Osaka gan Freagra

Tá stábla an spóirt lán chomh sothuartha le ráiteas Dála

Naomi Osaka. Grianghraf: The New York Times

Naomi Osaka. Grianghraf: The New York Times

 

Is mó sin duine a bhfuil scil iontach thar na bearta aige i ngné amháin den saol agus ar luch sceimhlithe é i ngné eile fós. Tá cara liom ar aindiagaí cruthanta é siar amach, ach tá eagla air scáth fearthainne a oscailt sa teach. Aithne agam ar dhuine eile a bhí chomh lách chomh mánla chomh caoinbhéasach le naomh ina bheatha ghnáith, ach nuair a bhí sé ar pháirc na peile ba ghealt cúchulainniúil é nach ndrannfadh fomhórach ar bith leis.

Is ait an boc an bheatha, agus an té a chuirfeadh damhán alla sceimhle na cruinne air gach seans go rachadh isteach sa tine d’fhonn duine a thabhairt slán.

Is mar sin a rith Naomi Osaka liom, sárimreoir leadóige, uimhir a haon ar domhan agus ceithre cinn de shlammacha móra bainte aici; taithí fhairsing in ainneoin a hóige ar a bheith ag imirt i gcoinne scoth an tsaoil agus na milliúin ag stánadh uirthi sa bhaile ar a mboscaí beaga féin, agus ansin eagla a craicinn uirthi seasamh agus gan stíl freastail ná eitleoige ar bith aici in aghaidh na n-iriseoirí a bhíonn ag raideadh ceisteanna léi. Ní mar sin a bheadh sí dá mba gur Serena Williams a bheadh ag bualadh liathróide chuici.

Is suimiúla fós nach imreoir leamh í, ach cumhachtach, láidir, fuinniúil, tiomáint fúithi, ardsciliúil, súilghéar, amaschruinn, an t-iomlán dearg. Ní haon Greg Rosedski í, ná Pete Sampras: búm, bong, búm, bong, búm, bong, búm, bong, búm, bong, bualadh bas ciúin. Agus arís. Agus arís. Agus, ó, sea, arís ar feadh uaireanta fada tuirsiúla an chloig.

Agus ní duine í nach bhfuil paisean aici ar son cearta an duine. Chaith sí mascanna cosanta chóivid a raibh ainmneacha éagsúla daoine gorma ar mharaigh na póilíní iad scríte orthu, agus bhí i láthair ag cruinnithe feachtais i gcoinne dúnmharú George Floyd. Ní déarfá go raibh aon chúthaile uirthi a cuid tuairimí a chur os ard.

Bíodh sin mar atá, níor leomhaigh sí aghaidh a thabhairt ar an bpreas. Cé déarfadh nach raibh an ceart aici?

Formhór mór na n-agallamh a dhéantar le laochra nó le bainisteoirí spóirt bíonn siad chomh leamh le polaiteoir a bhfuil a fhios agat cad déarfaidh sé ar aon nós. Brúigh an cnaipe. Tagann an freagra réamhdhéanta amach. Tá stábla an spóirt lán chomh sothuartha le ráiteas Dála.

Ní hé gach aon ghaiscíoch spóirt atá chomh lán d’fhearg le Roy Keane, mar shampla, nó chomh fealsúnta le hEric Cantona, ‘nuair a leanann na faoileáin na trálaeirí is amhlaidh go sílid go ndéanfar sairdíní a chaitheamh chun farraige.’ Tá cúpla Ph.D. déanta ar an ráiteas sin cheana in Ollscoil Mhuiceanach idir Dhá Sháile.

Agus is dearfaí fós nach bhfuil Naomi chomh líofa le Páidí Ó Sé a mhaígh gan aon teanga ina phluca aige gurb ainmhithe le ceart iad lucht leanúna Chiarraí, ráiteas nár déanadh aon staidéar ollscoile air toisc é a bheith chomh soiléir sin.

Ina choinne sin, áfach, d’oirfeadh go mór do Naomí tamall a chaitheamh i measc na n-ainmhithe céanna, mar is iad atá cliste, agus gaoismhear, agus lánoilte le freagra gasta gan bhrí a scaoileadh uathu. Freagraí a d’fhágfadh preas an domhain balbh ina láthair.

‘Naomi, an bhfuil tú sásta leis an mbua sin?’ ‘B’fhéidir go bhfuil.’

‘Ar shíl tú go raibh an cluiche ag imeacht uait uair ar bith?’ ‘N’fheadar’.

‘Nach ndéarfá go raibh an t-ádh leat le preab na liathróide úd?’ ‘Ní bheadh a fhios agat.’

‘Cén seans atá agat an tOpen a bhuachan?’ ‘Cá bhfios?’

‘An mbeir fós id uimhir a haon ina dhiaidh seo?’ ‘Tá ráite’.

Is gairid ina dhiaidh sin go stopfaí ar cheisteanna a chur uirthi. Líofacht bhalbh Chiarraí ina leigheas ar a cás.