Oíche go maidin

I gcás na Stát Aontaithe gluaiseann an toradh siar ar nós dul faoi na gréine.

Beidh geilt ar mo nós féin inár suí go moiche na maidne amárach ag faire ar na guthanna a caitheadh sna Stáit ar son an Trumpa, nó mar mhalairt, ar son Seosamh Suain. Cé go mbaineann linn go himeallach dhealrófá air gur mhó agus gurbh fhaide an anáil a bheidh ag toradh thoghchán na Stát thall thairis uainn ar a ndálaí féin, agus ar bhochtáin gan áireamh ar fud an domhain seachas orainne. Sa chás is nach mbaineann linne - ach amháin le daoine áirithe ar an Dún Beag - táimid teidealach amharc air mar chluiche spóirt.

Ní haon mhaith ligean orainn nach mar sin dúinn é. Ní mar sin do dhaoine eile é, gan amhras, ach chun na fírinne a rá, ba bheag an difear a bhain le buamaí daonlathacha seachas le buamaí poblachtánacha ag titim go fras ón spéir ar dhaoine a bhí ag bainis nó ag siúl na slí i dtíortha sin na ngaineamhlach agus iad á spraeáil go sprúilleach ina bpíosaí beaga san aer.

Bhí an-mheas againn ar an mBeairic Ó Buama - ar cruinn an sloinne é - meas chomh hard sin gur bhaisteamar garáiste as i Muine na nGall. Agus d’osclaíomar ár gcroí don Chliontúnach in ainneoin na Somáile agus na déine breise ar Chúba. Dháileamar piontaí ar Ronald Reagan i mbaile na bprátaí beaga cé go bhfacamar a ghramhas ar an stuif dhubh.

Is é sin le rá, gur braistint a bhíonn ann dúinn in aon cheann de na toghcháin seo nach mbaineann go slánchruinn linn, agus braistint a bheidh ann le giolcadh an ghealbhain amárach.

READ MORE

Ní deireadh an tsaoil a bheidh ann má thoghtar Dónal Iain an Trumpa arís, agus ní chneasófar goimh an domhain ná na Stát féin má chodlaíonn Seosamh Suain i leaba an Tí Bháin.

Sa chás áirithe seo, is é an cluiche is mó a mheánn. Tá an imirt nach mór thart, ach sinn ag feitheamh leis na nóiméid dheireanacha. Nó, is cosúla fós é le babhta dornálaíochta. Tá na buillí buailte nó imithe amú, tá na breithiúna ag comhaireamh a gcuid vótaí agus tá an réiteoir ag feitheamh leo. Tá sé istigh i gcró na vótála agus na teilifíse agus na meán agus blúiríocha páipéir á síneadh leis. É á n-amharc, á ngrinneadh, á meas is nach mór réidh ullamh leis an toradh a thabhairt dúinn. Agus nochtfar an toradh i ndiaidh ar diaidh.

Is mar sin atá againne leis an gcóras ionadaíochta cionmhaire. Cuireann daoine laethanta i leataoibh d’fhonn féachaint ar an gcluiche nathracha agus dréimirí ina mbíonn ábhair theachtaí dála á bhféachaint le chéile, cuid acu ag dul in airde, cuid eile ag sleamhnú síos, agus dreancaidí na vótála ag preabarnach ann is as, nó as is ann. Ní hé a dhála sin don Oileán Mór lastoir seachas don Oileán Beag againne abhus, óir tá córas mós simplí neamhspórtúil ag an oileán eile, agus dá bhfanfá id shuí go meán oíche d’inseodh na pobalbhreitheanna iarvótála an toradh duit laistigh d’fhaiteadh luas an tsolais.

I gcás na Stát Aontaithe gluaiseann an toradh siar ar nós dul faoi na gréine. Toradh ar rotha a bhíonn againn. Ráineodh nach mbeidh an toradh deiridh ar fáil le fáinne geal an lae, ach beidh crot na himeartha againn. B’fhéidir nach nglacfaidh an Trumpa leis an toradh mar atá tuartha aige, sa chás is go mbeidh ar na tancanna gluaiseacht isteach ar fhaiche an Tí Bháin d’fhonn an bhunreachta a chosaint. Cén duine amuigh ansin nach mbainfeadh spraoi as sin?

Mo mholadh féin, rud nach foláir liom: gabh a chodladh luath go leor, cuirtear an t-aláram ar siúl don trí nó don cheathair a chlog ar maidin. Nuair a mhúsclóidh, beidh an t-aicsean ceart ar siúl.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar