Ringey

Is í an íoróin mhór ná gur fear ciúin mánla ciúinbhriathrach ba ea é ina phearsa lasmuigh den ghort.

Christy Ring: Tá rud éigin neamhbhásmhar mar gheall ar a chuid gaiscí.

Christy Ring: Tá rud éigin neamhbhásmhar mar gheall ar a chuid gaiscí.

 

Tá Christy Ring 100 bliain d’aois ón tseachtain seo caite. Tugtar faoi deara nár scríobh mé an abairt sin sa mhodh coinníollach mar is amhlaidh gur laoch é atá beo fós in intinn na ndaoine a chonaic é. Tá rud éigin neamhbhásmhar mar gheall ar a chuid gaiscí, ar a chuid míorúiltí seachtainiúla, ar an gcáil a thuill sé ina bheatha agus ina dhiaidh i measc lucht tráchtaireachta agus béaloideasa.

Gan aon chuardach a dhéanamh táim eolach ar thrí dhán agus dhá bhailéad a cumadh mar gheall air, agus táim cinnte go bhfuil tuilleadh faru ach an fiosrú cuí a dhéanamh. Ó sea, is fíor gur féidir cúpla uair an chloig pléisiúrtha a chur thart ag cabaireacht sa phlé síoraí timpeall ar cérbh é an t-iománaí ab fhearr riamh agus bheadh beagán éigin gamal agus dúradán nach ngéillfeadh gurbh é Ringey a thógfadh an chraobh, agus an curadh mhír, agus an mhuince óir, agus an sméar mullaigh is airde.

De cheal slata tomhais oibiachtúla, pé iad féin, chaithfí gach saghas figiúr isteach sa phléphota. Ach ní hiad na staitisticí fuara a mheánn anseo, méid na mbonn a gnóthaíodh, líon na gcluichí a bhuaigh, na báirí a cuireadh isteach, óir is mó duine a bhain glóire amach ar ghuaillí daoine eile.

B’é an tinneall a rith tríd an slua nuair a fuair sé an sliotar, an scailéathan a ghabh an gort, an líonrith a tháinig ar fhoireann na namhad. B’in toisc gur thriail sé an ní dochreite aon uair ab fhéidir, agus ba mhinic gur éirigh leis.

Is í an íoróin mhór ná gur fear ciúin mánla ciúinbhriathrach ba ea é ina phearsa lasmuigh den ghort. Lig sé dá chamán an chaint a dhéanamh. Nuair a hiarradh comhairle air, comhairle don imreoir óg, b’é dúirt sé: ‘Love your hurley.’ Féach leat, gur thug sé ‘hurley’ ar an gcamán, seachas an focal timpeallghearrtha ‘hurl’ a chleachtann contaetha gur dícheall dóibh dhá shiolla as a chéile a rá, agus nach n-aithneodh briathar thar ainmfhocal fiú dá mbeadh scolaíocht scairte orthu.

B’í an chomhairle eile uaidh ná: ‘Coinnigh do shúil ar an sliotar fiú má tá sé i bpóca an réiteora.’ Ina choinne sin, mhaígh sé nárbh iad a chuid scileanna iomadúla ba thábhachtaí dó, ach a neart. Dúirt sé go raibh sé níos láidre ná aon duine eile.

Meáchanchlár íseal aige aige murab ionann agus sreangairí stráiciúla, bulc beag fir a thuig cá raibh na cuaillí ar a bhuinní reatha, agus a thuig cad ba chúl ann sular chuaigh siad as faisean ó tháinig an liathróid leadóige de shliotar isteach.

Fág go raibh sé ciúin ann féin ina chuid cainte, thuig sé a mhaitheasaí féin. Nuair a bhí sé ag dul anonn ina aois imeartha bhí cluiche dúshláin éigin á imirt i mball éigin i gCo an Chláir. Bhí Christy ag imirt go maith, ach ag teip air aon chúl a fháil. Is amhlaidh gur stop an cúlbáire gach iarracht dá fheabhas iad. Agus iad ag fágaint na páirce ag leath-ama, chuaigh sé suas chun an chúlbáire agus d’fhiafraigh de: ‘Cén fáth a bhfuil gach poc dem chuidse á stop agat? Tháinig an slua anseo chun mise a fheiscint, agus ní tusa!’

Tá dealbh álainn de i gCluain ó lámh Yann Goulet, agus gan ceann ar bith den fhealsamh agus den Easpag Berkeley a chaith nach mór fiche bliain sa tsráid ann. Deirtear go mbíonn an dealbh sin ag bogadh aon uair a bhuann Corcaigh Craobh na hÉireann. Ainmníodh droichead trasna na Laoi agus Páirc Uí Rinn as, agus tá lucht grinn adeir gurb ina onóir atá an Ring Road timpeall na cathrach chomh maith.

Maireann an camán sa chroí, ach ní mhaireann an lámh a luasc.