Súil siar ar stair na hÉireann ar TG4


Gach bliain bíonn léamh úr le fáil ar stair na tíre ó na cáipéisí stáit a scaoiltear go poiblí faoin Riail 30 bliain.

Beidh suim faoi leith ag an phobal in imeachtaí na bliana 1988 cionn is gur bliain thar a bheith cinniúnach a bhí ann i stair Thuaisceart Éireann.

I Márta na bliana sin, mharaigh an SAS triúr ball den IRA i nGiobráltar rud a chur tús le sraith d’eachtraí fuilteacha a bhain craitheadh as pobal na hÉireann.

Caidreamh rialtais

Meastar go raibh an caidreamh idir rialtas na hÉireann agus na Breataine i 1988 níos measa ná mar a bhí riamh agus beifear ag súil go dtabharfaidh cáipéisí an Stáit spléachadh ar an chur is cúiteamh a bhí eatarthu.

READ MORE

Ar ndóigh bíonn a seacht sáith de scéalta a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag teacht as an ábhar seo.

Is ar na scéalta seo go príomha a bheas an clár teilifíse Siar 30 Bliain ag díriú.

Is í Máire T Ní Mhadaoin a bheas sa chathaoir agus tabharfaidh an tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh a bhreith ar an ábhar nua atá ar fáil anois.

Beidh tuairiscí speisialta sa chlár faoi na scéalta móra a bhí ag dó na geirbe ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus cur síos ar an mhéid a bhí ag tarlú ar chúl téarmaí i ndorchlaí dorcha na státseirbhíse.

Beidh Siar 30 Bliain le feiceáil ar TG4 ag 7.15 p.m. Dé Domhnaigh 30ú agus Dé Luain 31ú Nollaig agus ar Lá Caille.