Neamhaird ar riachtanais i scoileanna na Gaeltachta

Ní cur chuige nua é soláthar ar churaclaim idirdhealaithe don Ghaeilge

Foclóir: Moltaí - recommendations; rangú - classification; sainiúil - specific; neamhaird - disregard; creat - framework; idirdhealaithe - differentiated; sonraíochtaí - specifications; athmhúnlú - remould; bonneagar - infrastructure.

Sna moltaí a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM/NCCA) don Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta i mí Feabhra moladh rangú nua a dhéanamh ar scoileanna iar- bhunscoile.

Thabharfaí catagóir “T1” ar na scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus bheadh ar na daltaí sna scoileanna sin, idir ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, curaclam níos dúshlánaí a dhéanamh.

Ní cur chuige nua é soláthar ar churaclaim idirdhealaithe don Ghaeilge: cuireadh creat “T1” agus “T2” (feidhmíonn scoileanna T2 trí Bhéarla) den chineál céanna i bhfeidhm sa tsraith shóisearach i 2017.

READ MORE

Go dtí sin bhí na siollabais Ghaeilge chéanna á leanúint ag gach scoláire sa tsraith shóisearach i ngach iar-bhunscoil sa Stát.

B’fhéidir go bhfuil bunús sainiúil ar rangú a dhéanamh ar scoileanna ach táthar ag cur na ceiste: an dtugann na moltaí nua seo aon aird ar na dúshláin shuntasacha atá roimh scoileanna i limistéir Ghaeltachta?

Dar le múinteoir Gaeltachta amháin ar labhair Tuarascáil léi tá neamhaird déanta ar riachtanais scoileanna Gaeltachta faoin gcreat idirdhealaithe seo ag leibhéal na sraithe sóisearaí.

Deir Máire Ní Choncheanainn, atá ina múinteoir Gaeilge i Scoil Cuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, i gConamara, go bhfuil “díothú” déanta ag sonraíochtaí na sraithe sin ar an teanga labhartha i scoileanna Gaeltachta.

Seachas athmhúnlú a dhéanamh ar an gcúrsa ardteistiméireachta mar atá beartaithe ag an CNCM, deir sí gur cheart an phráinn a aithint anois agus tabhairt faoi athbhreithniú iomlán ar an tsraith shóisearach i dtosach báire.

Baineann na ceisteanna a tharraingíonn sí anuas le cúrsaí labhartha teanga, easpa téacsanna oiriúnacha, caighdeán an chúrsa litríochta, acmhainní agus soláthar múinteoirí oilte.

Tobar
Is minic a thugtar 'Tobar na Gaeilge' ar an Ghaeltacht agus is as a eascraíonn cuid mhór de líofacht agus saibhreas teanga na Gaeilge.

Ach fuarthas réidh leis an scrúdú béil mar chuid de shiollabas na sraithe sóisearaí i 2017 agus socraíodh ina áit go ndéanfaí scileanna béil a mheas sa seomra ranga.

Deir Ní Choncheanainn gur thug an cinneadh sin “neamhaird” ar an teanga agus go gcuireann an siollabas nua cainteoirí dúchais na Gaeltachta faoi mhí-bhuntáiste.

“Níl aon aitheantas á thabhairt don chainteoir Gaeilge nó don chainteoir líofa,” a dúirt sí.

“Tá muid ag spreagadh na ngasúr le Gaeilge a labhairt i ngach uile chúinne agus i ngach uile áit a bhfeiceann muid iad agus ansin níl an córas Stáit ag tabhairt aon aitheantas dóibh.

Ní thugtar “pioc aitheantais” ach an oiread do na daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

“Go háirithe na scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus a bhfuil togha na Gaeilge acu, tá siadsan curtha faoi mhí-bhuntáiste ollmhór anois ag an gcóras stáit agus ag an tsonraíocht reatha sa tsraith shóisearach.

“Tá an gasúr sin ag brath go huile agus go hiomlán ar scríobhaí nó ar dhuine éigin eile le teacht isteach mar thacaíocht dóibh. Níl siad ag úsáid an scil is láidre atá acu, sí sin an teanga labhartha.”

“Tá sé seo náireach. Tá seans ann gur sárú ar chearta teanga an chainteora dúchais atá ann,” a dúirt sí.

Is léiriú eile é rogha na dtéacsanna atá ar chlár litríochta reatha na sraithe sóisearaí ar an aineolas a deir sí atá ann i dtaobh riachtanais scoláirí na Gaeltachta.

“Is dírithe ar chomhthéacsanna eile atá go leor acu,” a dúirt sí.

Is ábhar díomá é nach bhfuil údair mhóra na Gaeilge sna téacsanna “leithéide an Direánaigh, Ó Ríordáin, Liam Ó Flaithearta, Caitlín Maude, Pádraic Ó Conaire agus go leor eile.”

“Is breá leis an dream óg iad mar tuigeann siad iad.”

Molann sí freisin gur cheart téacsleabhar amháin cuimsitheach a fhoilsiú don Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí.

“Níl na téacsanna Gaeilge ann! Agus muid ag caint ar athrú aeráide agus cúrsaí timpeallachta sé an chaoi go bhfuil muidne ag an ngléas fótachóipeála chuile lá ag déanamh na mílte, mílte leathanach.”

“Níl aon chur chuige comhtháite ag an leibhéal náisiúnta.”

Tá ceisteanna aici maidir le soláthar múinteoirí oilte agus forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí mar chuid de chlár forbairt leanúnach scoileanna. Nithe iad seo ar cheart a bheith lárnach i ngach córas oideachais ach dar léi, tá teipthe ar an gcóras.

“Tá an córas briste maidir leis an fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí,” a dúirt sí. Nuair atá forbairt ghairmiúil leanúnach á lorg agamsa agus do mo chuid scoláirí, níl sé ann.”

Athbhreithniú
Dúradh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcuirfí tús leis an obair ar mholtaí don tsraith shinsearach nuair a bheadh na sonraíochtaí sa tsraith shóisearach ag obair go maith sna scoileanna.

Níl scrúdú bliana suite faoi chreat nua na sraithe sóisearaí go dtí seo. Mar sin féin, tá sé i gceist na sonraíochtaí nua a thabhairt isteach don ardteistiméaracht gan athbhreithniú ceart a bheith déanta. Tá spriocdháta ar chomhairliúchán poiblí an churaclaim nua Gaeilge don Ardteist ag druidim linn.

D’fhoilsigh oideachasóirí agus eagrais a bhfuil suim acu i múineadh na Gaeilge plécháipéis dá gcuid féin le déanaí mar fhreagra ar mholtaí an CNCM agus moladh dhá rogha mhalartach don ardteist.

Cé go bhfuil sí ar aonghuth le húdair na plécáipéise gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tsraith shóisearach, ní aontaíonn Ní Choncheanainn gur gá leibhéal nua a chur leis an gcreat reatha san ardteist nó go bhfuil gá le hábhar eile a chruthú as an nua.

“Níl an bonneagar ag scoileanna Gaeltachta le go mbeifear in ann beirt mhúinteoirí a chur ar fáil do dhá leibhéal dhifriúil nó do dhá ábhar dhifriúil.”

Creideann sí freisin go mbeadh baol ann go ndéanfaí simpliú ar an ardleibhéal agus go gcothódh sé sin éilíteachas imeasc na daltaí.

Molann Ní Choncheanainn gur cheart na moltaí faoin ardteistiméaracht “a fhágáil ar leataobh” faoi láthair ionas gur féidir tabhairt faoin tsraith shóisearach i dtosach.

Molann sí fáil réidh le múnla reatha na sraithe sóisearaí agus an bonn, an gnáth agus an t-ardleibhéal a thabhairt ar ais.

“Is gá breathnú ar an tsraith shóisearach agus fáil réidh leis an T1 agus an T2 atá théis scoilt iomlán a chothú imeasc phobal na Gaeilge ar fud na tíre,” a dúirt sí.

Molann sí aitheantas a thabhairt do chumas labhartha na ndaltaí agus an scrúdú béil a thabhairt ar ais (bheadh 30 - 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul dó). Ba cheart go bhforbrófaí “cáipéis cuimsitheach le feoil air” maidir le cúrsa nua a bheadh in oiriúint do scoileanna Gaeltachta agus go gcuirfí na téacsanna cuí ar fáil.

Ach, dar le Ní Choncheanainn, an rud “is tábhachtaí” ná go gcuirfí foireann sa tsiúl a bhfuil “cur amach iomlán acu” ar an oideachas Ghaeltachta agus ar theagasc sa seomra ranga Gaeilge.

“Caithfear aistharraingt a dhéanamh ar mhúinteoirí scoileanna Gaeltachta agus meitheal de mhúintoirí atá oilte, a bhfuil blianta de thaithí acu i scoileanna Gaeltachta, a thabhairt le chéile chun oibriú le feidhmeannaigh An Roinn Oideachais.”

Cé go bhfuil go leor fós le tabhairt faoi maidir le cúrsaí oideachais Ghaeltachta, tá dóchas ag Ní Chonceanainn faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Creidim go bhfuil dhá ghlúin eile fágtha sa teanga sa cheantar a bhfuil mise ann – an ghlúin reatha agus an ghlúin atá ag teacht ina ndiaidh. Creidim é sin. Tá dóchas ann ach is cath leanúnach atá i gceist,” a dúirt sí.

Is féidir aighneacht a chur isteach chuig an CNCM (comhairliuchanT1@ncca.ie) roimh spriocdháta an 30ú lá Samhain.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.