Reilig na bpáirtithe

Ní éiríonn le páirtithe nua mar ní chreideann muintir na hÉireann in aon rud


Tógtar amach an tsluasaid, ardaítear an spád, an láí féin. Caithfear tóch a dhéanamh arís. Ní foláir an corpán a chur láithreach go fiú is mura bhfuil ar éigean ina bheatha.

Tá páirtí nua polaitíochta le cur láithreach i reilig na polaitíochta. Páirtí arb í a mhian go seolfaí amach as an Aontas Eorpach sinn. Irexit Freedom atá air, mar is gairid go mbeidh cré na cille ina thaiséadach air ar nós na gcéadta eile.

Ní hé nach bhfuil cás láidir acu in aghaidh an Aontais/Chómhargaidh agus mar sin de. Ach an oiread agus leagan amach polaitiúil eile, tá an uile rud ag crochadh ar cad é is tábhachtaí duit. Míle rud maith atá déanta ag an Aontas/Cómhargadh, ach is eagal le daoine eile go raghfar thar fóir, agus go bhfuil faillí déanta i gcearta nach n-aithnítear fós.

Dar le duine amháin atá ina bhunaitheoir den chorpán nua, is í an chontúirt is mó ná go slogfar isteach in Arm Eorpach sinn. Sin é an chúis ball díreach a bhfuilim féin patuar, agus go minic naimhdeach don Eorpachas céanna.

READ MORE

Mo thuairim féin gurb an-bhaol é seo, mar níl aon pháirtí in Éirinn atá sásta seasamh in airde agus a rá go neamhbhalbh nach mbeimid, gan cheist gan agús, gan húm ná ha, gan siar ná aniar, páirteach in aon socrú míleata a dhéanfaidh ionsaí ar thíortha eile.

Sa mhéid sin, tá pointe an-láidir ag Ray Kinsella, an duine is mó a bhfuil an cás seo aige. Ráineodh go músclódh an méid adeir sé cuid de na páirtithe atá ina suan, agus tharlódh go ndéarfaidís lom amach cén seasamh nó cén cromadh íseal atá acu maidir le ballraíocht in NATO, nó in aon taibhse de a bhfuil ainmneacha neamhurchóideacha orthu.

Tá FG go láidir ar son clasú le NATO; déanfaidh giollaí uiscealacha gan chadairne FF pé rud adeir a máistrí in FG leo; is cuma nó bánghlóthach iad an Luch Oibre; agus lúitéisfidh Sinn Féin chomh híseal agus is gátar d’fhonn a bheith measúil dóibh siúd nach bhfuil meas ar bith acu orthu.

Is róbhaol, áfach, gur fearann gan phrionsabail soir siar atá in Éirinn. Pé gaoth atá ag séideadh chugainn, is binn linn é. Más gá deireadh a chur le neodracht na hÉireann ar son a bheith nua-aimsireach, bhuel, cuirtear deireadh leis. Más é is riachtanaí a bheith inár stát de chuid na Stát Aontaithe, bhuel, cén fáth nach?

Dá n-iarrfaí orainn an Bhanríocht Aontaithe a athchruthú, cad ina thaobh nach dtiocfaimis léi ar son comhbhráithreachais, comhdhrifiúrachais, chomh seo agus siúdachais, go háirithe ar son maitiúireachais?

Dá mhéid é mo mheas ar an gCinsealach atá ag seasamh an fhóid in aghaidh saighdiúirí na hÉireann ag dul amach chun daoine lasmuigh den dlí a mharú, is róbhaol go dtitfidh an páirtí seo isteach i reilig mhór na bpáirtithe nár chuir cos ar an tairseach riamh. Fág gach cás faoi leith as an áireamh, is liosta gan chrích an fáth nach n-éireoidh leis.

Gairmtear cuid acu chugainn: An Páirtí Daonlathach (úthú!), Rénua (teideal cliste), an Páirtí Cumannach (fós ann, cá bhfios?), New Agenda (sean anois), na Glasairí, Páirtí Neamhspleáchais Liatroma, Páirtí an Allais, Muintir na Muice, Shower na Braiche, Na Saonfhlathaigh Dhothíosacha, Leaca an Tí Mhóir, Funny Ghoul, Páirtí Hy Brasail, An Páirtí ar son Athbunú Liombó, Na Daoine Deasa, Mud Féin, Páirtí Tríú Rúin Fatima, Buíon na Bruíne,Na Míleannaigh Leochaileacha…

Sin é an fáth a bhfuil gátar ar shluasaid.