Saor-raidió Chonamara- Seachtain na Cásca 1970

“Mura gcuirfidh an Rialtas raidió dlisteanach ar bun b’fhéidir go mbeidh raidió mí-dhlisteanach ann.” - Máirtín Ó Cadhain san Irish Times (27 Feabhra, 1970)

Colm Ó Donnchadha, ar an aer, le linn craoladh ‘Saor-raidió Chonamara’ ó Ros Muc 1970. Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, a d’eagraigh an craoladh bradach. Grianghraf: Michael Shaughnessy le caoinchead an Tuam Herald

Colm Ó Donnchadha, ar an aer, le linn craoladh ‘Saor-raidió Chonamara’ ó Ros Muc 1970. Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, a d’eagraigh an craoladh bradach. Grianghraf: Michael Shaughnessy le caoinchead an Tuam Herald

 

Foclóir: leathchéad bliain - fifty years, Cath Thaobh a’ Bhogaigh - Battle of the Bogside, aidhm - aim, nuachtán seachtainiúil - weekly newspaper, craoladh bradach - pirate broadcast, trealamh craoltóireachta - broadcasting equipment, céibh - quay.

Aimsir na Cásca leathchéad bliain ó shin chuaigh Saor-raidió Chonamara ar an aer don chéad uair. I mbun an chraolta bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. ‘Stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí na tíre ar fad sa Ghaeltacht’, a bhí ar cheann de aidhmeanna na Gluaiseachta, nuair a bunaíodh é mí an Mhárta 1969, ach is beag a dúradh faoin aidhm chéanna le linn feachtas an olltoghcháin 1969, nuair a sheas Peadar Mac an Iomaire i nGaillimh Thiar do Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tar éis an toghcháin músclaíodh spéis arís sa cheist de bharr a bhí ag tarlú i nDoire, áit a raibh Radio Free Derry ar an aer le linn Cath Thaobh a’ Bhogaigh. In alt a scríobh Seosamh Ó Cuaig, sa nuachtán seachtainiúil INNIU dúirt sé go mba cheart don Ghaeltacht sampla Radio Free Derry a leanacht dá bhféadfaí teicneoir a fháil.

Is cosúil gur léigh Micheál Ó hÉalaithe, mac léinn innealtóireachta i UCC, an t-alt nó gur chuala sé go raibh dream i gConamara ag iarraidh trealamh craoltóireachta le dul ar an aer. Tharla gur chas sé le Colm Ó Donnchadha ó Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag Féile Drámaíochta na nOllscoileanna i Taibhdhearc na Gaillimhe agus thairg sé a chuid scileanna teicniúla chomh maith le trealamh craolta a chur ar fáil. Glacadh leis an tairiscint agus tháinig Micheál Ó hÉalaithe agus Martin Dwyer, go Conamara le réiteach don chraoladh bradach.

Teach an Phiarsaigh

De bharr an cheangail a bhí idir Éirí Amach na Cásca agus Ros Muc, socraíodh gur ó Ros Muc le linn na Cásca a chuirfí an ‘raidió mí-dhlisteanach’ ar an aer. Bhí Seosamh Ó Cuaig ag iarraidh an craoladh a dhéanamh as Teach an Phiarsaigh. Mar go gcaithfí briseadh isteach (sa teach), bhí Piaras Ó Gaora glan ina aghaidh sin, le teann omóis don bPiarsach. Ar ndóigh bhí aithne pearsanta ag Colm Ó Gaora, athair Phiarais, ar an bPiarsach nuair a bhí cónaí air i Ros Muc. Sa deireadh is ó charabhán ar cíos a socraíodh taobh le teach Uí Ghaora, a chuaigh Saor-raidió Chonamara ar an aer ag 6.00pm, Satharn Cásca caoga bliain ó shin.

Caitlín Nic an Iomaire ó Dhoire Né an chéad duine a labhair ag fógairt Saor-raidió Chonamara ar an aer. Léigh Piaras Ó Gaora an nuacht agus scéal mór aige ar an gcéad mhír: gur tháinig bád laisteas luchtaithe le suimint le céibh i gCill Chiaráin an mhaidin sin ag iarraidh an stailc sna monarchan suiminte a bhriseadh ach gur éirigh le Cearta Sibhialta na Gaeltachta in éindí le muintir na háite bac a chur le díluchtú an bháid.

Lean an craoladh ar feadh na seachtaine, sé huaire an chloig gach lá le ceol is mó, chomh maith le míreanna nuachta, ullmhaithe ag Piaras Ó Gaora. Ag deireadh na seachtaine bogadh an carabhán go láthair nua taobh le teach Uí Fhlaithearta, ar an nGleann Mór, An Cheathrú Rua. Fógraíodh ar an aer cá raibh an ‘stiúideo’ lonnaithe agus tugadh cuireadh do dhaoine tíocht ann le haghaidh saor-chéilí an tráthnóna sin agus is cosúil gur tháinig na sluaite.

Seosamh Ó Tuairisg ag tíocht amach as an gcarabhán a bhí in usáid ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar stiúideo craolta, le linn do Saor-raidió Chonamara a bheith ar an aer, 50 bliain ó shin. Grianghraf: Tomás Ó Ráighne, á usáid le caoinchead Helena Uí Raighne
Seosamh Ó Tuairisg ag tíocht amach as an gcarabhán a bhí in usáid ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar stiúideo craolta, le linn do Saor-raidió Chonamara a bheith ar an aer, 50 bliain ó shin. Grianghraf: Tomás Ó Ráighne, á usáid le caoinchead Helena Uí Raighne

Toradh na hOibre

Bhí Cearta Sibhialta ag brú doras oscailte nuair a éilíodh stáisiún raidió don Ghaeltacht. Bhí George Colley, Aire Gaeltachta ag an am, sásta tacú go poiblí leis an éileamh agus bhí RTÉ oscailte don smaoineamh chomh maith, mar a thug Seosamh Ó Cuaig le fios ar INNIU (9 Eanáir, 1970) tar éis dhó casadh le Tom Hardiman, Stiúrthóir Ginearálta RTÉ a thug le tuiscint dhó go mbeadh ‘stáisiún lán-trealmhaithe lán-Ghaelach’ á bhunú le freastal ar Ghaeltacht na Gaillimhe ‘taobh istigh de achar gearr’.

Tar éis craoladh Ros Muc chuir Seosamh Ó Tuairisg agus Micheál Ó hÉalaithe iarratas foirmeáilte chuig an Aire Poist agus Teileagraif, P. J. Lalor, ag iarraidh ceadúnas craolta raidió do Raidió Chonamara, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Go bhfios dom níor tugadh freagra ar bith ar an iarratas.

Chuaigh an Saor-raidió ar ais ar an aer, ó Ros Muc, tús mí na Samhna 1970, ag craoladh an uair seo ó Thigh Mhaidhceó. Faoi dheireadh na míosa sin fógraíodh go raibh stiúideonna nua le tógáil ag RTÉ i nGaoth Dobhair, Conamara agus Corca Dhuibhne fá choinne Raidió na Gaeltachta.

Ar Domhnach Cásca 1972, chuaigh Raidió na Gaeltachta i mbun seirbhíse don chéad uair agus seachtar clár reachtaire de bhunú na Gaeltachta ar an bhfoireann agus Micheál Ó hÉalaithe ina Stiúrthóir Teicniúil ar an stáisiún nua.

Mar thoradh ar an gcraoladh bradach 50 bhliain ó shin, bhí bua mór bainte amach ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, bua a bheas á cheiliúradh i Ros Muc, mí na Samhna seo chugainn ach an víreas coróineach a bheith sáraithe.