Séanadh eile

Is fada naoimh imithe as faisean ó tháinig ceilúráin éagsúla ina n-áit

 

Déanadh naomh den Chairdinéal John Henry Newman sa Róimh inné. Tharlódh nach cás le haon duine mórán é sin. Fágann gurb é an cúigiú naomh ag cathair Londain é, ceann amháin níos mó ná a bhfuil de bhuaiteoirí gradam litríochta Nobel Bhaile Átha Cliath é. Fada sinn ag feitheamh le hoiread is naomh amháin ó Bhaile Átha Claith, nó Corcaigh, ní áirím Luimneach. Feitheamh fada ar chosa calctha.

Is fada naoimh imithe as faisean ó tháinig ceilúráin éagsúla ina n-áit. Is túisce eolas anois ar chúrán Christina Aguilera seachas ar chleachtaí spioradálta Iognáid Naofa, ar smaointe Bhonóidh nó Bheckhaim mar gheall ar chor an domhain seachas gaois nó baois Agaistín ná Acuin. Sin mar atá, agus sorry slán leis an oíche aréir.

Chuige sin an socrú stáit agus an socrú ag UCD nach leomhfaí toscaireacht bheag éigin leithscéalach a chur chun na Róimhe chun an ghradaim naoimh ar Newman a aithint. Is ea, d’athraigh siad a n-intinn de bharr alltachta poiblí, ach b’é an socrú bunaidh sin an croí fírinneach ag caint. Ar a laghad, léirigh siad go rabhadar in-náirithe.

Dhá chúis a bhí leis an doicheall bunaidh. Bhain ceann amháin díobh lena chuid Chaitliceachais, agus an ceann eile lena chuid tuairimí oideachais. Ní gean leis na lucha móra ceann ar bith díobh siúd sa lá atá anois inniu faoi láthair ar ala na huaire ann dúinn.

B’fhéidir gurb iad a chuid tuairimí oideachais is folaithe agus is mó a bhfuil eagla ar dhaoine a chur os ard. Ar feadh i bhfad in ollscoileanna na hÉireann ba théacs nach mór beannaithe é ‘The Idea of a University’ inar áitigh sé go líofa gurb oideachas saormhachnamhach oscailte mar mhalairt ar oideachas dírithe ar mhaoin agus ar an tseachtain seo agus an punt sa sparán amháin ba chuspóir don léann. Ar éigean go réiteodh an smaoineamh ait exotaiciúil sin leis na bainisteoirí oideachais arb é a gcuspóir gach rian den fhilíocht, den fhealsúnacht, den scéalaíocht, den smaointeoireacht tuairimíochta a ruagairt agus siúinéireacht shimplí shaonta de mheicníocht sheangánach an duine a chur ina áit.

Cúrsa níos casta é an neamhaitheantas mar naomh. Fiú dá mbeadh an dearg-ghráin agat ar naoimh an domhain (seachas Pádraig, a thugann airgead isteach) ba dhóigh leat ar a laghad go suaithinseofaí seo mar ócáid faoi leith gan feachtas poiblí. Ní hé gach aon lá dorcha go naomhaítear duine as Éirinn, agus gheobhadh an Daily Bladar cúis éigin lena mhaslú ar aon nós. Mar sin féin, ba bhochtaide sinn gan Chiarán agus Bríd agus Fachtna agus Colm Cille agus Autbod agus Disibod agus Mocheomoc.

Is bochtaide na hollscoileanna teagasc Newman. Bheadh sceimhle ar lucht ceannais an oideachais a ainm a dhúiseacht anois, ar eagla na heagla, ar eagla an eolais. B’fhearr, mar sin, gan aon aitheantas a thabhairt dó mar naomh, nó níos measa, mar oideachasóir.

Ceist níos stairiúla meas a mhúscailt ann mar chaitliceach intleachtúil. Tar éis an tsaoil, is amhlaidh go bhfuil slogaithe anois de bharr an choncais mheabhraigh a himríodh orainn nach bhfuil a leithéid de rud agus caitliceach le machnamh ann. Ipso facto agus dá réir sin ba bhreallsún nó saontán nó gamal é Newman, mar dá ligfí le n-ais in aon chor go raibh tóin dá laghad lena chuid tuairimí bhainfí an bonn glan díreach uile go léir de sheasamh faiseanta faisisiúnta na tíre.

Nárbh íoróin go héag é go raibh an Bhanríocht Aontaithe sásta a pretender féin a chur chun na Róimhe mar ómós do Newman, an Bhanríocht Aontaithe féin arb é an frithChaitliceachas a bunreacht agus a raison d’etre agus a creideamh stáit agus go rabhamairne rómheata, róchóilínithe, rómhadrúil-lathaí chun gíocs beag féin a ardú mar mhaithe leis?

Nuair a thréigtear an seanbhuachaill, déantar é le fórsa!