Rialtas na hÉireann mí-shásta faoi chinneadh ar mhaoiniú Ghlór na nGael

Cuireadh in iúl do Rialtas na Breataine gur cheart athmhachnamh a dhéanamh

FOCLÓIR: cinneadh - decision, forálacha - provisions (of an Act) , comhad - file, rúnda - secret, neamhbhalbh - blunt, naíolann - nursery, ásc - instance, Rúnaíocht - secretariat, urlabhraí - spokesperson.

Mhaígh Rialtas na hÉireann gur sháraigh cinneadh a glacadh 30 bliain ó shin deireadh a chur le maoiniú Ghlór na nGael i mBéal Feirste forálacha an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh. Tá sé le léamh i gcomhaid rúnda stáit atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta gur chuir Aire Gnóthaí Eachtracha an ama, Gerard Collins, in iúl go neamhbhalbh do Rialtas na Breataine nach raibh an eagraíocht i seilbh an IRA agus gur cheart athmhachnamh a dhéanamh ar an chinneadh.

Ar an 23 Lúnasa 1990, fuair Glór na nGael i mBéal Feirste scéala ó Oifig Thuaisceart Éireann nach leanfaí á mhaoiniú. Bhí an eagraíocht ag fáil £80,000 sa bhliain agus chaith siad an t-airgead chun seachtar múinteoir a fhostú i naíolanna ar fud na cathrach. Tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar Ghlór na nGael agus ní mó ná sásta a bhí siad leis an litir bhorb a fuair siad ina leith. Dúradh leo gur bhain an cinneadh le foláireamh a thug Státrúnaí an Tuaiscirt, Douglas Hurd, d'eagraíochtaí pobail cúig bliana roimhe sin. Dúirt Hurd i Meitheamh 1985 nach mbronnfaí deontais feasta ar ghrúpaí a raibh ceangal láidir acu le heagraíochtaí paraimíleatacha.

Le linn cruinniú den Rúnaíocht Angla-Éireannaigh ar an 24 Lúnasa 1990, mhínigh státseirbhísigh ón Tuaisceart dá gcomhghleacaithe sa deisceart gur ghlac siad an cinneadh deireadh a chur leis an mhaoiniú tar éis dóibh dianmhachnamh agus dianscrúdú a dhéanamh agus gur measadh go raibh ‘ceangal díreach agus indíreach’ ag craobh iarthar Bhéal Feirste le heagraíochtaí paraimíleatacha. Chuir taobh na hÉireann den Rúnaíocht in iúl go raibh láimhseáil thuatach na Breataine ar an cheist ‘entirely unsatisfactory’. Cé gur sheas státseirbhísigh an Tuaiscirt an fód, dhiúltaigh siad aon soiléiriú a thabhairt faoin fhaisnéis ar ar bunaíodh an cinneadh.

READ MORE

I dtreoir eolais a cuireadh i dtoll a chéile don Aire Collins ar an ábhar, tugadh leid gur dócha gur feidhmeannaigh shóisireacha de chuid Oifig Thuaisceart Éireann a ghlac 'an ill-considered decision which is now regretted'.

Tharraing an chonspóid go leor poiblíochta ag an am. Cháin eagraíochtaí pobail, mar aon leis an SDLP agus ceannaire Fhine Gael, Alan Dukes, an cinneadh.

Léiríonn cáipéis rúnda de chuid an Roinn Gnóthaí Eachtracha ón tréimhse go raibh Rialtas na hÉireann thar a bheith míshásta faoin chinneadh ar trí chúis. Chuir Comhrúnaí an Rúnaíocht Angla-Éireannaigh, Declan O’Donovan, na cúiseanna seo faoi bhráid státseirbhísigh na Breataine ar an 30 Lúnasa 1990. Ar an chéad dul síos, bhraith Rialtas na hÉireann nach ndeachaigh Rialtas na Breataine i gcomhairle leo sular glacadh an cinneadh, rud a sháraigh forálacha an Chomhaontú Angla-Éireannaigh: ‘The Agreement specifically provided for consideration of matters concerning the identities and cultural heritage of both traditions.’ Chuir sé in iúl don Rúnaíocht go raibh Rialtas na hÉireann buartha go mbainfeadh grúpaí paraimíleatacha leas as ceisteanna teanga chun an Comhaontú a lagú i gceantair náisiúnacha.

Ar an darna ásc, d’iarr taobh na hÉireann den Rúnaíocht go dtabharfaí míniú cruinn dóibh faoin fhaisnéis a ba chúis leis an chinneadh an deontas a tharraingt siar. Ó tharla nach raibh tuairimí láidre polaitiúla ag comhordaitheoir na craoibhe ná ag a chomharba, mheas Rialtas na hÉireann gur beag seans go gcuirfí an t-airgead maoinithe i dtreo an IRA. Cé gur dócha gur thacaigh baill den choiste stiúrtha le Sinn Féin, thug Rialtas na hÉireann le fios gur éirigh an té ab aitheanta daofa siúd - an Comhairleoir Cathrach Máirtín Ó Muilleoir - as dornán míonna roimhe sin.

Ar deireadh tugadh le fios don Rúnaíocht nach mbeadh sé réasúnta go gcuirfí cosc ar bhaill de Shinn Féin páirt a ghlacadh i gcoistí pobail den chineál sin: 'By appearing to punish an association because it had a Sinn Féin element, the British Government ran the strong risk of being seen to be anti-language and anti-local community efforts in West Belfast. '

Chuaigh rudaí in olcas nuair a tharraing Aire Oideachais an Tuaiscirt, an Dr Brian Mawhinney, siar cuireadh chun lóin a tugadh d'Aire Oideachais an deiscirt. Bhí Mary O'Rourke ar a bealach go Béal Feirste nuair a tugadh an scéala di gan choinne. Mar a tharlaíonn sé, cháin an tAire O'Rourke cinneadh Rialtas na Breataine i dtaca le Glór na nGael tamall gairid roimhe sin. Ba léir go raibh státseirbhísigh an deiscirt maslaithe ag iompar an Aire Mawhinney.

Chuir Declan O'Donovan a bhuairt faoin eachtra in iúl do Leas-Chomhrúnaí na Breataine, an tUasal M Dodds. D'aontaigh seisean gur 'deliberate discourtesy' ab ea cinneadh Mawhinney agus gur minic go raibh a chuid iompair 'brutal and dictatorial'. Dúirt sé gur mheas Mawhinney gur urlabhraí ab ea é do chosmhuintir na nAontachtach mar gur rugadh agus tógadh é i sráid a bhí gar do Bhóthar Mhaigh Luain. 'My British colleague drily observed that "there are no streets off the Malone Road, only Parks and Avenues,"' a scríobh Declan O'Donovan.

Tháinig an chonspóid go cnámh na huillinne le linn Chomhdháil Idir-Rialtasach i mBaile Átha Cliath ar an 12 Meán Fómhair. Léirigh an tAire Gerard Collins imní an Rialtais faoin chinneadh agus gur cuireadh i leith Ghlór na nGael i mBéal Feirste go raibh siad ag tacú le sceimhlitheoirí. Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Brooke, go raibh a leithéid de pholasaí i bhfeidhm lena chinntiú nach rachadh airgead poiblí i lámha grúpaí paraimíleatacha. Ghlac sé leis gur bhraith an eagraíocht gur caitheadh go holc leo agus gheall sé go ndéanfaí athmhachnamh ar an chinneadh.

* Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap.