibh Éire ar an liosta tíortha a bhí ag riarthóirí na saoránachta.

Dhiúltaigh sí sin a dhéanamh dar ndóigh agus dhearbhaigh sí nach raibh dílseacht ar bith aici don Bhreatain mar gurbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í agus gur saoránach Éireannach í.

Deirtear gur de bharr an tseasaimh láidir a ghlac O’Hara a cuireadh deireadh leis an nós a bhí ag an maorlathas thall saoránaigh na hÉireann a áireamh ina saoránaigh Bhriotanacha.

Bhí cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Maureen O’Hara faoi 1946. Ach cén chaoi ar éirigh leis an mbean chumasach seo a bealach a dhéanamh ó chomórtais agus feiseanna i Raghnallach go stáitsí sna mór shaotharlanna scannánaíochta i Hollywood?

Inseofar scéal Maureen O’Hara (nó Maureen FitzSimons mar a bhí uirthi sular athraigh sí a hainm) i gclár faisnéise de chuid Dearg Films atá le craoladh ar TG4 ar lá Nollag.

Sa chlár, atá léirithe ag Brian Reddin le Carrie Crowley ag inseacht an scéil, insítear faoin tsuim a bhí ag O’Hara sa chumann sacair Shamrock Rovers, agus faoí chás mór dlí a thóg sí i gcoinne irise i Meiriceá a rinne clúmhilleadh uirthi.

I measc na rannpháirtithe ar an gclár tá teaghlach, cairde Maureen, agus a comh-réaltaí iomráiteacha amhail Hayley Mills, Stefanie Powers agus Patrick Wayne.

Ba aisteoir den scoth í dar ndóigh agus bhain sí amach cáil idirnáisiúnta. Bhí sí ar dhuine de mhór réalta na hÉireann in Hollywood agus ar dhuine de na haisteoirí ab fhearr aithne ar domhain lena linn.

Cuimhneoidh go leor ar The Quiet Man nuair a smaoiníonn siad ar a cuid oibre ach rinne sí os cionn 65 scannán ar fad le linn a saoil agus bronnadh Oscar uirthi sa bhliain 2014.

Bean stuama ab ea í a sheas i gcoinne na h-éagóra agus i gcoinne an bhealaigh ar caitheadh le mná i Hollywood - na blianta fada sular cuireadh tús leis an ngluaiseacht #MeToo.

“Bean fhíor láidir ab ea Maureen O’Hara,” arsa Bríona Nic Dhiarmada, Ollamh Léinn na hÉireann Thomas J agus Kathleen M. O’Donnell, Ollscoil Notre Dame.

“Nuair a bhí sise gníomhach i Hollywood, dar ndóigh bhí an ‘casting couch’ faoi lán seoil ag an am agus sheas sí ina choinne sin. Sheas sí an fód go láidir ina choinne. Feimineach ab ea í,” a dúirt Nic Dhiarmada.

Craolfar Maureen O’Hara: Banríon Hollywood ar TG4, ar lá Nollag ag 9 i.n.

Réimse leathan Clár eile a mbeidh an-tóir air lá Nollag ná, The Dubliners - The Parting Glass. Cé go raibh Ronnie Drew, Luke Kelly agus Ciarán Burke uile ar shlí na fírinne, shocraigh Barney McKenna agus John Sheahan, tabhairt faoin stáitse le chéile uair amháin eile. Ba é sin an uair dheireanach a taifeadadh bainseó Barney McKenna. Fuair sé bás go hobann in Aibreán 2012, dhá mhí i ndiaidh na ceolchoirme. Craolfar The Dubliners - The Parting Glass ar lá Nollag ag 9.55 i.n.

Príosún Seoladh an leabhar ‘Príosún’ le Brian Ó Baoill ar an idirlíon an Luan seo caite. Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg (Raidió na Gaeltachta) a bhí ina cathaoirleach ar an ócáid agus léadh teachtaireachtaí ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn agus ón iar-Fheisire Eorpach Máire Geoghegan Quinn.

Cuntas atá sa leabhar ar thréimhse chinniúnach i stair chearta na Gaeilge. Chaith Brian tréimhse i bpríosún sa bhliain 1985 tar éis dó diúltú ceadúnas teilifíse a íoc. Ba chuid é an agóid sin d’fheachtas náisiúnta a bhí ar bun ag Conradh na Gaeilge.

Ag seoladh an leabhair bhí seisiún plé ar-líne le painéal a bhí comhdhéanta de dhaoine a raibh baint acu leis an bhfeachtas nó atá ag plé i gcónaí leis an Ghaeilge.

Ina measc bhí Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Ó Feinneadha, gníomhaí teanga agus comh-bhunaitheoir Na Gaeil Óga CLG, Peadar Mac Fhlannachadha, leas Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhí i mbun cúrsaí poiblíochta, Osgur Ó Ciardha, comh-bhunaitheoir Pop-Up Gaeltacht agus mac le Cairbre Ó Ciardha, Sorcha Ní Mhonacháin, iriseoir le Nuacht TG4 agus iníon le Tomás Ó Monacháin, agus Andrea Ní Chuinn, mac léinn Cumarsáide agus Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Ag Útamáil Liom: cuimhní cinn D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht “Ag Útamáil Liom: cuimhní cinn”, leabhar a scríobh Pádraic Breathnach. Is údar é an Breathnach a bhfuil an iliomad scríofa aige ó ghearrscéalta go húrscéalta agus ailt. Bhronn an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach Gradam Liteartha an Bhuitléaraigh air i 1992 agus tá saothar leis aistrithe go Béarla agus go teangacha eile. Chaith an Breathnach tréimhsí ag obair i Londain agus ag múineadh i nGaillimh, i gCarraig an Tobair, i gColáiste Belvedere i mBaile Átha Cliath, i gColáiste Chonnacht sa Spidéal agus ina léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, i Luimneach. Cur síos atá sa leabhar, Ag Útamáil Liom ar mhór spéiseanna an údair- an dúlra, an tsiúlóid, an taisteal, an t-each mharcaíocht agus an chuil-iascaireacht. Breis eolais: cic.ie

Cúntóir Eagarthóireachta Taighde Tá cúntóirí eagarthóireachta taighde á n-earcú ag grúpa taighde Gaois, Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Beirt atá le hearcú agus beidh siad ag obair ar thionscadail éagsúla i réimsí na téarmeolaíochta agus na ndaonnachtaí digiteacha Gaeilge.

Tá breis eolais faoi na tionscadail éagsúla atá faoi chúram Gaois agus na riachtanais poist le fáil ag gaois.ie nó is féidir le hiarrthóirí teagmháil a dhéanamh le Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge chun an post seo a phlé: An Dr Úna Bhreathnach (01 700 8083) nó una.bhreathnach@dcu.ie