Peann agus luaidhe

Is fearr scríobh ar an leathanach ná scríobadh ar an mhéarchlár


An mó bliain atá ann anois ó déanadh iarracht ar an vótáil leictreonach a chur siar orainn?

Cuireadh i leith aon duine againn a bhí ina choinne an t-am sin go rabhamar seanfhaiseanta, as dáta, clochaoiseach, inár gcónaí sa phluais agus réamhdhíleannach. Nach maith mar a bhí!

Tá taispeánta thar amhras anonn ó shin go raibh sé furasta caimiléireacht a dhéanamh leis an vóta leictreonach, agus is beag an dabhta atá ann ná gur tharla sin go minic in áiteanna ina bhfuil sé á chleachtadh. Bhíothas ann sna Stáit Aontaithe a bhrúigh an cnaipe adúirt Fionn Mac Cúthail agus tháinig Cú Chul Chlann aníos. B’í an teist ná dá gceapfaí go bhféadfadh an córas polaitíochta an scéal a chamadh ar a shon féin, an dóigh leat go ndéanfaí é? De réir an tsuirbhé atá go díreach feicthe agam im chloigeann féin dúirt cách gur shíl siad go ndéanfadh.

Is é eagla atá ar dhaoine a admháil go bhfuil nithe áirithe gur deacair feabhas a chur orthu. Is beag bealach nua atá ann le páistí a thógáil. Tá síceolaithe ann adeir go bhfuil, ach tá toradh a gcuid oibre le feiceáil sna príosúin nó sna bainc de réir na haicme lena mbaineann siad.

READ MORE

Is é a amhlachas céanna ag an oideachas é. An saghas teagaisc a dhéanann an t-oide sa scoil phoiblí is boichte san Afganastáin is lag lúbach an fhianaise nach ionann é agus an modh oibre atá ag an múinteoir sa scoil phríobháideach is saibhre in California.

Cuirtear ceisteanna, éilítear freagra, pléitear an t-ábhar, éistear lena chéile, meastar a bhfuil ar eolas, gabhtar ar aghaidh, téitear siar agus fanann beagán éigin sa cheann.

É seo go léir in ainneoin an fheachtais leanúnaigh ag sáirsingiú orainn go bhfágann easpa ríomhaire an dalta faoi mhórbhacaí, gur sa táibléad atá foinse gach feasa feasta, gurb é an cnaipe an séú céadfa féin.

Is chuige sin a thug sé pléisiúr thar meon dom agus dá lán eile dem shórt gur léirigh an scrúdú is déanaí a dhein Pisa (Programme for International Student Assessment) nach íocshláinte ar bith í an teicneolaíocht foghlama, agus go ráineodh gurb é a mhalairt atá ann.

Is ea, leis, tá’s agam go maith é: ar son gach tuarascála dá cineál tá tuarascáil eile amuigh ansin a bhréagnaíonn é. Ina choinne sin, tá dintiúirí ag Pisa, agus níl siad ag iarraidh aon bhó a chur thar abhainn (mo leithscéal, aon roicéad a chur go dtína bplainéad féin).

Tuarascáil mhion de bhreis ar 200 leathanach atá ann ar chaighdeán tuisceana na ndeicheanna mílte de dhaltaí as trí scór éigin tír ar an tionchar a bhí ag an teicneolaíocht ar a gcuid foghlama. Thiocfadh nach bhfuil ann ach bladar agus raiméis, ach thiocfadh bun a bheith leis.

Is ait mar a ghlacaimid le tuairim na saineolaithe nuair a théimid chun an fhiaclóra nó an mheicneora ghluaisteáin féin; ach go dtagann an droichead tógála anuas de phlimp nuair is ábhar eile ar fad atá i gceist.

D’fhocal gearra, is é adeir siad ná go bhfuil beagán úsáide ríomhaireachta sa tseomra ranga réasúnta maith, go bhfuil níos mó ná sin amhrasach gan cheist, agus go bhfuil an iomad go dona thar fóir.

Ní hé sin an toradh atá ag teastáil ó na comhluchtaí ríomhaireachta ná na simpleoirí oideachais a cheapann go bhfuil cóngar breá réidh ann chun an eolais.

Agus ansin tá na staidéir eile ann a chruthaíonn gur fearr an chuimhne nuair a scríobhtar le peann luaidhe de láimh, gur fearr fós an cleite, ach gurb í an mhéar sa deannach a bheireann an chraobh léi thar chách.