Post deireanach na Nollag

Bhí áthas ar leith orm go mbeinnse ag obair lenár bhfear poist áitiúil

FOCLÓIR: scrúdú máithreánach - matriculation exam, mic léinn - students, turcaithe - turkeys, tuilleamh - earn, bolgam - mouthful, camchuairt - tour, crua - difficult, miongháire - smirk, muc ar gach mala - frown, nathaíocht - banter.

Bhí m’athair, nach maireann, ina fhear an phoist ar feadh blianta fada sula ndearna sé an scrúdú máithreánach chun dul isteach sa Státseirbhís. B’aoibhinn linn mar pháistí na scéalta a d’insíodh sé dúinn mar gheall ar a tharla dó agus é i mbun oibre: mar ar thug sé dúshlán madraí fíochmhara, mar a ndeachaigh sé in airde staighrí na dtionóntán chun seolaithe a aimsiú agus a leithéid eile.

Bhí na scéalta a d’insíodh sé mar gheall ar an oifig shórtála um Nollaig ní ba shuimiúla fós: rinne sé cur síos ar thurcaithe ag titim amach as bearta Nollag agus iad á gcaitheamh trasna na hoifige – a muiníl laga neamhbheo ag casadh gan choinne mórthimpeall muineál lucht sórtála, ní áirím cúisíní whoopee á n-úsáid le teann scléipe.

Fuair mé féin taithí ar obair fhear an phoist, blianta ina dhiaidh sin, nuair a fuair mé post sealadach um Nollaig agus mé i mo mhac léinn ealaíon. Bhí airgead réasúnta maith le tuilleamh an tráth sin ag mic léinn bhochta a bhí saor i rith thráth broide na Nollag ó lár Mhí na Nollag go hOíche Nollag féin. Chuireamar isteach ar an obair i Sráid an tSiriam agus, go luath ina dhiaidh sin, fuaireamar litreacha sa phost ag dearbhú go raibh poist shealadacha aimsithe againn.

READ MORE

Bhí áthas ar leith orm go mbeinnse ag obair lenár bhfear poist áitiúil, Maolsheachlainn. Duine thar a bheith spéisiúil ba ea é a bhí tráth ina pharatrúpa le linn Dul i dTír D-Day. Bhí an obair crua go leor agus bhíodh orainn trí nó ceithre cinn de sheachadaí a dhéanamh in aghaidh an lae fad a chuaigh an post i méid um Nollaig.

Bhímis in Oifig Shórtála Shráidbhaile Croimlinne ag a cúig a chlog ar maidin agus muid ag cabhrú le fir an phoist chun na litreacha a shórtáil. Bhí scil ar leith ag teastáil sa ghnó seo, ag sórtáil de réir na seoltaí agus ansin na litreacha a cheangal ina mbeartáin néata sula gcuirtí sna málaí móra canbháis iad. In ainneoin oideachas tríú leibhéil, ba chiotach ar fad a bhímis sa ghnó: ‘Bogaigí libh!’ a screadadh Maolsheachlainn, ‘Socraígí iad seo: ard go híseal sna corruimhreacha agus íseal go hard sna ré-uimhreacha. Cogar, a mhic, an dtagann a cúig roimh a seacht?’ Níl a fhios agam in aon chor céard atá á bhfoghlaim agaibhse san ollscoil sin!’

Ansin théinn amach ar mo chamchuairt ar fud an cheantair inar fhás mé féin aníos. I mBaile Uailcín tugtar ‘the Melodies’ ar na sráideanna de bharr gur ainmníodh iad i ndiaidh amhránaithe agus ceoltóirí cáiliúla: John McCormac Avenue agus Wallace Road, mar shampla. Tráth ar leith domsa ba ea an tráth seo. Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag siúl na sráideanna ciúine roimh éirí na gréine; na réaltaí ag glioscarnach sa spéir, Réalta na Maidine ag lonradh ar fhíor na spéire agus sioc dubh faoi chosa. Bhí na tithe ar lasadh ina gcailéideascóp de shoilse Nollag agus iad ag rince ar na crainn Nollag ag cruthú atmaisféir draíochta.

Faoin am go mbíodh an chéad sheachadadh déanta againn agus an dara ceann tosaithe, bhíodh an lá ag bánú agus, chun a gcearta a thabhairt dóibh, bhíodh ár máithreacha in aice láimhe chun bolgam tae te a thabhairt dúinn agus muid ag gabháil thar bráid ár dtithe.

Tháinig an obair chun deiridh Oíche Nollag agus ba mhór an t-ualach litreacha a bhí le hiompar againn an lá sin. Um thráthnóna bhí lúcháir orainn nuair a thug an stiúrthóir amach na paicéid phá i gclúdaigh dhonna, maraon le hairgead breise don ragobair.

Mise á rá libh go rabhamar uile ar bharr na gaoithe i dteach tábhairne Uí Mhaonaigh i Sráidbhaile Chroimlinne Oíche Nollag: bhí fear an phoist liath ag canadh amhráin mar gheall ar dhornálaí darbh ainm ‘Syllvest,’ a d’fhéadfadh cathlong a chur go tóin poill!

Fad a bhí sé ag canadh bhí sé ag déanamh geáitsí an dornálaí agus gach uile ghártha molta á gcur ag an lucht féachana súgach. Bhíomar uile i bpáirt leis sa churfá ard: ‘He was my brother, Syllvest! What’s he got? A row of 40 medals on his chest, big chest!’

Faoin am gur bhain mé mo theach amach bhí mé caoch go leor agus miongháire amaideach ar mo bhéal. Bhí muc ar gach mala ag mo mháthair: ‘Nach bhfuil breis litreacha le seachadadh agatsa sa mhála sin?’ ‘Ó tá… a Mhaim, rinne mé d..d.. dearmad orthu!’

Scairt mé amach ag gáire go meisciúil. ‘Mo náire thú,’ ar sise ‘Níl tú sa riocht chun na litreacha seo a sheachadadh. Is dócha go mbeidh ar do dheartháir beag Brian, an obair a chríochnú.’ Sin é a tharla: agus mé i mo shuí go spadánta, leath i mo chodladh, d’imigh Brian dílis ar fud an cheantair ag seachadadh na litreacha siúd a bhí fágtha i mo mhála mór agus, gan dabht, fuair sé luach saothair beag óna dheartháir mór as a dhíograis!

Anois, ar na saolta seo, ina fheictear cláracha Nollag idirghníomhacha agus ríomh-chártaí Nollag le traiceanna ceoil, is maith is cuimhin liom an tráth neamh chasta sin nuair a d’oibrigh mic léinn agus fir an phoist as lámha a chéile le dea-ghiúmar agus nathaíocht agus nuair a bhí mé féin go sona sásta as a bheith amuigh roimh bhreacadh an lae ar na sráideanna lonracha seaca.