Samhradh na gclamhán sa spéir mhór iontach

Clamhán sa spéir

Clamhán sa spéir

 

Tá clamháin le feiceáil gach aon áit de bharr na dea-aimsire. Chonaic mé péire ar an teorainn idir Aontroim agus Ard Mhacha; ceann eile faoi Mhaigh Rath i gceantar an Dúin; péire eile faoi chúpla míle de Lios na gCearrbhach in Aontroim. Bhí an bheirt sin i mbun bailé; iad ag damhsa leo; éan amháin ag eitilt deiseal agus agus an t-éan eile tuathal; iad ag bogadh, diaidh ar ndiaidh, in airde; iad beirt ar lorg teasa san aer a d’iompródh chun na gréine iad.

Is draíochtúil an radharc é an clamhán. Sea, ní iolar é. Cad é an seans go bhfeicfinn iolar? Ach is éan mór é agus tugann tú suntas dó.

Cad é mar a aimsíonn siad an teas san aer? Sin an cheist a chuirim orm féin. Cad é mar a thagann siad ar an tsruthán te aeir a thógfas go barr na spéire iad?

Ní chuireann siad brú mór orthu féin i mbun eitilte; eitlíonn siad go malltriallach, ar nós cuma liom, fiú.

Mar sin féin, tá rud inteacht sa chroí acu a shantaíonn aer te, a shantaíonn an chuid is uachtaraí den spéir a bhaint amach.

Tig leis an tsaol ar talamh bheith cadránta acu. Chonaic mé éin bheaga agus fiacha ag tabhairt faoin chlamhán go minic. Níl cuideachta na gclamhán uathu; bagairt atá sa chlamhán dóibh. B’fhéidir gurb í sin an chúis go n-imíonn na clamháin chun na bhflaitheas. Ní bheidh éan ar bith eile thuas ansin ach a gcineál féin agus iad ag damhsa leo, deiseal agus tuathal.

Aithníonn clamhán clamhán eile.

póm