‘Ní raibh ann ach mioncheannairc ar deireadh’

Bhí an Breitheamh ina shuí os a chomhair amach chomh dínitiúil is a d’fhéadfadh

Grianghraf: iStockphoto

Grianghraf: iStockphoto

 

Agus san am sin rug siad ar cheannaire na ceannairce agus tugadh os comhair na cúirte é. Bhí an Breitheamh ina shuí os a chomhair amach chomh dínitiúil is a d’fhéadfadh. Ina aice bhí a Chomhairleoir a choinnigh cogar lena chluas ar eagla go rachadh ar seachrán.

Bhí cóip na sráide istigh chomh maith agus lánchead acu a dtuairimí a nochtadh, agus gan aon leisce orthu sin a dhéanamh. Thosnaigh siad le monabhar míshásta nuair nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh leis an gceistiúchán, ansin seordán níos láidre nuair nach raibh an cás á chur abhaile, agus ansin boirbeáil chun feirge nuair ba léir nach raibh an príosúnach le daoradh.

‘Tá an slua ag éirí callánach,’ arsa an Breitheamh ós íseal lena Chomhairleoir, ‘cad is ceart dom a dhéanamh?’

‘Gabh tamall den bhóthar leo,’ ar seisean, ‘nó beidh éirí amach eile le smachtú agat.’

‘Níl go leor fianaise agam leis an duine seo a dhaoradh thar amhras anonn’, arsa an Breitheamh leis an slua.

‘Níl sin maith go leor,’ arsa guth ó íochtar na ndaoine.

‘Faightear an fhianaise, más gá!’ ó ghuth eile. ‘Tá slite agat lena dhéanamh.’

‘Uiscebhordáil!’

‘Scriú ordóige.’

‘Leictreoidí’

‘Ingne a tharraingt’.

‘Strappado’.

‘Ní bheadh sin maith go leor dó.’

Rinne sé amhlaidh. Agus níos measa. Agus nuair nach bhfuair sé an fhianaise a bhí uaidh bhí sé i bponc.

‘Ná cuireadh sin aon mhairg ort,’ arsa a Chomhairleoir, ‘abair leo go bhfuair tú é. Is tusa an dlí tar éis an tsaoil. Tá cead agat do rogha rud a dhéanamh.’

Is mar sin a daoradh an ceannairceach is mar a sásaíodh an pobal. Níor fhág sin nach raibh siad ag caitheamh seilí leis agus ag magadh faoi agus é á thabhairt tríd na sráideanna chun na croise.

‘Shíl tú éirí amach ar son na mbocht! Cá bhfuil na boicht anois chun fóirithinte ort?’

‘Cothroime do chách? Níl mise ar son go dtabharfainn suas mo chuidse pribhléidí ar son leisceoirí.’

Mar sin féin, buaileadh na tairní isteach go healaíonta. Scil faoi leith ba ea é sin agus ba ghá printíseacht fhada faoina comhair.

Agus bhí beirt bhithiúnach á gcéasadh ar aon chnoc leis, duine acu ar a lámh dheis, agus an duine eile ar a lámh chlé. Baincéir ba ea duine acu nach mbeadh ann in aon chor murach gur ghoid sé ón stát seachas ó na daoine; fear óg a sciob dos cabáiste d’fhonn greim bia a choinneáil lena pháistí ba ea an duine eile.

‘D’fhóir tú ar dhaoine eile,’ arsa an baincéir le teann magaidh, ‘cén fáth nach bhfóireann tú orainne. Ní fheicim aon rian ded arm gioblach ag teacht de dhroim an chnoic.’

Agus an oíche sin nuair a bhí an triúr acu marbh bhí an Breitheamh agus a Chomhairleoir ag ithe suipéir le chéile, thosnaigh amhras ag teacht orthu an raibh an rud ceart déanta.

‘Ní raibh ann ach mioncheannairc ar deireadh,’ arsa an Breitheamh. ‘Dream beag idéalach ag iarraidh an saol a chur ina cheart, dar leo.’

‘Is fíor duit, ach ba mhó an baol a bhí ann ó na daoine measúla. Ba ghá iad sin a cheansú chomh maith. Agus tá sin déanta anois.’

‘Níor ghá gurb é sin deireadh an scéil, áfach.’

‘Cad tá i gceist agat?’

‘Tá’s agam ó bheith ag caint le breithimh eile, agus leis na gobharnóirí máguaird, má chuireann tú ceannairc faoi chois go fíochmhar mar atá déanta againne, agus go háirithe má mharaítear an ceannaire gurb amhlaidh go ngabhann siad i bhfolach agus go bhfilleann siad arís. Aiséirí ó na mairbh, más maith leat.’