Ré nua don Ghaeilge sa státchóras?

Tá laigí móra fós le brath agus is léir gur gá an reachtaíocht a láidriú

Tá beagnach 20 bliain thart ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i dtosach.

Tá beagnach 20 bliain thart ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i dtosach.

 

FOCLÓIR: Díospóireacht - debate, laigí - weaknesses, comhuaineach - simultaneous, síogadh - struck out, lárnach - central, buan-ordú - standing order, Bunreacht - Constitution, táinrith - stampede, mugadh magadh - farce. muirear - charge.

Leanfar le céim an choiste den Bhille Teanga sa Dáil an tseachtain seo nuair a reáchtálfar an díospóireacht is déanaí ar na leasuithe ar an mBille atá molta ag Teachtaí Dála chun cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú.

Theip ar an Rialtas an Bille tábhachtach seo a achtú roimh dheireadh na bliana seo caite cé gur gealladh é sa Chlár Rialtais. Ach seo mí Feabhra anois agus níltear ach ag súil go n-achtófar an reachtaíocht gan mhoill.

Agus tá an-chuid fós le déanamh. Tá laigí móra fós ann. Is léir gur gá an reachtaíocht a láidriú má táthar chun glacadh leis mar bhun phrionsabal sa státchóras go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh na tíre seo seirbhísí a éilimh agus a fháil trí Ghaeilge.

Ina óráid a chuir tús le céim an choiste, d’admhaigh an tAire Stáit Jack Chambers go raibh laigí sa Bhille atá tugtha faoi deara agus aitheanta ag an Rialtas. Dúirt sé go raibh sé i gceist a gcuid leasuithe féin a mholadh chun go láidreofaí é.

Idir leasuithe an Rialtais agus leasuithe na dTeachtaí Dála moladh breis agus 300 athrú chun dul i ngleic leis na laigí sin.

Ach, den 308 leasú a cláraíodh roimh an díospóireacht sa Dáil, díchcheadaíodh breis agus 90 go nuige seo. Is ar bhonn costais don chuid is mó a dhícheadaigh Oifig na mBillí iad. Cé go bhfui beagnach 60 leasúchán pléite ag na teachtaí i gcéim an choiste sa Dáil go dtí seo, níor ghlac an Rialtas le hoiread agus ceann amháin acu.

I measc na leasuithe a dícheadaíodh bhí ceann leis an Teachta Dála Catherine Connolly inar éiligh sí go gcuirfí seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht i nGaeilge faoi dheireadh na bliana 2025.

Diúltaíodh freisin glacadh le leasú a bhain le seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil i dTithe an Oireachtais dá gcuid comhaltaí chun a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon.

Ceann eile ar diúltaíodh dó ná leasú a mhol go ndéanfaí Billí agus Achtanna Oireachtais a achtú, a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sna teangacha oifigiúla. Síogadh na leasuithe ar bhonn costais nó ar an mbonn nach raibh baint ar bith acu le forálacha an Bhille.

Ní shílfeá gur éilimh mhí-réasúnta aon cheann acu sin i dtír ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga náisiúnta agus ina chéad teanga oifigiúil, ach níor ligeadh ar aghaidh iad.

Ní mugadh magadh go dtí é!

Oifig na mBillí
Tá ról lárnach ag Oifig na mBillí i bpróiseas reachtaíochta an Oireachtais. Tá sé de dhualgas ag an tseirbhís, atá ina oifig neamhspleách, scrúdú a dhéanamh ar théacs gach Bille nua le cinntiú go gcloíonn sé le Buan-Orduithe, Rialacha an Chathaoirligh agus le nithe eile a bhaineann le hord sa reachtaíocht.

Téann pé leasuithe ar Bhillí a mholtar do Thithe an Oireachtais faoi bhráid Oifig na mBillí ag céim an choiste agus ag céim na tuarascála freisin.

De réir buan-ordú 212 (i leagan 2020 de Bhuan-Orduithe i dTaobh Gnó Phoiblí), ní fhéadfaidh aon chomhalta – nach comhalta den Rialtas nó Aire Stáit é nó í, leasú a thairiscint ar Bhille a bhféadfadh “go mbeadh d’éifeacht leis go gcuirfí nó go méadófaí muirear ar an ioncam”.

Tharraing an tAire Stáit Chambers, a bhí ina Theachta freasúra ag an am, aird ar an úsáid a baineadh as cinntí Oifig na mBillí ar ábhar eile beagnach dhá bhliain ó shin nuair a diúltaíodh ar bhonn costais do phíosa reachtaíochta a chuir sé féin chun cinn.

Dúirt sé ag an am go bhféadfadh an Rialtas “dul i bhfolach laistiar den mbuan-ordú ... chun stop a chur le haon phíosa reachtaíochta nach n-aontaíonn sé leis”.

Ó thaobh na gcinntí a tógadh ar leasuithe don Bhille Teanga an babhta seo, dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, go raibh sé chun scríobh chuig an gCeann Comhairle agus chuig Cléireach Dháil Éireann ag iarraidh míniú ar na fáthanna ar dícheadaíodh nó ar rialaíodh as ord iad .

Bunreacht
De réir Bunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Cé go ndeirtear go bhfuil sé de chead ag saoránaigh a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát tríd an phríomhtheanga oifigiúil, ní mar sin atá.

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill leis an gcolúnaí seo dhá bhliain ó shin, bíonn “constaicí agus deacrachtaí” móra i gcónaí ag daoine agus iad ag iarraidh seirbhísí sásúla a fháil trí Ghaeilge ón Stát.

Tá na constaicí seo le brath gach lá ag saoránaigh na tíre. Ní gá ach iarracht a dhéanamh clárú trí Ghaeilge leis an iliomad comhlachtaí stáit le tuiscint a fháil ar an staid. Is minic nach n-aithnítear ainm nó seoladh an tsaoránaigh. Cén meas atá ag an Stát ar fhéiniúlacht an duine?

Tá deis anois ann, maidir leis an mBille Teanga seo, cás na teanga a fheabhsú le leasuithe ar chóras nár tháinig chuige féin riamh ó íslíodh stádas na Gaeilge sna 1970dí.

Nuair a bhí stádas na Gaeilge san státseirbhís á chur ar leataobh ar fad ag rialtas Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i 1974-75 gealladh go mbeadh táinrith i dtreo na Gaeilge imeasc státseirbhíseach dá bharr!

Aiséirí agus athbheochan agus ré nua a bhí i ndán don Ghaeilge sa státchóras!

Bord Snip
Tá an toradh againn anois. Tá sé ró-chostasach bun stádas bunreachta na Gaeilge a fhíorú. Ar ndóigh níl sé an-fhada ó shin ó nochtaíodh meon an chórais ar stádas bunreachta na teanga.

Géarchéim airgeadais a spreag iarrachtaí an Bord Snip i 2008. Ach, thapaigh treoraithe na státseirbhíse an deis le moltaí a dhéanamh a bhainfeadh na boinn ar fad den Ghaeilge - ní amháin sa státseirbhís ach sa tír i gcoitinne.

Moladh go gcuirfí deireadh leis an Roinn Ghaeltachta agus go dtabharfaí Údarás na Gaeltachta isteach faoi Enterprise Ireland.

Dá gcuirfí moltaí an Bord Snip i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta i bhfeidhm go hiomlán, bheadh an Ghaeilge thíos leis go mór.

Léiriú lom a bhí ansin ar laigeacht agus leochaileacht na teanga sa státchóras.

Cé go bhfuil sé de dhualgas ag Oifig na mBillí leasuithe a cheadú nó a dhícheadú de réir na rialacha atá leagtha amach dóibh, tá sé de chead ag comhalta den Rialtas nó ag Aire Stáit na leasuithe céanna sin a cheadú.

Tá deis anois ag an Aire Stáit Chambers an t-aincheart a chur ina cheart.

Ní féidir na maidí a ligean le sruth.