Niamh Ní Churnáin ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge

Nótaí: Aighneas neamhrialta ar lean, toscaireacht agus suirbhé

Grúpcheannasaí: D'fhógair RTÉ ar an Aoine go bhfuil Niamh Ní Churnáin ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge.

Is as Corca Dhuibhne di. Thosaigh sí le RTÉ in 2000 agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an Saturday Night Show, Late Late Show agus an Late Late Toy Show. Tagann sí i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire a d’éirigh as anuraidh.

“Is mór an phribhléid agus an onóir dom a bheith ceaptha i mo Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ. Táim ag tnúth go mór le bualadh agus le hoibriú leis na foirne díograiseacha mórthimpeall na tíre - sa Ghaillimh, i gCiarraí i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath,” a dúirt sí.

“Táim ag súil chomh maith le comhpháirtíochtaí nua a bhunú agus treisiú orthu siúd atá bunaithe go dtí seo chun ábhar tarraingteach, fuinniúil, mealltach a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Táim ag súil go mór le tosú.”

READ MORE

Dúirt Niamh O’Connor Leas-Stiúrthóir Ábhair RTÉ: “Tá bunábhar Gaeilge tarraingteach agus ar ardchaighdeán i gcroílár gach a ndéanaimid in RTÉ. De bharr taithí mhór léiriúcháin agus eagarthóireachta a bheith ag Niamh le RTÉ, an tuiscint atá aici ar ár lucht féachana agus éisteachta agus an tsuim atá aici i gcultúr na Gaeilge, níl aon amhras ach gurb í Niamh an duine ceart le dul i mbun na chéad chéime eile d’fhorbairt ábhar Gaeilge ar fud sheirbhísí RTÉ.”

Aighneas neamhrialta: Tá an t-aighneas i nDún Laoghaire faoin Aifreann Gaeilge ina scéal fada ar an anró anois. Tá sé beagnach dhá bhliain ó a d'fhógair an sagart paróiste, an tAthair Paul Kenny, nach gceiliúrfaí an tAifreann Ghaeilge seachtainiúl níos mó.

Chas Pobal an Aifrinn Gaeilge le hionadaí ón gCoiste Tréadach an tseachtain seo caite chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach. Go mí-ámharach níor fhreastal an sagart paróiste ar an gcruinniú, cé go raibh cuireadh aige a bheith ann. Dúradh leis an idirghabhálaí, an tAth Ó Baoill, go bhfuil lucht an Aifrinn Ghaeilge sásta glacadh le am nua don Aifreann a fhad is go gceiliúrfaí as Gaeilge é. Tá an t-idirghabhálaí chun an tairiscint a chur faoi bhráid an sagart paróiste agus tá sé le filleadh le freagra taobh istigh de sheachtain.

Suirbhé: Ainmníodh Gaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus mar thoradh air sin tá gá le plean a chur le chéile chun cur le húsáid na Gaeilge sa chathair. Tá suirbhé nua seolta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun tuairimí an phobail a bhailiú faoin bPlean Teanga atá beartaithe do Chathair na Gaillimhe 2019-2026. Tá an taighde á dhéanamh ar son Chomhairle Chathrach na Gaillimhe agus Ghaillimh le Gaeilge. Beidh an suirbhé ar líne ar oscailt go dtí Dé hAoine, an 12 Aibreán 2019 agus tá sé d'aidhm aige measúnú a dhéanamh ar mhianta agus ar riachtanais an phobail maidir le forbairt na Gaeilge i nGaillimh. Ní thógann sé ach cúpla nóiméad é a líonadh isteach. Is féidir teacht ar an suirbhé anseo: nuigalway.ie/gaeilgebheo/

Toscaireacht: Rachaidh toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas go dtí Gaeltacht Chiarraí ar maidin inniu (Dé Luain an 1ú Aibreán). Beidh cruinniú ag an gCoiste le grúpaí agus daoine áitiúla sa Chomharchumann i mBaile an Fheirtéaraigh agus beidh cúrsaí eacnamaíochta, teanga, cultúir agus oideachais faoi chaibidil. Tá cuireadh tugtha ag an gCoiste do na chomharchumainn, ionaid chúraim leanaí, scoileanna, cumainn CLG agus ionadaithe tofa áitiúla páirt a ghlacadh sa dá chruinniú. Sa chéad chruinniú 9.30-12.00, pléifear Forbairt Eacnamaíochta agus Shóisialta Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. San iarnóin, 3.30-6.00, an Ghaeilge, an Ghaeltacht, Cultúr agus Oideachas ábhar na cainte.