Santa agus an Saol Nua

Is é nach raibh coinne ar bith aige leis, na Gardaí aeráide.

Thuirling an carbad aeir. Grianghraf: Getty

Thuirling an carbad aeir. Grianghraf: Getty

 

Bhí an oíche mhór thart. Bhí Santa agus a chuid giollaí tuirse traochta caite spíonta tar éis a gcuid saothair. Ní raibh dé iontu. Ba chuma nó sifíní sa ghaoth iad. Is iad a bhí tréith, tinn, tuirseach, dú dóite, agus dá n-inseofaí an fhírinne níor mhaith leo bréagán eile a fheiscint go deo arís…nó go dtí an bhliain seo chugainn.

Is iad a bhí ag cur allais in ainneoin an fhuachta. Shíl siad ar tús tuirlingt in Hevonperseenmukta ach bhí an iomad sneachta ann agus b’éigean triall ar Saaranpaskantamasaari ar deireadh. Bhí cúpla bréagán fágtha fós toisc tithe nach raibh cead isteach acu iontu, agus de bharr pusacháin de thuismitheoirí a bhí ar a mionda draíocht na hóige a mharú os cionn an chliabháin.

Thuirling an carbad aeir. B’éigean do Shanta a chuid géag a luail, is a chosa a shíneadh, is a mhuineál a chasadh, is a mhéara a chroitheadh, is a dhrom a dhíriú is gigildí gogaidí a dhéanamh le ladhraicíní a chos á gcur ag gluaiseacht. Ní mór nach raibh sé reoite.

Ba mheasa fós go raibh meáchan mhór curtha suas aige ar an turas. Na pióga sin go léir ar ghá cuid acu a thabhairt do na reinfhianna agus na bolgaim bheaga den uisce beatha ceann ar cheann, chuaigh siad i bhfeidhm air. Ba dhóbair dó a bheith sáite i simné amháin i mBaile na mBolg agus ar éigean gur éirigh leis éalú an doras amach i gCathair na gCorp gCeartbheathaithe.

Thar aon rud eile, áfach, bhí tuirse air. Theastaigh uaidh luí siar ar a leaba ina gcoinneodh seithí na n-ainmhithe a mharaigh daoine eile slán é.

Is é nach raibh coinne ar bith aige leis, na Gardaí aeráide.

Bhí siad roimhe lena gcuid mascanna ar a n-aghaidh acu agus giúirléidí tomhais nach bhfaca sé riamh cheana. Faisc-chláir le hucht acu a léirigh cuma an údaráis. Gramhas orthu a fuair siad de thoradh oiliúna chéad bhliana.

‘Cé thusa?’

‘Santa.’

‘Santa cé hé?’

‘Santa na mbuachaillí agus na gcailíní.’

‘Ná bí smeartáilte. An bhfuil ceadúnas agat?’

Chuaigh Santa ag póirseáil isteach ina chuid pócaí agus shín giobal éigin páipéir dóibh. Scrúdaigh duine den phéas é, duine a bhí óg tráth, ach ní ar an saol seo.

‘Tá seo as dáta,’ ar seisean, ‘le breis agus céad bliain.’

Bhí mearbhall ar Shanta: ‘Ach níor lorgaíodh aon rud mar seo uaim ó 1847,’ ar seisean, ‘agus an uair sin ceapadh go raibh prátaí sa mhála agam’.

Dhein na Gardaí gáire magaidh.

‘Is léir go mbaineann tú leis an seansaol,’ ar siad d’aonghuth. ‘Ní sheachadtar prátaí níos mó’ agus dhein na Gardaí go léir sceartadh gáire d’aon ghuth. ‘Agus an bhfuil do theastas sábháilteachta aeráide agat id phóca thíos?’ arsa na Gardaí d’aon ghuth.

Ba léir mearbhall beo go héag a bheith ar Shanta agus chroith sé a chuid guaillí móra tinne idir chuma liom agus ainbhios.

‘Is chuige atáimid,’ ar siad d’aonghuth, cé go raibh duine amháin beagán chun tosaigh ar an gcuid eile mar a bheadh macalla ar an raidió, ‘ná go bhfuil fionnta againn go bhfuil breis agus 40,000 tonna den ghás ceaptha teasa scaoilte amach agat agus ag do chuid réinfhianna i gcaitheamh na hoíche aonair singilte seo amháin. Is leor de dhochar an méid sin ar son na hoíche anocht. Cén droch-chaoi a bheadh orainn sa chás is go mbeadh an chamchuaird seo á déanamh agat gach oíche? Tá de dhualgas orainn stop a chur leat anois ball díreach.’

Agus leis sin, ghabh siad é le boltaí ceangailte crua agus thugadar na réinfhianna chun an tseamlais d’fhonn stéigeanna a dhéanamh astu, agus chualathas guth ag éamh as an gcarcair - ‘ach na cailíní…agus na buachaillí…’