Peann nó Paidí

Is léir go bhfuil géillte hólas bólas do dhraíocht na teicneolaíochta

’Pé ní mar gheall ar leas nó ar aimhleas na teicneolaíochta ar an oideachas, níl dealramh ar bith le cosc a chur ar leabhair!’

’Pé ní mar gheall ar leas nó ar aimhleas na teicneolaíochta ar an oideachas, níl dealramh ar bith le cosc a chur ar leabhair!’

 

Tá meánscoil Ráth Tó i gContae na Mí tar éis cosc a chur ar leabhair! Anois, gabh amach, bíodh cupán caifé láidir agat, tabhair speach do rud éigin (b’fhearr dó gan a bheith beo) agus léigh arís é. Is ea, tá scoil tar éis stop a chur le leabhair…

D’fhiafraíodh mo sheanmháthair díom i gcónaí agus mé glún-nocht sa bhríste gairid: ‘cén leabhar ina bhfuil tú anois?’ Shamhlaínn seanfhaiseanta mar cheist í, ach thuigeas gur ‘rang’ a bhí á chiallú aici. Thuigfeá uaithi, áfach, gurbh é an leabhar a bhí i gceartlár an oideachais.

Is fíor, faoi bhun díthreabhaigh gur mian leo dul ar imeall an tsaoil faoi chraiceann gabhair, mná neamhrialta a bhfuil móid gheanmnaíochta in aghaidh na meán glactha acu agus buachaillí dána faoi ghlas ag a dtuismitheoirí i gcillín dorcha mar phianós, gur beag duine againn nach bhfuil i dtaobh le ríomhaire de shaghas amháin nó eile. Go deimhin féin féinig féineach tá go leor den eolas laethúil atá againn ag gabháil timpeall in éide de chuid an Oosil Ghoogil.

A mhalairt seo, fág nach ionann go baileach iad, Scoil Bhreandáin Naofa i gCathair Uí Mhóráin i gCiarraí ina bhfuil bac ar fhóin phóca agus ar fhóin chliste féin i measc na ndaltaí agus lántacaíocht na dtuismitheoirí acu.

Is léir go bhfuil géillte hólas bólas do dhraíocht na teicneolaíochta a mhaíonn go bhfuil na freagraí go léir aici sa chéad chás díobh sin; agus go bhfuil níos mó ná fríd an amhrais dulta go smior maidir le maitheasaí na draíochta sa chás eile.

Ní maith liom coisíocht i lár an bhóthair san áiteamh seo, mar is róbhaol gurb ann a leagfar tú, agus ní duine liom leat mé ar aon nós. Ach ráineodh go mbeadh ruainne bheag, smut éigin, canta caol fiú den chiall i gcúinní dorcha den dá thaobh.

Ach sna cúinní dorcha atá, mar pé ní mar gheall ar leas nó ar aimhleas na teicneolaíochta ar an oideachas, níl dealramh ar bith le cosc a chur ar leabhair!

Is beag duine adéarfadh nár chóir úsáid de shaghas éigin ar uair éigin ar shlí éigin a bhaint as an ríomhaire taibléid nó an iPaidí sa tseomra ranga, ach tá blas na hiomarcachta, na hantoisceachta, na fanaiceachta agus na baoise amaidí ar dheireadh a chur leis an bhfocal clóite amhail is gur bhain sí leis an aimsir chaite ar nós scríobadh ar leac nó comhartha a tharraingt sa deannach led mhéar.

Is lánaite fós nár tugadh cluas le héisteacht nó faiteadh na súl féin don taighde leanúnach atá á dhéanamh ar fud an domhain. Tuigim go maith go bhfuil taighde agus taighde eile ann, go háirithe san oideachas, áit ina mbréagnaítear gach píosa taighde le píosa taighde eile chomh holc céanna.

Ach tá léirithe ag an OECD, dream a mbítear ag sléachtadh síos dóibh anseo agus ag déanamh comharthaí umhlaíochta dóibh le túis is le cairpéid dhearga, tá léirithe go bhfuil úsáid réasúnta idir eatarthu ann as anois is arís na teicneolaíochta go maith, agus tairbheach fiú. Ach, agus is och mór atá ann, dochar a thagann as ró-úsáid na gcnaipí beaga, agus aimhleas, agus dul ar gcúl foghlama - agus seo thairis tíortha a bhfuil beann mór acu ar an stuif agus cúinsí bochtaineachta agus cúlra san áireamh sa scagadh.

Staidéar dá leithéd chéanna atá déanta ag ollscoileanna Cornell, California agus Princeton i dTír an Trumpa, gan ach tríonóid a lua, agus an toradh céanna acu.

Is é sin le rá, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an scoil atá ag diúltú don leabhar ar an taobh contráilte den stair, tóin ar aghaidh ina meon agus cúlánta ina tuiscint.